Tá an láithreoir teilifíse agus raidió agus podchraoltóir, Hector Ó hEochagáin, ar dhuine den líon beag sin Éireannach nach gá ach a chéad ainm a chloisteáil agus beidh a fhios cé atá i gceist. Chuir muid aithne air ar dtús lena chlár taistil ar TG4 Amú le Hector, clár a bhfuil 23 séasúr de déanta anois aige, agus an domhan taistealta aige leis.
Chonaic muid Hector ag taisteal ar fud Mheiriceá Theas, ag imeacht ó ‘Siberia go Saigon’, na ‘Balkans go Baltics’ agus i ngach sraith bíonn fuinneamh breabhsach, agus oscailteacht iontach ag baint leis, agus é lán le diabhlaíocht is spraoi freisin. Ceann de na tréithe móra a sheasann amach i gcónaí ná an t-ómós a léiríonn sé do na daoine a chastar air ar a chuid taistil agus conas mar a léiríonn sé comhthuiscint do dhaoine ó chultúir is cúlraí éagsúla ar fud an domhain.
D’fhear ar chuir muid aithne air ar dtús mar láithreoir ar chlár taistil, ní haon iontas é gur leabhar taistil, ar bhealach, atá sa gcéad leabhar uaidh, The Irish Words You Should Know – * And how to use them every day, atá nuafhoilsithe ag Gill Books.
Tugann sé stíl na dialainne taistil leis go dtí an leabhar seo atá scríofa ar bhealach comhráiteach, spraíúil. Téann an léitheoir in éineacht leis ar an turas a thug sé féin leis an nGaeilge, na háiteanna a ndeachaigh sé, na focail a casadh air ar an mbóthar agus na scéalta pearsanta a théann leo. Scríobh an leabhair seo ceann de na rudaí ba dheacra a rinne sé go dtí seo, a deir sé.
“Bhí mé ag smaoineamh an lá cheana, siar ar an uair go bhfuair mé an glaoch ó Gill Books, na foilsitheoirí. Mí na Nollag roinnt blianta ó shin, is bhí mé taobh amuigh de Supervalu i mBaile Chláir ag dul isteach ag iarraidh na ‘few bits’. ‘Sorry? a dúirt mé, “Gill Books? You want me to write a book?’”
Dúirt sé go ndéanfadh sé a mhachnamh faoi agus nuair a tháinig an t-earrach ghlaoigh siad arís air. Bhí siad ag iarraidh cloisteáil faoi na focail is ansa leis.
“Níl mé cáilithe, níl aon chéim agam sa Ghaeilge. Tá an teanga agam, tá mé in ann Gaeilge a labhairt, d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i gcoláiste samhraidh. Ach ní haon ‘academic’ Gaeilge mise.”
Ach ní hin a bhí uathu, bhí siad ag iarraidh a dhearcadh féin agus a scéal faoin teanga a chloisteáil. Ar deireadh, ghlac sé leis an togra, ach d’iarr sé comhairle orthu, ‘cuir sa treo ceart mé’ a d’iarr sé orthu. ‘Faigh leabhairín beag nótaí, agus tosaigh ag scríobh,’ an chomhairle a chuir siad air.
“‘Ok,’ a deir mé leo. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh mé isteach go Eason’s i nGaillimh agus cheannaigh mé ceann de na ‘academy pads’ sin a bheadh ag scoláire meánscoile leis na dathanna agus na caibidle éagsúla ann d’ábhair éagsúla. Bhí mé in ann téamaí a scríobh amach dom féin – aimsir, taisteal, srl. Agus is mar sin a thosaigh mé.”
De réir a chéile thosaigh cruth an leabhair ag teacht le chéile agus bhog sé na nótaí go dtí an ríomhaire. Bhí sé dhá bhliain eile ag obair air. Tá an leabhar roinnte amach ina chaibidlí bunaithe ar théamaí a bhaineann lena thuras féin leis an nGaeilge.
“Bhí an méid sin le rá agam faoi na focail atá sa leabhar mar go raibh mé ag cuimhneamh siar is ag rá liom féin, cad as a dtáinig an focal sin, cén áit ar chuala mé an focal sin den chéad uair riamh, cá raibh mé nuair a chuala mé an focal nó an frása sin den chéad uair riamh?.”
