Táthar ag súil le beocht nua a chur in Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe agus iarrachtaí ar bun ag oifigeach forbartha nua an Árais teanga cháiliúil “filleadh ar bhunchuspóirí na heagraíochta” agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn ann arís.
Dúirt Micheál Mac Aoidh le Tuairisc go raibh “cúpla bliain dhúshlánach” ag Áras na nGael, an t-áras teanga cáiliúil ar Shráid Dominic, agus gur buaileadh an eagraíocht go trom le linn na paindéime in 2020. Dúirt sé go bhfuil bord stiúrtha an Árais tar éis “seasamh siar” agus “díriú arís ar phobal na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe agus sa Ghaeltacht mórthimpeall” uirthi.
“Tá muid ag cur isteach ar dheontais ón Roinn chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Níl na hacmhainní againn cuid mhaith den obair a dhéanamh faoi láthair, tá tuilleadh foirne agus maoinithe ag teastáil ach tá beirt nó triúr nua ar an mbord stiúrtha agus bheartaigh muid seasamh siar agus breathnú ar na cuspóirí atá againn agus díriú níos mó orthu sin,” a dúirt sé.
Dúirt Mac Aoidh, a ceapadh ina oifigeach forbartha in Áras na nGael le gairid, go bhfuiltear anois ag iarraidh an bhéim a leagan ar “ócáidí do theaghlaigh Ghaeilge” agus “díriú ar chainteoirí Gaeilge sa chathair agus sna bailte ar a bruach”.
“Tá an oiread sin rudaí ann atá muid ag iarraidh a thosú nó a athbheochan in Áras na nGael. Tá plean againn cumann amaitéarach drámaíochta a chur ar bun, na mic léinn Ghaeilge ón dá ollscoil a mhealladh isteach chugainn, a bheith ag obair leis na hoifigigh pleanála teanga sna limistéir pleanála teanga ar imeall na cathrach, pobal na Gaeltachta a tharraingt isteach chugainn agus athcheangal a dhéanamh le heagraíochtaí Gaeilge go háitiúil agus go náisiúnta.
“Tá plean trí bliana á réiteach againn agus tá staidéar forbartha le déanamh maidir le hathfhorbairt an fhoirgnimh féin. Tá muid ag athchalabrú agus tá sé sin soiléir sna himeachtaí atá déanta againn ó thús na bliana – is imeachtaí Gaeilge uilig atá iontu nó meascán le teangacha eile,” a dúirt sé.
Reáchtáladh ‘Bricfeasta Briotánach’ in Áras na nGael an deireadh seachtaine seo caite. Bhí cainteoirí Briotáinise as Éirinn agus as an mBriotáin i láthair mar chuid d’fhéile a bhí ag tarlú i gcathair na Gaillimhe le comóradh a dhéanamh ar cheangal 50 bliain leis an gcathair Bhriotánach An Oriant. Dúirt Mac Aoidh go bhfuil sé i gceist ag lucht an Árais tuilleadh imeachtaí dá leithéid a eagrú amach anseo agus luaigh sé go bhfuil ceardlann dhátheangach cócaireachta le reáchtáil go luath san Iodáilis.
“An rud ba mhaith liomsa ná gur ionad Gaeilge a bheadh ann sa chiall is leithne – go mbeadh sé ní hamháin ina ionad foghlama ach ina ionad cleachta freisin. Tá deiseanna ann seomraí a chur ar fáil do dhaoine atá i mbun an ‘self-directed learning’ a dhéanamh, rud atá go mór chun cinn i saol na foghlama teanga faoi láthair.
“Ba cheart go mbeadh ócáidí do gach gné den saol ann do na grúpaí éagsúla atá sa chathair atá ag lorg áit leis an nGaeilge a labhairt ann. Ba mhaith liom ceangal leis na mic léinn ollscoile arís, bhíodh an-tóir ag mic léinn ar Áras na nGael san am a caitheadh ach ní bhíonn an oiread sin acu ag tarraingt ar an áit anois,” a dúirt sé.
