Súil eile ar fhabhraí bréige a bhfuil cruáil ar ainmhithe i gceist leo

Cinneadh déanta ag na húdaráis fógraíochta maidir le fabhraí bréige a dhéantar as fionnadh na mince

Súil eile ar fhabhraí bréige a bhfuil cruáil ar ainmhithe i gceist leo

Tá aird ar leith á tabhairt agam féin le tamall anuas ar tháirgí áilleachta a bhfuil tástáil déanta orthu ar ainmhithe. Déanaim gach iarracht aon cheann a sheachaint a raibh an baol ann go raibh cruáil ar ainmhithe i gceist lena bhforbairt. Tá an mana ‘cruelty free’ de chuid na heagraíochta Cruelty Free International ina chruthúnas aitheanta nach bhfuair aon ainmhí drochíde nó cruálacht nuair a bhí táirge áilleachta nó earra cúram cnis á fhorbairt i saotharlann. 

Níor rith sé liom go dtí an tseachtain seo go bhféadfadh cruáil ar ainmhithe a bheith i gceist le fabhraí bréige a chaitear le barr maise a chur ar smideadh na súl.

Ach d’fhoilsigh Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann breithiúnas dá gcuid níos túisce an tseachtain seo inar dearbhaíodh gur sárú ar rialacha fógraíochta na tíre seo a bhí ann ag comhlacht a mhaíomh go raibh a gcuid fabhraí bréige saor ó chruáil ar ainmhithe.

An mhinc an t-ainmhí a bhí i gceist.

Ar ndóigh déantar fabhraí bréige as réimse leathan ábhar; fionnadh ón mhinc, ábhar sintéiseach, gruaig an duine nó fiú ribí róin ar chuid acu.

Tarraingíodh cuid mhaith cainte sa bhliain 2001 faoi na fabhraí bréige a bhí déanta as fionnadh sionnaigh a chaith Jennifer Lopez ag bronnadh na Academy Awards. Ach ní tada iadsan i gcomparáid leis na fabhraí mince agus diamaint a raibh costas $10,000 orthu a chaith Madonna agus í ag fógairt a camchuairt cheoil Re-Invention.

Ach is é an t-ábhar gaisce a bhí ag an gcomhlacht Bia Belle Beauty go raibh a gcuid fabhraí bréige a bhí déanta as fionnadh na mince saor ó chruáil ar ainmhithe a tharraing aird lucht na fógraíochta orthu.

“Handmade with love and care” agus “cruelty free” a dúirt siad.

Ach rinneadh ceithre cinn de ghearáin le hÚdarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann nach raibh bealach ar bith go bhféadfaí fionnadh a bhaint den mhinc, arbh ainmhí fiáin í, gan cruáil a bheith i gceist. Bheadh cruáil i gceist leis an ainmhí a sháinniú i gcás nó i gcliabhán leis an bhfionnadh a bhearradh, a dúirt siad.

Lena gceart a thabhairt don chomhlacht Bia Belle Beauty bhí a gcuid taighde déanta acu sular fhógair siad na fabhraí bréige a bheith saor ó chruáil ar ainmhithe. 

Ón tSín a tugadh na fabhraí a bhí i gceist chun na tíre seo agus bhí an comhlacht tar éis gníomhaire dá gcuid a chur chomh fada leis na soláthraithe ansin le bheith cinnte faoina maíomh maidir leis an easpa cruálachta.

Bhí teastas oifigiúil ón soláthraí acu freisin le stampa an chomhlachta air inar dúradh “Our mink fur eyelash is made of 100% mink fur. The mink has not been killed, the hair is only cut down. It’s cruelty-free. We hereby certify!”

Agus iad ag fiosrú na ngearán ón bpobal chuaigh Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann i dteagmháil le Scoil na Tréidliachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le tuairim na saineolaithe ansin a fháil.

Dúirt lucht na tréidliachta nach bhféadfaí seasamh le maíomh an chomhlachta nach raibh cruáil ar ainmhí i gceist sa gcás is go raibh sáinniú á dhéanamh ar ainmhithe fiáine lena bhfionnadh a bhearradh.  Dúirt siad freisin gur chun leasa na soláthraithe féin a bhí sé teastas dá gcuid féin a chruthú agus nach raibh aon iniúchadh neamhspleách déanta ag aon eagraíocht aitheanta sa chás seo.

Ghlac Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann leis an tuairim sin agus ordaíodh nach bhféadfaí an téarma ‘cruelty free’ a úsáid feasta i bhfógraíocht do na fabhraí bréige a bhí i gceist ag Bia Belle Beauty.

Fág freagra ar 'Súil eile ar fhabhraí bréige a bhfuil cruáil ar ainmhithe i gceist leo'

  • wtf

    Agus muc ar gach malainn agaibh! Nach sibhse na hainchúinsigh!