Toghcháin, toghcháin agus tuilleadh toghchán – súil chun cinn ar an domhan in 2024

Adhaimsir, intleacht shaorga agus slám mór toghchán, sin é a bhfuil i ndán dúinn sa bhliain atá amach romhainn

Toghcháin, toghcháin agus tuilleadh toghchán – súil chun cinn ar an domhan in 2024

Cá bhfios nach é seo an uair dheireanach go mbeidh orm alt mar seo a scríobh, súil chun cinn ar mhórimeachtaí na nuachta idirnáisiúnta sa bhliain úr?

Gach seans gur bota de chineál éigin a scríobhfaidh an t-alt seo an bhliain seo chugainn.

Tá sé á thuar ag an gcuid is duairce de na tráchtairí faoi chúrsaí teicneolaíochta go gcaillfidh mórchuid iriseoirí, aistritheoirí, glór-aisteoirí, dearthóirí grafacha, eagarthóirí físe agus daoine in go leor leor gairmeacha eile a gcuid postanna sa dá bhliain atá amach romhainn, de bharr dul chun cinn na hintleachta saorga (AI).

Níl dearcadh chomh gruama sin agam féin ar chúrsaí AI – má thagann an crú ar an tairne, an mbeidh an cine daonna chomh dúr sin dáiríre go gcuirfidh sé é féin as feidhm? – ach níl mé go hiomlán cinnte nach ag séanadh na gcomharthaí ar mhaithe lem’ shláinte mheabhrach féin atáim.

Cibé ar bith, le teann ceanndánachta, níor iarr mé ar ChatGPT an t-alt seo a scríobh dom.

Ní dheachaigh mé i muinín aon oracal eile ach oiread, cé go gcloisim go bhfuil paca snasta cártaí tarot ar fáil i nGaeilge.

Is é an chaoi nach dteastódh cártaí uait chun súil chun cinn a chaitheamh ar an mbliain 2024: tá mórchuid scéalta a bheidh chun tosaigh sna ceannlínte sa bhliain atá amach romhainn ar siúl cheana féin, agus toghcháin a bheidh i gcuid mhaith eile.

Ach tosaímis leis an aimsir. Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil na dtaifead. Ní gá go mbeidh 2024 níos teo fós (bhí tionchar láidir ag an bhfeiniméan El Niño ar aimsir na bliana atá díreach caite, agus ní gá go mbeidh sa bhliain atá romhainn) ach más fianaise iad na staitisticí teochta, níl bealach ar bith nach mbeidh 2024 i measc na mblianta is teo riamh.

Agus cé gur aontaigh nach mór 200 tír ag deireadh 2023 droim láimhe a thabhairt de réir a chéile do bhreoslaí iontaise agus an táirgeadh fuinnimh inathnuaite a mhéadú faoi thrí as seo go 2030, amaidí a bheadh ann a cheapadh go gcuirfear stad, thar oíche, le téamh an domhain agus leis an athrú aeráide.

Is baolach mar sin gur iomaí eachtra adhaimsire a bheidh sna ceannlínte arís sa bhliain atá amach romhainn: tinte foraoise, tuilte, stoirmeacha, triomach agus teas.

Is baolach freisin go leanfaidh an dá mhórchoimhlint idirnáisiúnta a chaith scáil dhorcha agus fhuilteach ar 2023 ar aghaidh in 2024. Agus an t-alt seo ag dul chun preasa níl radharc ar bith ar shos cogaidh sa Mheánoirthear ná san Úcráin, gan trácht ar shíocháin bhuan.

Ar an drochuair, d’fhéadfadh cogadh eile a bheith ar tí briseadh amach i dtuaisceart Mheiriceá Theas.

Ag deireadh na bliana seo caite, d’eagraigh uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, reifreann inar fiafraíodh de phobal na tíre sin ar aontaigh siad le hionghabháil a dhéanamh ar cheantar Essequibo, ar cuid den Ghuáin é. D’aontaigh 95 faoin gcéad de mhuintir Veiniséala le Maduro gur cuid de Veiniséala é réigiún Essequibo ó cheart; diúltaíonn an Ghuáin scun scan don dearcadh sin.

