Syriza agus Sinn Féin – caidreamh nach ndéanfar dearmad air aimsir an toghcháin

Tá comrádaithe Shinn Féin i mbun rialtais sa Ghréig ó mhí Eanáir. Cad a bhain siad amach a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir d'Éirinn?

Cúpla lá roimh an olltoghchán a bhuaigh Siriza i mí Eanáir, ghlaoigh Gerry Adams ar cheannaire an pháirtí Alexis Tsipras chun tacaíocht Shinn Féin dá pháirtí a chur in iúl dó. Go gairid tar éis fhógairt na dtorthaí, d’eisigh uachtarán Shinn Féin ráiteas inar dúradh:

This result opens up the real prospect of democratic change not just for the people of Greece, but for citizens right across the EU. Sinn Féin has backed Syriza’s call for a European debt conference which is so clearly in Ireland’s interests.

Ní raibh Gerry Adams ina aonar agus é ag cur fáilte roimh bhua Siriza. Bhí súil ag mórán daoine go neartódh bua an pháirtí an cás Éireannach, agus Eorpach, in aghaidh síordhéine agus íocaíocht fiacha as cuimse. Chuir an Príomh-Aire Tsipras teachtaireacht bhráithreachais chuig a chomrádaithe:

Today is a new beginning, a victory by Syriza will be followed by Podemos in Spain, and next year by Sinn Féin in Ireland.

Ní bheidh a fhios againn cé chomh cruinn is atá an tairngreacht sin nó go reáchtálfar olltoghcháin sa Spáinn an 20 Nollaig agus in Éirinn uair éigin roimh dheireadh mhí Aibreáin. Ach is léir cheana féin nach raibh Syriza ábalta an dóchas a spreag a mbua a chúiteamh.

Gearrchuntas ar atá déanta ag Syriza go dtí seo

1 Cuireadh iachall ar an nGréig glacadh le plean tarrthála €86bn faoina n-ardófar rátaí cánach, faoina laghdófar fostaíocht sa tseirbhís phoiblí, agus faoina ndéanfar príobháidiú ar fhorais phoiblí.

2 Tá geilleagar na Gréige lagaithe arís ó toghadh Siriza, agus an ráta dífhostaíochta (25 faoin gcéad) méadaithe arís.

3 Dhiúltaigh rialtais an Aontais Eorpaigh glan d’iarratas na Gréige go gcuirfí sciar d’fhiacha na tíre ar ceal, agus go reáchtálfaí comhdháil fiú lena phlé.

Bhuaigh Siriza olltoghchán eile an mhí seo caite, ach níor gheall an páirtí cealú fiacha an babhta seo, ná maolú ar bith ar an déine a thoiligh siad a chur i bhfeidhm mar chuid den mhargadh tarrthála a rinneadar leis an AE.

Níl polasaithe Shinn Féin bunaithe go hiomlán ar eiseamláir na Gréige, agus tá téagar agus ábhar suntasach machnaimh sna polasaithe atá foilsithe acu.

Tá cúis réasúnta dóchais ag an bpáirtí go mbuafaidh siad breis suíochán san olltoghchán mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne siad ar dhéine an rialtais le ceithre bliana anuas.

Ach ní leor polasaithe, dá fheabhas iad, mar fhreagra ar an amhras a spreagann an dearcadh atá Sinn Féin ar Syriza. Ní gá ach cuimhneamh ar an agallamh i 2011 inar mhol Gerry Adams gur chóir a rá leis an IMF bailiú leo as an tír agus a gcuid airgid a bhreith leo.

Cé mhéad duine sa tír seo a d’aontódh anois lena thuairim?

Ní léir aon athrú suntasach chun feabhais ar chruachás na Gréige ó chuaigh comrádaithe Shinn Féin i mbun rialtais sa tír sin. Ní dhéanfaidh na príomhpháirtithe eile dearmad ar scéal léanmhar na Gréige nuair a thosóidh an feachtas olltoghcháin.

CRÍOCHDHEIGHILT MOLTA AG SINN FÉIN!

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí gnóthaí eachtracha Sean Crowe, chuir sé fáilte roimh bhua na bpáirtithe atá i bhfabhar neamhspleáchas na Catalóine i dtoghchán réigiúnach Dé Domhnaigh seo caite.

Ní cóir don rialtas i Madrid, a dúirt Crowe, neamhaird a dhéanamh de thacaíocht láidir mhuintir na Catalóine do neamhspleáchas an réigiúin.

D’fhoilsigh Sinn Féin grianghraf de Gerry Adams, Martin McGuinness agus Seán Crowe agus brat na Catalóine crochta acu, mar thaca lena ráiteas.

Ach cogar. Má tá cás láidir ag muintir na Catalóine i bhfabhar scaradh ón gcuid eile den tír, nach bhfuil cás láidir freisin ag aontachtaithe an Tuaiscirt?

– Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Syriza agus Sinn Féin – caidreamh nach ndéanfar dearmad air aimsir an toghcháin'

  • PólRéamonn

    Colún frith Sinn Féin?

    Nach bhfuil tú ábalta a fanacht leis an toghchán an bhliain seo chugainn?