“Dá ndéarfadh scoláire liom go raibh an scrúdú sin deacair déarfainn leis gur ag magadh a bhí sé.”
Bhí an méid sin le rá ag Jeff Neville, atá ina mhúinteoir Gaeilge i Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha i gcontae Lú, faoin dara páipéar Gaeilge, páipéar a leagadh os comhair dhaltaí na hArdteiste in ionaid scrúdaithe na tíre maidin inniu.
Bhí ar dhaltaí na Gaeilge dul i ngleic le léamthuiscintí faoin gceoltóir Rory Gallagher agus faoi na Cluichí Oilimpeacha agus le “ceisteanna deasa” faoi Hurlamaboc agus Oisín i dTír na nÓg agus ‘An Spailpín Fánach’ le linn na dtrí huair an chloig a bhí acu leis an scrúdú a dhéanamh.
“Bhí an scrúdú togha. Má bhreathnaíonn tú ar na ceisteanna léamhthuisceana, ba í ceist a sé ba chasta mar caithfidh tú do chuid tuairimí a chur i d’fhocail féin, níl cead agat aon rud a thógáil ón téacs agus bíonn sé sin deacair do na daltaí uaireanta. An dá chuid den cheist sin, is ag lorg tuairimí a bhíothas,” arsa Jeff Neville.
“Bhí na ceisteanna eile go breá, an ceann faoi chúrsaí gramadaí san áireamh. B’fhéidir go gcuirfeadh an cheist faoin saorbhriathar san aimsir chaite cúpla dalta amú ach níor cheart go mbeadh fadhb ag a bhformhór leis sin. Deirtear leo a bheith ar an airdeall le haghaidh na gcomharthaí sóirt – ‘ag déanamh na’ agus ‘ag déanamh an’ i gcás an tuisil ghinidigh agus araile,’ a dúirt sé.
Dúirt Karen Ní Fhrighil, atá ina múinteoir Gaeilge sa scoil Ghaeltachta Pobalscoil Chloich Chionnaola i nDún na nGall, go raibh an chéad léamhthuiscint faoin gceoltóir Rory Gallagher – a rugadh i nDún na nGall – “breá éasca” den chuid is mó.
“Dúirt dalta amháin go raibh an chéad léamhthuiscint rud beag casta, sílim go raibh siad ag caint ar an gceist a dúirt gur ‘ceoltóir as an ngnáth ba ea Rory Gallagher’. B’fhéidir go raibh an dóigh a cuireadh an cheist sin rud beag casta ag roinnt acu ach ag an am céanna, bhí sé breá éasca ar an mórchuid.
“Bheadh eolas maith [ag na daltaí] ar cheol Rory Gallagher agus ar chúrsaí spóirt, bhí sé sin éasca acu chomh maith,” a dúirt sí.
Tháinig an sliocht as an leabhar Hurlamaboc le hÉilís Ní Dhuibhne aníos ar an bpáipéar den chéad uair le fada an lá, rud a bhí ina ábhar faoisimh do dhaltaí agus do mhúinteoirí a bhí ag súil leis. Ba é an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg ba théama sa dara ceist i rannóg an phróis ainmnithe.
Dúirt Jeff Neville le Tuairisc gur chuir a shimplí is a bhí an cheist faoin bprós ainmnithe iontas air féin agus go mb’fhéidir go mbeadh amhras ar chuid de na daltaí nach raibh níos mó i gceist leis an gceist.
“Bhí an prós aisteach – achoimre a bhí i gceist agus a fhad is a bhí sé sin agat bhí leat. Tá sé cineáilín aisteach é a fheiceáil ar an bpáipéar ardleibhéil mar is ag an ngnáthleibhéal a iarrtar ar na daltaí achoimrí a scríobh – ar shaol an charachtair nó ar an bpearsantacht.
“Bhí orm an cheist faoi Hurlamaboc a léamh arís agus mé ag rá liom féin ‘an bhfuil rud éigin caillte anseo agam?’. B’in an t-aon deacracht a bheadh léi mar cheist – cé chomh simplí is a bhí sí.
“Tá tríocha marc ag dul don cheist sin ach níl ach cúig mharc ag dul don Ghaeilge. Tugtar cúig mharc is fiche don eolas agus tá sé éasca go maith na marcanna a fháil sa cheist sin,” a dúirt sé.
Dúirt Karen Ní Fhrighil le Tuairisc go raibh a daltaí féin ag súil leis an dá mír phróis a tháinig aníos ar an bpáipéar agus go raibh na ceisteanna a cuireadh fúthu “deas go leor”.