Ar na himeachtaí eile atá beartaithe ag Mac Aoidh don Áras as seo go deireadh an tsamhraidh tá tionscadail cheoil agus fís-ealaíne leis an bpobal Brasaíleach, ranganna Gaeilge, ceardlanna cócaireachta, athoscailt an stiúideo atá ag Raidió Rí-Rá i mbarr an tí, féile amhránaíochta ar an sean-nós agus an “footfall ginearálta” ó phobal na Gaeilge san Áras a mhéadú.
Dúirt Mac Aoidh go raibh “tréimhse an-dúshlánach” ag an Áras le tamall de bhlianta anuas ach gur “tháinig [sé] tríd” na dúshláin sin.
“Tá sé dúshlánach rud a atógáil, mar a bhíonn in eagraíochtaí eile. Tá muid ag tógáil de réir a chéile. Bhuail Covid an áit seo go dona, ach thuig muid go bhfuil orainn bogadh ar aghaidh agus an eagraíocht féin a láidriú, saineolas a lorg, agus díriú ar an struchtúr.
“Bhí cúpla oifigeach forbartha difriúil anseo, ní raibh leanúnachas ann agus, seo dúshlán a bhíonn ag gach ionad, bíonn an t-airgead ag teastáil go géar. Bhí an t-airgead ag teastáil ó Áras na nGael, agus b’fhéidir go raibh Béarlóirí ag fáil seomraí ar cíos anseo leis an ngá sin a mhaolú. Cailleadh cuid den fhócas ar feadh tamaill ach caithfear bogadh ar aghaidh agus díriú ar chuspóirí na heagraíochta,” a dúirt sé.
Is é an dúshlán is mó atá roimh an Áras anois ná ceist an mhaoinithe, dar le Mac Aoidh ach dúirt sé go bhfuil obair chrua ar bun faoi láthair le foinsí maoinithe a aithint agus cur isteach orthu.
Is é Mícheál Mac Aoidh féin an t-aon duine atá fostaithe go lán-aimseartha in Áras na nGael agus dúirt sé le Tuairisc go bhfuil an coiste ag cuardach bealaí le cur le líon na bhfostaithe a bheidh ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Tá baill nua dheonacha á lorg do bhord stiúrtha an ionaid Ghaeilge freisin.
Tá Club Áras na nGael, pub atá in ainm is a bheith ina phub lán-Ghaeilge i lár na cathrach dála Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, in Áras na nGael. Mhínigh Mac Aoidh, áfach, gur eagraíocht ar leith é an pub a bhfuil a choiste agus a chuntais bhainc féin aige.
“Níl aon cheangal oifigiúil agam féin le Club Áras na nGael, ach oibríonn muid leis an gcoiste atá ag an gclub. Gan dabht tá ról againn i gcur chun cinn na Gaeilge sa chlub agus tá mé ag súil le bheith ag obair leis an gcoiste sin sna míonna amach romhainn,” a dúirt sé.
Proinsias
Maith sibh agus am curtha ar leataobh agaibh chun do bheith ag macnamh.
Seo cúpla moladh.
Cúpla cruinniú poiblí chun smaointe an phobail a fháil .
Dírigh ar na daoine óga ó 2 go 25. Is iadsan todhchaí na Gaeilge i nGaillimh. Thar rud ar bith eile teastaíonn fís faoi leith chun déagóirí a spreagadh.
Donncha O hEallaithe
Dea scéal. Teastaíonn Mol ó lucht na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe ach in áit Áras na nGael a ghlaoch air ba cheart tíocht ar ainm níos fearr agus níos tarraingtí, im thuairimse. Níl aon mhaith a bheith ag iarraidh ionad cultúrtha nua a chruthú ag usáid sean ainm stálaithe.
Caoimhín Ó Rodáin
Deá scéal
Cathair na Gaeltachta a chuirtear ar Cathair na Gaillimhe, déan fíor an ainm