Súil chun cinn ar na scéalta Gaeilge is mó i 2016

Cad iad na scéalta móra Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ann i 2016?

Súil chun cinn ar na scéalta Gaeilge is mó i 2016

suil chun cinn

An bhfuil aon seans go gceapfar Aire sinsearach do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta?

Agus toghchán ann i mbliana, beidh eagraíochtaí teanga ag iarraidh brú a chur ar na páirtithe polaitiúla geallúint a thabhairt i dtaobh Aire Sinsearach a cheapadh chun féachaint i ndiaidh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.  Ach d’fhéadfadh go mbeidh fuar acu má bhíonn Fine Gael i gcumhacht arís. Dhíultaigh an Taoiseach a leithéid de gheallúint a thabhairt agus é faoi agallamh ar an gclár Cormac ag a Cúig ag Oireachtas na Samhna.

An dtabharfar isteach na moltaí oideachais nua don Ghaeltacht agus an gcuirfear na hacmhainní ar fáil chun iad a chur i bhfeidhm?

Ba ábhar dóchais ag daoine an tsraith moltaí a foilsíodh anuraidh sa dréachtpholasaí oideachais nua don Ghaeltacht. Gealladh go bhfoilseofaí an polasaí féin go luath san athbhliain beidh súil ghéar á coiméad ag lucht an ghealoideachais féachaint an ndéanfaidh an tAire Oideachais agus an Rialtas beart de réir a mbriathair. Tugann na dréachtmholtaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí mar shampla go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta aistriú go teagasc trí Ghaeilge más rud é go bhfuil siad ag feidmhiú faoi láthair trí Bhéarla.

Tá ráite chomh maith go gcuirfear pacáiste d’acmhainní breise” ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun na moltaí a chur i bhfeidhm, ach an gcuirfear na hacmhainní riachtanacha ar fáil chun go mbeidh ar chumas na scoileanna Gaeltachta feidhm a thabhairt do pholasaí a d’fhéadfadh cás na teanga sa chóras oideachais a athrú ó bhonn?

Bliain chinniúnach do TG4 agus RnaG

Tá athruithe bunúsacha á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an bhliain seo chugainn agus teideal nua don chlár, a bheidh tríocha bliain ar an bhfód i mí Aibreáin, i measc na n-athruithe atá á meas faoi láthair. Tá na hathruithe ar an gclár maidine ar an gcéad chuid de shraith athruithe ar an sceideal atá beartaithe ag an stáisiún. Meastar nach gan dua a dhéanfar na hathruithe seo agus d’fhéadfadh gur bliain chinniúnach atá i ndán do stáisiún Chasla.

Bliain chinniúnach atá roimh TG4 gan aon agó agus an stáisiún teilifíse 20 bliain ar an bhfód. Is cinnte go bhfuil cúis cheiliúrtha ag an gcraoltóir a tháinig ar an saol Óiche Shamhna 1996, ach is cinnte freisin go ndéanfar roinnt plé ar chur chuige an stáisiúin Gaeilge agus súil siar á chaitheamh ar a bhfuil bainte amach aige le 20 bliain anuas. Ar ndóigh, d’fhéadfadh go mbeadh ceannaire nua ag TG4 chomh maith agus caint ann i gcónaí go mbeidh Pól Ó Gallchóir ag éirí as i mbliana.

‘Béarla éigeantach’ mar oidhreacht an Taoisigh?

Drochsheans go ndéanfar aon leasú maith nó olc ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn shaolré an Rialtais seo. Is cosúil gurb é an cur chuige atá ag Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, i dtaobh na reachtaíochta ná polasaí nua a fhorbairt seachas glacadh leis na leasuithe maidir le seirbhísí Gaeilge don Ghaeltacht atá molta ag an gCoimisinéir Teanga agus daoine eile ó foilsíodh cinnteidil an Bhille.

Scríobh Joe McHugh litir chuig Enda Kenny anuraidh ag iarraidh beannacht an Taoisigh a fháil chun “tionscnaimh polasaí” a fhorbairt a d’fhoilseofaí “in éineacht” leis an reachtaíocht teanga. I measc na n-aidhmeanna atá ag an Aire Stáit, ba mhaith leis go méadófaí céatadán na ndaoine le Gaeilge ar ‘phainéil earcaíochta’ sa státseribhís ó 6%, mar atá geallta faoi láthair, go 10% mar thús agus go 20% amach anseo.

Léirigh iniúchadh a dhein Tuairisc.ie an mhí seo caite nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas le hoiread is post amháin den 600 post, nach mór, a fógraíodh sa státseirbhís anuraidh. Tháinig sé chun solais chomh maith gur thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach. Sa litir a sheol sé sna míonna sular éirigh sé as a phost dúirt Ó Cuirreáin gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht ag an Taoiseach. Seans go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht sin i 2016.

Cén chuma a bheidh ar Chomóradh an Chéid 1916 – 2016?

Bhíothas buartha an t-am seo anuraidh nach mbeadh cuma ná cruth ar an gcomóradh a bhí beartaithe ar Éirí Amach na Cásca 1916 mar gheall ar an bhfíseán a chuir an Rialtas amach mí na Samhna 2014, físeán ina raibh David Cameron, Banríon Shasana agus Bob Geldof le feiceáil ann ach gan tásc ná tuairisc ar Phádraig Mac Piarais ná an tÉirí Amach féin.