“Bhí muid ag súil le hOisín agus le Hurlamaboc. Bhí an dá cheist deas go leor. Bhí an focal ‘díomhaoin’ i gceist le Hurlamaboc – b’fhéidir go gcuirfeadh sé cúpla duine amú mura mbeadh an focal acu ach ag an am céanna bhí an cheist díreach go leor, mar an gcéanna leis an gceist faoi Oisín.
“Cuid den am le hOisín, bheadh tú ag súil le cur síos a dhéanamh ar na tréithe béaloidis. Leis an dóigh ar cuireadh an cheist, bheinn ag súil go raibh siad ábalta é sin a thabhairt isteach san fhreagra,” a dúirt sí.
Maidir leis na ceisteanna filíochta, ba iad ‘An Spailpín Fánach’, le file anaithnid, agus ‘Colscaradh’ le Pádraig Mac Suibhne a bhí ar pháipéar na bliana seo. Bhí Neville den tuairim gurb é dán Mhic Suibhne a bheadh roghnaithe ag formhór mór na ndaltaí.
“Bhí an fhilíocht ceart go leor. Is é ‘An Spailpín Fánach’ an dán is deacra do dhaltaí an lae inniu mar gheall ar an bhfriotal, ach tá an scéal go maith ann agus is féidir go leor a rá faoi. Tá na híomhánna láidir agus bheadh freagraí maithe réitithe ag na daltaí le haghaidh na gceisteanna teicniúla faoin teicníc fhileata agus faoin méadar.
“Ach déarfainn gur phioc formhór mór na tíre ‘Colscaradh’ agus arís bhí na ceisteanna ansin breá simplí, ní raibh tada aisteach ná casta ann,” a dúirt sé.
Dúirt Ní Fhrighil go mbeadh muintir Dhún na nGall “an-sásta” gur tháinig dán a scríobh duine dá ndream féin aníos ar an bpáipéar.
“Bhí an cheist ar ‘Colscaradh’ iontach deas ar fad. Bheadh muintir Dhún na nGall an-sásta arís Pádraig Mac Suibhne a fheiceáil ar an bpáipéar. Bheadh sé sin go háirithe ag muintir Dhún na nGall agus bheadh siad sásta leis an fhoclaíocht sa cheist sin cé go ndearna an mhórchuid de na daltaí i mo ghrúpa-sa ‘An Spailpín’,” a dúirt sí.
Dúirt Neville go mbeadh dalta ar bith a léigh na ceisteanna i gceart agus a chuir an obair isteach i gcaitheamh na bliana an-sásta nuair a fhoilseofar torthaí na scrúduithe ag deireadh an tsamhraidh.
“Caithfidh siad na ceisteanna a léamh i gceart agus b’fhéidir go gceapfá gur comhairle sheanchaite í sin ach chuirfeadh sé iontas ort an méid daoine nach léann na ceisteanna i gceart. Rinne mo rangsa An Triail don litríocht bhreise agus bhí ceist ann i mbliana faoi na mná a bhí sa dráma.
“Ach luaitear ainm Mháire Ní Chathasaigh go sonrach sa cheist freisin agus mura mbeadh sí léite i gceart ag na daltaí b’fhéidir go scríobhfaidís dhá leathanach faoi Mháire gan duine ar bith eile de na mná sa dráma a lua agus chaillfidís go leor marcanna ar an gcaoi sin,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh an cheist “an-deas” mar bhí scóip ann scríobh faoi go leor carachtar a bhí sa dráma seachas duine ar leith.
“Uaireanta bíonn na ceisteanna i bhfad níos deacra agus tugtar mioncharachtar duit. Bíonn cathú ar dhaoine scríobh faoi Mháire i gcónaí seachas faoin scéal nó faoi na carachtair eile mar tá sí chomh lárnach sin ann, ach fiú mura dtuigeann tú an cheist go hiomlán, má scríobhann tú achoimre mhaith ar an scéal agus na carachtair eile i d’fhreagra éireoidh leat cúpla marc eile a aimsiú,” a dúirt sé.
Bhí Karen Ní Fhrighil den tuairim gur páipéar “féaráilte” a bhí ann ach nach raibh rud ar bith ann a chuirfeadh iontas ar na daltaí a thug faoi maidin inniu.
“Bhí an páipéar féaráilte, bhí sé deas, páipéar a raibh muid ag súil leis a bhí ann. Bhí an mhórchuid de na daltaí a rinne an páipéar ardleibhéil iontach sásta leis sa scoil s’againne. Bhí gach rud iontach féaráilte i mbliana.
“Inniu, shíl mé féin go mbeadh curve ball in áit éigin mar go raibh inné chomh deas sin ach is cosúil nach raibh aon deacracht ag aon duine leis an bpáipéar seo i mbliana. Bhí siad breá sásta,” a dúirt sí.
Bláthnaid
Fan fén gcúrsa nua: neosfad sin bás na Gaolainne.