Ach tá cuid mhaith tráchtairí den tuairim nach raibh sa reifreann a eagraíodh i Veiniséala agus i gcaint throdach Maduro ach cleasaíocht réamhthoghcháin, agus leis sin táimid tagtha chuig ábhar eile a bheidh sa nuacht go mion minic sa bhliain atá amach romhainn.

Bliain mhór thoghchánaíochta a bheidh in 2024. Mar a tharlaíonn, beidh toghcháin i seacht gcinn de na deich dtír is mó ar domhan ó thaobh daonra de.

Níl Veiniséala sa rannóg sin, ach – go háirithe i bhfianaise scéal cheantar Essequibo – is cinnte go mbeidh aird ar leith ar thoghchán uachtaránachta na tíre sin i mí Dheireadh Fómhair. Tá srianta á gcur le saoirse an fhreasúra i Veiniséala le fada an lá, níl próiseas toghchánaíochta na tíre iontaofa agus is dóichí ná a mhalairt gur ag Maduro a bheidh an bua; cá bhfios nach tonn nua teifeach ó Veiniséala sna tíortha máguaird an toradh a bheidh ar sin.

Ar an Rúis a bheidh súile an domhain ar Lá ‘le Pádraig, óir beidh toghchán uachtaránachta sa tír sin an lá sin. Gan dabht, ní theastaíonn paca cártaí chun tairngreacht a dhéanamh faoi thoradh an toghcháin sin ach oiread. Mura mbeidh casadh an-mhór sa scéal idir seo agus sin, ‘Lá ‘le Putin’ a bheidh sa lá sin.

Suimiúil go leor, tá toghchán uachtaránachta ceaptha a bheith san Úcráin coicís ina dhiaidh sin, ar an 31 Márta – ach má bhíonn an dlí míleata fós i bhfeidhm sa tír sin, rud atá ó thosaigh ionradh na Rúise i mí Feabhra 2022, ní rachaidh an toghchán sin ar aghaidh.

An tSín, an Phacastáin, an Indinéis, an Bhanglaidéis, an India agus Meicsiceo na tíortha móra eile, ó thaobh an daonra de, ina reáchtálfar olltoghchán, toghchán uachtaránachta, nó an dá rud i mbliana.

Ó, is ea, agus sna Stáit Aontaithe gan dabht. Beidh greim daingean ar na ceannlínte ag ceist amháin as seo go dtí an 5 Samhain: an atoghfar Joe Biden nó an mbeidh tréimhse eile sa Teach Bán ag Donald Trump?

Ach ná déanaimis dearmad go mbeidh toghchán Pharlaimint na hEorpa ar siúl roimhe sin, i dtús an Mheithimh. Toghchán na bliana seo an chéad cheann ó d’fhág an Bhreatain an Eoraip agus lena chois sin tá fás mór ar an eite fhíordheis i roinnt mhaith ballstát ar an mór-roinn. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an dá rud sin ar an toradh.

Tá an Phortaingéil agus an Liotuáin ar chuid de na tíortha Eorpacha ina mbeidh olltoghchán i mbliana. Caithfear olltoghchán a reáchtáil sa Bhreatain tráth nach déanaí ná an 28 Eanáir 2025, ach d’fhéadfadh sé gur i mbliana a reáchtálfaí é. Tá toghcháin uachtaránachta beartaithe san Fhionlainn, sa Liotuáin, sa Rómáin, sa tSlóvaic agus sa Chróit.

Tá Ruanda, Panama agus an tSeineagáil i measc na dtíortha eile lasmuigh den Eoraip ina mbeidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh i mbliana.

Agus oiread toghchán ar siúl ar fud an domhain, beidh aird ar leith ag tráchtairí agus ag eolaithe ar an gceist seo: cén úsáid a bhainfear as an intleacht shaorga chun tionchar díreach nó indíreach a imirt ar na torthaí?

Cá bhfios nach scríobhfaidh bota éigin alt maith faoin gceist sin ag deireadh 2024, i nGaeilge chomh cruinn sin nach mbeidh blas ar bith uirthi. I gcás ar bith, guímse, colúnaí den seandéanamh daonna, gach rath ar léitheoirí Tuairisc.ie sa bhliain atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'Toghcháin, toghcháin agus tuilleadh toghchán – súil chun cinn ar an domhan in 2024'