Suim mhór á cur ag daoine ar fud na tíre aistriú go scoil Ghaeltachta

Tá dóchas ag muintir Mhaínse i gConamara go n-éireoidh lena bhfeachtas teaghlaigh a mhealladh chuig an gceantar roimh thús na scoilbhliana seo chugainn

Suim mhór á cur ag daoine ar fud na tíre aistriú go scoil Ghaeltachta

Tá suim mhór á cur ag teaghlaigh ar fud na tíre i bhfeachtas atá á reáchtáil ag Scoil Cholmáin i nGaeltacht Chonamara teaghlaigh a mhealladh chuig an cheantar agus cur le líon na ndaltaí a bheas ag freastal ar bhunscoil na háite an bhliain seo chugainn.

Tá an feachtas á reáchtáil toisc imní a bheith ann faoi thodhchaí na scoile, atá lonnaithe i Maínis i gCarna.

Beidh ochtar daltaí, as an 18 dalta ar fad atá sa scoil, ag tabhairt aghaidh ar an mheánscoil san fhómhar agus tá ceathrar daltaí nua teastáil chun an dara múinteoir a choinneáil sa scoil.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Príomhoide Scoil Cholmáin, Róisín Ní Chualáin, go raibh pobal na scoile ‘dóchasach’ go n-éireodh lena bhfeachtas teaghlaigh a mhealladh chuig an cheantar.

“Tá an-suim ag daoine bogadh amach an taobh seo tíre agus tá súil againn go bhfaighidh muid an ceathrar daltaí atá uainn.

“Tá muid ag obair go crua ar an bhfeachtas mar nach féidir a bheith cinnte go dtiocfaidh daoine go dtí mí Mheán Fómhair,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chualáin go raibh “deiseanna” níos mó ná riamh ag daoine obair ó chian de bharr na paindéime agus go raibh soláthar idirlín den scoth sa cheantar, chomh maith le hionad nua GTeic.

Iarracht ón phobal ar fad atá san fheachtas an scoil a shábháil agus deir siad go gcuirfear “fáilte mhór” roimh dhaoine chuig an cheantar.

“Tá pacáistí eolais agus liosta tithe a d’fhéadfaí a thógáil ar cíos á gcur i dtoll a chéile ag tuismitheoirí agus á gcur ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu bogadh go ceantar Charna.”

Dúirt príomhoide Scoil Cholmáin go bhfuil go leor buntáistí ann do dhaltaí Scoil Cholmáin.

“Tá an scoil buailte ar an trá agus úsáideann muid an nádúr atá thart timpeall orainn. Caitheann muid go leor ama amuigh faoin aer agus cuireann muid béim ar an tsláinte, agus ar mheabhairshláinte na ngasúr. Beidh muid ag fáil éadach báistí do na daltaí ar fad ionas nach mbeidh an aimsir ag cur aon bhac orainn,” a dúirt Róisín Ní Chualáin, Príomhoide Scoil Cholmáin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le feachtas Scoil Cholmáin a fháil ar an leathanach Facebook ‘Tuismitheoirí Scoil Cholmáin Muigh-Inis nó glaoch a chur ar an scoil ar an uimhir 0873170039.

Fág freagra ar 'Suim mhór á cur ag daoine ar fud na tíre aistriú go scoil Ghaeltachta'