Ceann de na háiteanna atá gar dá chroí ná Ráth Chairn, áit ar thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge agus é ag freastal ar an gcoláiste samhraidh.
“Só smaoinigh mé ar Ráth Chairn agus thug mé ómós sa leabhar do Tigh Bhríd Johnny, Tigh Chóil Neaine Pháidín agus Tigh Mhaggie Tim, an triúr ban tí a thug an Ghaeilge dom nuair a bhí mé óg. B’in an chéad uair riamh ar osclaíodh mo shúile do bheocht na Gaeilge, ní hamháin ag suí ag an mbord nuair a bhí tú ag ithe dinnéir, ná ar maidin don bhricfeasta nó ag teacht abhaile ón gcéilí.”
Chuir an taithí sin sa gcoláiste samhraidh tús lena chaidreamh leis an nGaeilge. Chuaigh an t-am a chaith sé sa gcoláiste samhraidh i bhfeidhm go mór air.
“Spreag siadsan, an triúr bean an tí sin, rud éigin ionam. Is cuimhin liom Tí Mhaggie Tim, an uair dheireanach a raibh mé ann, agus mé ag críochnú suas ag deireadh an chúrsa. Thug sí fáinne dom agus mé ag dul amach an doras agus is cuimhin liom í ag rá liom agus mé ag fágáil, ‘tá Gaeilge mhaith agatsa anois, coinnigh leat’!”
Ba é Ráth Chairn an chéad áit a rith leis agus é ar bhóithrín na smaointe agus lean sé air ar an gcosán sin is scríobh sé caibidlí do na háiteanna is na rudaí ina shaol a raibh tionchar mór acu ar a thuras leis an nGaeilge. Tá caibidil ann in ómós don am a chaith sé ar Inis Meáin, áit a bhfuair sé an ‘PhD’ mar a dhéanann sé féin cur síos ar an nGaeilge a d’fhoghlaim sé ar an oileán.
Aistear atá ina leabhar, dialann taistil teanga. Aistear a thosaigh agus é ina dhéagóir nuair a thit sé i ngrá leis an nGaeilge. Deir sé gurb í an Ghaeilge a d’oscail an doras dhó ar na rudaí eile atá déanta aige ina shaol.
“Ní foclóir atá ann, teastaíonn uaim go ngabhfaidh daoine ar thuras liom leis an bhfocal nó an frása agus ansin b’fhéidir go gcuirfeadh sé ag gáire iad, nó go ndéanfaidh siad suntas dhó agus ansin go léifidh siad an scéal a théann leis ar an gcéad leathanach eile.”
D’oscail an Ghaeilge doras i dtreo an neamhspleáchais dhó ina shaol, dar leis. Ba mhaith leis go mbeadh daoine a léifeadh an leabhar ag aireachtáil gur leosan an teanga. Sa réamhrá ag tús an leabhair, ‘Claim your inheritance, feed your imagination’, scríobhann sé go ndéanann sé iarracht ruainne den teanga áitiúil a fhoghlaim gach áit a dtéann sé lena chlár taistil. San iarmhír ag deireadh an leabhair scríobhann sé gur ‘superpower’ í an Ghaeilge agus molann sé don léitheoir í a labhairt chuile lá.
“Tá súil agam go gcuirfidh an leabhar seo daoine ag smaoineamh faoin nGaeilge agus go bhfaighidh siad tuiscint gur oidhreacht leosan freisin í. Má mhúsclaíonn sé an smaoineamh sin i ndaoine gur linne ar fad an teanga, beidh mé sásta. Go dtuigfidh daoine gur linne an talamh, gur linne an t-aer, gur linne an cultúr agus gur linne an teanga. Is í ár n-oidhreacht í.”
Beidh Hector ag caint le Dylan Moran faoina leabhar ag ócáid ag Féile Ghrinn na Gaillimhe ar an Satharn an 26 Deireadh Fómhair san Outset Gallery. Beidh ‘Hector Caribbean’ ag tosú ar TG4 Déardaoin an 24 Deireadh Fómhair
Fág freagra ar '‘Superpower í an Ghaeilge a d’fhoghlaim mé ó thriúr bean a tí’ – a Hector Ó hEochagáin'