SÚIL CHUN CINN: ‘Táim thar a bheith sásta go mbeidh gradaim NÓS ar ais, ócáid iontach do cheoltóirí nua-aimseartha a bhíonn ag ceol inár dteanga dhúchais féin’ 

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2024 leis an amhránaí Róisín Seoighe

SÚIL CHUN CINN: ‘Táim thar a bheith sásta go mbeidh gradaim NÓS ar ais, ócáid iontach do cheoltóirí nua-aimseartha a bhíonn ag ceol inár dteanga dhúchais féin’ 

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2024?

 Tá sé de rún agam tuilleadh ceoil a thaifeadadh, tuilleadh gigeanna a dhéanamh fud fad na tíre agus an domhain mhóir i dteannta ceoltóirí iontacha eile ón mbanna ceoil IMLÉ. Seans go n-éireoidh liom físeán ceoil nó dhó a thaifeadadh sa mbliain nua chomh maith. Ach, feicfidh muid linn!

Cén rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?

Bliain ghnóthach go maith a bhí in 2o23 dom féin go pearsanta, go háirithe agus mé i mbun máistreachta sa nGaeilge. Cé gur bhliain mhaith a bhí inti ó thaobh cúrsaí ceoil agus amhránaíochta de, tá súil agam go mbeidh tuilleadh deiseanna agam a bheith ag obair ar mo chuid ceoil in 2024. Ba mhaith liom go speisialta a bheith ag cruthú agus ag taifeadadh ceol nua. Mar bharr air sin, tá súil agam go mbeidh an deis agam dul i mbun taistil trí bheith i mbun ceoil chomh maith.

Cén rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2024? 

Tá go leor éiginnteachta a bhaineann le 2024 toisc gurb é sin an chéad uair i mo shaol nach mbeidh mé ag staidéar. Beidh sé dúshlánach agam tabhairt faoi shaol na hoibre agus saol an cheoil go lánaimseartha, gan dabht. Ach is aistear nua é!

Cén t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?

Táim thar a bheith sásta go mbeidh gradaim NÓS ar ais ar an bhfód arís in 2024. Is ócáid iontach í, áit gur féidir bualadh le ceoltóirí a chruthaíonn ceol nua-aimseartha inár dteanga dhúchais féin. Is álainn an rud é go bhfuil duais ainmnithe in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, fear uasal a thacaigh go mór le mo chuid ceoil ó bhí mé i mo chailín óg. Táim ag súil go mór le bheith i láthair.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2024?

Tá fuinneamh úr le brath i measc glúin óg ceoltóirí, amhránaithe, rapálaithe agus bannaí ceoil a chruthaíonn ceol trí mheán na Gaeilge agus i stíl nua-aimseartha i láthair na huaire. Leithéidí Grooveline, Súil Amháin, Huartan & Na hEasógaí i measc neart eile. Is údar dóchais é go bhfuil na ceoltóirí iontacha seo againn agus táim ag súil go mór ceol nua Gaeilge a chloisteáil uathu siúd agus neart eile in 2024.

Cén rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2024?

Cé go bhfuilim ag súil go mór leis an méid atá i ndán dom ó thaobh an cheoil de in 2024, ba dheacair 2023 a shárú. Bhí an-bhliain agam féin agus an banna ceoil IMLÉ ag taisteal fud fad na tíre agus ar fud an domhain ag casadh ceoil. Tá súil agam go mbeidh an rath céanna orainn in 2024 agus go mbeidh tuilleadh gigeanna agus tuilleadh ceol nua ag teacht uainn faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

 Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2024, céard a d’athrófá? 

Tá súil agam go gcuirfear tuilleadh tacaíochtaí ar fáil do cheoltóirí na Gaeilge atá ag iarraidh slí mhaireachtála a bhaint amach as an gceol in Éirinn. Tá sé tábhachtach go dtacófaí leis an bhfás agus an fhorbairt atá ag teacht ar cheol nua-aimseartha na Gaeilge agus go gcuirfear deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí, ceoltóirí agus cumadóirí a gcuid ceoil a chuir os comhair an phobail trí chéile. Ní hamháin ar scála náisiúnta ach go hidirnáisiúnta chomh maith.

Fág freagra ar 'SÚIL CHUN CINN: ‘Táim thar a bheith sásta go mbeidh gradaim NÓS ar ais, ócáid iontach do cheoltóirí nua-aimseartha a bhíonn ag ceol inár dteanga dhúchais féin’ '

  • Declan Fitzpatrick

    Go raibh maith ag Róisín agus Imlé as an gig i Londain i mí an Mhárta anuraidh. Bhí sé ar fheabhas. Tar ar ais chugainn le bhur dtoil !