Ó shin i léith, áfach, tá Éire 2016 seolta i gceart agus is mór an feabhas atá tagtha ar an gclár ó shin. Tá imeachtaí beartaithe ar fud na Gaeltachta don chomóradh freisin agus ó thús na bliana tá dreamanna éagsúla ar fud na tíre, Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael, na hollscoileanna agus grúpaí eile nach iad tar éis a gcláir féin a fhoilsiú don chomóradh.

Is mór an trua, mar sin féin, nach mbeidh na séadchomharthaí náisiúnta réidh in am don Cháisc. Tá sé admhaithe ag an Aire Oidhreachta Heather Humphreys gur isteach i ‘láthair tógála’ a bheidh turasóirí agus muintir an hÉireann nuair a thabharfaidh siad cuairt ar Shráid Uí Mhordha i mBaile Átha Cliath aimsir na Cásca 2016. Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh nach mbeidh Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc críochnaithe go dtí fómhar na bliana seo chugainn.

Tá spéis an phobail in imeachtaí Sheachtain na Cásca 1916 agus a mbaineann léi múscailte i gceart anois, áfach, agus is é an pobal féin a dhéanfaidh an ceiliúradh is fearr ar oidhreacht an Éirí Amach.

Céard atá amach roimh na Ravelóidithe?

‘Tá sí ag teacht’. Sin atá á rá linn le tamall anuas faoi ‘Ravelóid’ – an fhéile nua cheoil agus chultúir a bheidh ar siúl i gCaisleán Ard Giolláin i gContae Átha Cliath i lár an tsamhraidh.

Bímis ag súil go mbeidh an aimsir níos fearr ag an bhféile féin nár mar a bhí oíche a seolta i gCearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite!

Bhí caint ar a leithéid d’fhéile le cúpla bliain anuas, agus láithreacha éagsúla timpeall na hÉireann luaite léi – garrantaí Inis Oírr ina measc, más buan mo chuimhne.

5,000 míle duine a ghealltar dúinn a bheidh ag freastal ar an bhféile agus ceol ann ó Hothouse Flowers, The Riptide Movement, Heathers agus Seo Linn agus go leor eile nach iad. Deirtear linn freisin go bhfuil níos mó bannaí ceoil le fógairt agus ón gcaint uilig atá déanta faoin Ravelóid, bheadh leathshúil againn le réalta sách mór ar an stáitse i mí an Mheithimh.

Ní bhíonn deis ag Gaeil uile na hÉireann a theacht le chéile i ndáiríre ach uair sa bhliain ag Oireachtas na Samhna. Is cinnte go bhféadfadh an Ravelóid a bheith ina oireachtas samhraidh don ghlúin óg.

‘Cuirfidh Ravelóid an Ghaeilge i lár an aonaigh, le meascán spreagúil spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna agus eile…,’ a scríobhtar ar shuíomh na féile.

Beidh le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh le cur chun cinn na teanga ag an bhféile ach d’fhéadfaí a bheith réasúnta cinnte go gcloífidh lucht a freastail le meon teanga lucht a eagraithe.

Má bhíonn an aimsir go deas agus má éiríonn le lucht na Ravelóide cúpla banna maith eile ceoil a aimsiú idir seo agus sin, beidh neart spraoi ann.

Toghchán – Iarrthóirí Gaeltachta

Beidh Olltoghchán na Dála ar siúl i mbliana, agus an chosúlacht ar an scéal gur luath seachas mall a tharlóidh sé sin. Tá seacht gcinn de dháilcheantar sa Ghaeltacht agus tá sé deimhnithe go mbeidh ar a laghad naonúr iarrthóirí Gaeltachta ag seasamh i gceithre cinn de na dáilcheantair sin: Corcaigh Thiar Thuaidh, Dún na nGall, Gaillimh Thiar, agus Maigh Eo. Ní bheidh an t-iar-aire Gaeltachta Dinny McGinley ag seasamh an turas seo i nDún nan Gall, ach beidh a chomharba Joe McHugh ag iarraidh a shuíochán siúd a choinneáil.

Beidh ceathrar ón nGaeltacht ag súil lena suíocháin i dTeach Laighean a choinneáil: McHugh agus Pearse Doherty i nDún na nGall agus Seán Kyne (FG) agus Éamon Ó Cuív (FF) sa Ghaillimh.

Beidh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir, as na Rosa, fear a thug dhá thréimhse sa Dáil cheana agus a bhí ina Fheisire Eorpach freisin, ag iarraidh suíochán a bhaint amach d’Fhianna Fáil i nDún na Gall.

Níor éirigh le Trevor Ó Clochartaigh, a sheas ar son Shinn Féin san olltoghchán deiridh, suíochán a fháil an uair sin ach tá a cháil dulta i méid le blianta beaga anuas agus é ina Sheanadóir don pháirtí sin.

Beidh Ó Clochartaigh ag súil le suíochán i nGaillimh Thiar ach beidh iomaíocht ghéar ann.

Ó dheas, beidh an Comhairleoir Aindrias Ó Muineacháin (FF) ag iarraidh suíochán a fháil sa dáilcheantar Corcaigh Thiar-Thuaidh, mar a bhfuil Múscraí Uí Fhloinn.