Ealaíontóir ildánach iad Tadhg Griffin, nó Sexy Tadhg mar atá aithne orthu ar stáitse. Is pianódóir, scríbhneoir amhrán, amhránaí agus taibheoir pléascach, fuinniúil Sexy Tadhg a dhéanann gach uile ghné den chur i láthair, ó chumadh na n-amhrán go dearadh na gcultacha.
Ainmníodh Sexy Tadhg ag an The Irish Times ar liosta na ‘50 to Watch For’ in 2024 agus bhíodar le feiceáil ar stáitsí móra ar fud na tíre i mbliana, ag ócáidí amhail an Phicnic Leictreach agus ImeallFhéile Bhaile Átha Cliath.
Gaeilgeoir líofa iad a d’fhás aníos i mbaile Cheatharlach áit a ndeachaigh siad go dtí an Ghaelscoil agus chuig Gaelcholáiste Cheatharlach ina dhiaidh sin.
“Is Gaeilgeoir é m’athair, as Ceann Trá ó dhúchas dó in aice leis an Daingean agus fuair mé mo chuid Gaeilge uaidh sin. Ach is ón nGaelscoil agus ón nGaelcholáiste a fuair mé go leor de mo chuid Gaeilge. Is tríd an gceol a d’fhan an Ghaeilge liom, ó bheith ag scríobh amhrán i nGaeilge, ag caint le ceoltóirí eile agus ag déanamh seónna trí Ghaeilge. Murach an ceol, ceapaim go mbeadh go leor de mo chuid Gaeilge caillte agam.”
Thosaigh Sexy Tadhg ag scríobh amhrán nuair a bhí siad sna déaga agus tá siad á scríobh ó shin.
“Thosaigh mé ag scríobh mo chuid amhrán nuair a bhí mé timpeall sé bliana déag d’aois agus thosaigh mé ag scríobh i nGaeilge, actually, mar go raibh an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl i gCeatharlach an bhliain sin agus scríobh mé amhrán le cur isteach ar an gcomórtas d’amhrán nua-chumtha.”
Lean siad orthu ag scríobh amhrán ina dhiaidh sin agus, de réir a chéile, thosaigh siad ag glacadh páirte i bhféilte trí Ghaeilge, leithéidí Féile na Gealaí i Ráth Chairn agus an puball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach. I ndiaidh na scoile tháinig siad go Baile Átha Cliath chun leanúint ar aghaidh leis an staidéar ar an gceol agus an snagcheol in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
“Literally, ceol, ceol, ceol ag fás aníos. Thosaigh mé ag seinm an phianó nuair a bhí mé ceithre nó cúig bliana d’aois, chuir mo mháthair ag ranganna mé. Táim fíorbhuíoch go ndearna sí é sin. Táim buíoch anois. Níl mé ag rá go raibh mé buíoch ag an am mar nach ndearna mé aon chleachtadh riamh ag an tús. Is múinteoir ceoil mé anois só nuair a thagann daltaí isteach gan aon chleachtadh déanta acu bím ag déanamh iontais cad atá ar bun acu! Só is ‘hypocrite’ amach is amach mé!”
Tá cur i láthair pléascach ag Sexy Tadhg ar stáitse, cur i láthair atá lán d’fhuinneamh agus a bhfuil an tsaoirse go smior ann. Ach bíonn cur chuige cúramach tomhaiste i gceist agus an ceol á chruthú.
“Nuair a shroichim an stáitse, de ghnáth táim sásta leis an méid cleachtaidh atá déanta agam. Ní chuirim aon amhrán suas, de ghnáth, gan a lán ceartúcháin agus oibre a bheith déanta agam só faoin am go mbím ar stáitse bím réidh.”
Bhí go leor ‘trial agus error’ i gceist agus ghlac sé am lucht féachana a aimsiú.
“Bhí sé deacair ag an tús mar go mbíodh mé i gcónaí buartha faoin lucht féachana. Go minic beidh daoine ag iarraidh dul amach agus taitneamh a bhaint as an oíche agus ní gá go mbeadh spéis acu d’amhránsa a chloisteáil.
“D’oibrigh sé sin – brú maith a bhí ann ag an tús ionas go raibh orm a chinntiú go mbeadh m’amhráin taitneamhach agus suimiúil don lucht féachana. Tá beagnach dearmad déanta agam anois ar an tslí ar mhothaigh mé ag an tús mar go bhfuil taithí agam anois air.”
Tá Sexy Tadhg ag obair ar amhráin nua faoi láthair a bheidh á n-eisiúint sa mbliain nua agus airíonn siad uaireanta go bhfuil siad ag tosú arís.
