‘Dá laghad a chluinfear na focail ‘ráig’ agus ‘srianta’ is ea is fearr é!’ – Fionntán de Brún

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2023 leis an scríbhneoir as Béal Feirste, Fionntán de Brún, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, a thug leis an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge anuraidh

‘Dá laghad a chluinfear na focail ‘ráig’ agus ‘srianta’ is ea is fearr é!’ – Fionntán de Brún

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2023?

Beidh mé ag staonadh ón ól idir Lá Caille agus Lá ’le Pádraig. Is leor sin go fóill beag…

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Beidh úrscéal liom, Béal na Péiste, á fhoilsiú i mí Feabhra (Cló Iar-Chonnacht). Cé gur chríochnaigh mé an chéad dréacht i mí an Mhárta, ní bheidh sé ina úrscéal dáiríre go mbeidh an leabhar priontáilte.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Mí-úsáid cumhachta ar fud an domhain – d’fhéadfá na mílte sampla a lua, faraor.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Cluiche ceannais na hiomána agus an bua ag Aontroim. Anois, seans nach dtarlóidh sin in 2023 ach tá mé ag súil go mór le cluiche ceannais na gclubanna idir Dún Lathaí (Aontroim) agus Baile Héil (Cill Chainnigh) i mí Eanáir.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2023?

Is deacair gan a bheith dóchasach agus muid ag tabhairt cúl leis an phaindéim, marbhfháisc uirthi. Dá laghad a chluinfear na focail ‘ráig’ agus ‘srianta’ is ea is fearr é!

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2023?

Beidh mé ag cur tús le saothar nua taighde faoin smaointeoireacht i litríocht na Gaeilge, ag díriú ar an chorpas téacsanna a fágadh againn idir an 18ú haois agus an 19ú haois – leithéidí Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill agus na ‘Comhairlí’ éagsúla a bhfuil a bhfréamhacha sna seantéacsanna gaoise. Má éiríonn liom leabhar seachas aiste a dhéanamh den ábhar sin beidh mé sásta.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2023, céard a d’athrófá?

An ghéarchéim tithíochta. Ba chóir go mbeadh ceart dídine ag gach duine agus scéim cheart tithíochta le freastal ar riachtanais an phobail. Chonaic muid an éifeacht a bhí sa stát le linn na paindéime, cad chuige nach gcaithfí cuid bheag féin den dua sin leis an ghéarchéim tithíochta a réiteach?

Fág freagra ar '‘Dá laghad a chluinfear na focail ‘ráig’ agus ‘srianta’ is ea is fearr é!’ – Fionntán de Brún'