T-léine bhán ar €327 agus ‘margaí’ eile!

Cé a d’íocfadh os cionn €12,000 ar fheisteas nuair a bheadh a mhacasamhail ar fáil faoi €250, a fhiafraíonn ár gcomhfhreagraí?

T-léine bhán ar €327 agus ‘margaí’ eile!

T-léine shimplí bhán a chuir ag smaoineamh ar dtús mé. Ní raibh rud ar bith speisialta ag baint léi agus ba dheacair í a aithint ó na céadta t-léine bhán eile atá ar an margadh ach bhí praghas dochreidte i gceist – €327.

Táirge de chuid an dearthóra The Row a bhí ann ach ní aithneofá sin ar bhealach ar bith mura mbeadh deis agat breathnú ar an lipéad beag bídeach a bhí i bhfolach taobh istigh den mhuineál.

Cén fáth a gcaithfeadh duine airgead mór ar earra ar leith mura mbeadh rud éigin speisialta ag baint leis, go háirithe má bhí a mhacasamhail ar fáil ar phinginí beaga?

Ach ní eisceacht ar bith iad na t-léinte seo ar bhreis agus €300 mar go bhfuil iliomad táirgí le feiceáil ar díol a bhfuil malairt leagain ar fáil ar chéatadán beag den phraghas atá orthu. 

An té a cheannódh gach ceann de na cúig tháirge sa bhfeisteas atá roghnaithe agam ó dhearthóirí mór le rá, chaithfidís €12,470 orthu. Ach cheannófá a mhalairt den rogha chéanna ar €249.53, sin 2%, agus ba bheag duine a thabharfadh an difríocht faoi deara ar an bhfeisteas féin!

Bheadh breis agus €12,000 sábháilte agat!

 

Cótaí

Seo cóta olla ar a dtugtar The Mesly Coat ar €7,490 ón gcomhlacht deartha The Row.

Agus a mhacasamhail ó H&M ar €119.00

 

Treabhsair

Maticevski a rinne an treabhsar seo le básta ard agus an praghas ard freisin, €1,070.

€33.78 atá ar an treabhsar seo ó ASOS.

 

Bróga

Cé eile a dhéanfadh dearadh ar na bróga seo ach Jimmy Choo agus praghas €1,195 orthu.

€40.53 atá ar na cinn seo ó New Look.

 

Barréide

€1,325 atá ar an gceann seo, arís ó bhailiúchán The Row.

Ach €20.27 an praghas atá ag ASOS ar a macasamhail.

 

Málaí

Gucci, ar ndóigh, don mhála gualainne seo ar €1,390

Mála veilbhite den chineál céanna ar €35.95 ó Mango.

Fág freagra ar 'T-léine bhán ar €327 agus ‘margaí’ eile!'