“Tar éis an bhliain dheireanach a chaitheamh ag canadh go leor de na hamhráin chéanna, is dóigh go mbeidh mé beagáinín neirbhíseach arís ag cur amhrán nua amach. Bím ag súil leis freisin, beidh sé suimiúil díreach ag féachaint an ndéanann daoine ceangal leis an scéal sna hamhráin nó an mbaineann daoine taitneamh astu. Bíonn lucht féachana an-deas agam de ghnáth agus táim fíorbhuíoch as sin.”
Le ‘Sexy Tadhg’ cuireann Tadhg pearsa láidir fhuinniúil ildaite spleodrach i láthair ar stáitse le hamhrán a phléann le cúrsaí inscne, gnéasacht agus meabhairshláinte i measc ábhar eile. An carachtar atá sa bpearsa sin ar stáitse nó cé acu is gaire don ‘fhíordhuine’, Tadhg nó ’Sexy Tadhg’? Ní ceann nó ceann eile atá ann ach gnéithe éagsúla den duine céanna.
“Ar feadh tamaill bhí mé ag dul tríd an saol mar ‘Sexy Tadhg’ agus ag baint taitneamh as an eispéireas sin mar tá a lán féinmhuiníne ag Sexy Tadhg, tá a lán féinchumais ag Sexy Tadhg agus níl aon bhuairt ar an bpáirt sin de m’aigne. Ach, má tá tú ag iarraidh do shaol iomlán a chaitheamh mar sin, tá laigeachtaí i gceist freisin. Rinne mé dearmad ar feadh tamaill go bhfuil luach difriúil ach ar chomhthábhacht liom féin, díreach ag Tadhg. Díreach a ‘bheith ar an domhan seo’, tá sé sin speisialta agus cumhachtach chomh maith.”
Faigheann Tadhg inspioráid ó gach seánra ceoil, go háirithe ó na réalta ‘pop’ móra agus taibheoirí íocónacha cosúil le David Bowie, Freddie Mercury, Lady Gaga agus Beyoncé.
“Bím ag éisteacht le gach rud timpeall orm, gach uile sheánra ceoil. D’éist mé le David Bowie, Talking Heads, bhí siad mar inspioráid mhór agam. Is aoibhinn liom Beyoncé freisin, tá a fhios agam go gceapann daoine go mbeadh sé sin ‘basic’ ach is cuma liom, tá sí díreach dochreidte, is cuma liom céard a déarfaidh aon duine!”
Is daoine éirimiúla a chum an coincheap den ‘superstar’ dar le Tadhg, daoine iad a bhí in ann íomhá laochra a chruthú as a gceol agus a bhfís ealaíne.
“Déanann daoine dearmad go raibh daoine ar nós David Bowie, Freddie Mercury, Whitney Houston fiú, Madonna, Cher, an-chliste. Na pearsana móra, tá siad chomh cliste sin go raibh siad in ann ceol a cheangail lena bpearsantacht agus siombail agus íocónagrafaíocht a chruthú uaidh sin. Is aoibhinn liom na ‘superstars’ agus an tslí ar sheas siad do rud éigin níos mó ná díreach an gnáthdhuine.”
Thug taibheoirí den chineál sin spreagadh agus misneach do Thadhg agus iad ag fás aníos. Deir siad gur thug na daoine sin dóchas dóibh leanúint ar aghaidh leis an gceol.
“Is dóigh gur thug sé dóchas dom i mo shaol go mbeadh mé in ann rud éigin mar sin a bhaint amach. Bhíodh mise ag canadh ag an Aifreann agus ag seinm an phianó, agus dúirt mé liom féin, má tá Miley Cyrus in ann é sin a dhéanamh, tá mise in ann é a dhéanamh freisin!”
Beidh Sexy Tadhg páirteach imeacht filíochta agus ceoil, CEOLTA, a bheidh ar bun mar chuid d’Fhéile IMRAM, sa Grand Social, Baile Átha Cliath, amárach an 14 Samhain ag 7:30pm. Beidh a gceoldráma ‘Television’ le feiceáil in Amharclann Smock Alley i mí na Nollag
Pat Butler
Tá gach ceart ag Sexy Tadhg go mbá mhaith leis go n-aithneofaí mar ‘sé/sí’ iad. Ach tugaim faoi dheara nach mbaineann Sexy Tadhg leas as an uimhir iolra nuair is ag caint sa chéad phearsa atá siad.
Má tá míniú ar sin nach dtuigim, ba mhaith liom go gcuirfí oideachas orm ina dtaobh sin. Mé i gcónaí oscailte don bhfoghlaim.