Súil ag Naomh Abán a bheith ag ceiliúradh an Nollaig seo

Imreoidh Naomh Abán in aghaidh Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach inniu, seachtain tar éis do chluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann a bheith curtha siar

Súil ag Naomh Abán a bheith ag ceiliúradh an Nollaig seo

Déanfar an dara hiarracht cluiche ceannais Chraobh Shóisir Ban na hÉireann a imirt tráthnóna agus Naomh Abán agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach ag súil go mbeifear in ann dul chun páirce tráthnóna (1.00in).

Bhí an cluiche seo le bheith ann an deireadh seachtaine seo caite ach cuireadh siar é mar gheall ar an drochaimsir. Tá sé geallta fuar inniu ach, chomh fada is nach bhfuil an pháirc ná na bóithre timpeall uirthi reoite, beidh dream amháin nó dream eile ag ceiliúradh um Nollaig.

Beagnach 20 bliain tar éis dóibh Craobh Idirmheánach na hÉireann a bhaint, tá deis ag Naomh Abán an gaisce céanna a dhéanamh i ngrád na sóisear. Cumann as Londain, Parnells, a sháraigh Naomh Abán an lá sin in 2003 ach foireann as Gaillimh a bheidh rompu inniu.

Chuirfeadh bua inniu barr maise ar an mbliain do mhná na Gaeltachta ach tá sárobair déanta acu ag dul chomh fada seo.

D’aimsigh siad ceithre chúl in aghaidh Uí Dhonnabháin Rosa chun cluiche ceannais an chontae a bhuachan mí Dheireadh Fómhair agus bhí bua cumasach acu ar Raonaithe an Chomaraigh i gcluiche leathcheannais na Mumhan.

Coimhlintí géire a bhí sa dá chluiche a bhí ag Naomh Abán ó shin, áfach. Farasbarr dhá phointe a bhí acu ar sheaimpíní Luimnigh, Úlla, i gcluiche ceannais na Mumhan agus cé go rabhadar chun tosaigh ar Bhaile na Lorgan as Muineachán d’fhormhór an chluiche a d’imir siad i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin, rinne na hUltaigh teacht aniar i dtreo an deiridh ach d’éirigh le Naomh Abán an fód a sheasamh.

Níor ghéill mná Bhaile Bhuirne ach seacht bpointe sa chluiche sin agus cúig phointe a scóráil Úlla i gcluiche ceannais na Mumhan. Cinnte bhí baint ag an aimsir leis na scóranna ísle sin ach léiríonn sé freisin cé chomh maith is atá cosaint Naomh Abán.

Is í an lánchúlaí Muireann Ní Dhuinnín croí na cosanta ach bíonn neart tacaíochta aici thiar ansin ó leithéidí Úna Ní Thuathaigh, captaen na foirne, agus Róisín Ní Chorcara, a d’imir le foireann mhionúir Chorcaí.

Ní mór do chosantóirí Naomh Abán a bheith i mbarr a maitheasa inniu ó tá cúpla tosaí an-mhaith ag Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach.

I gcluiche ceannais Chonnacht, scóráil Lauren O’Donnell 1-5 agus d’aimsigh Laura Kelly 0-7 agus ba iad an bheirt chéanna príomhscórálaithe na foirne i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a bhuaigh na Gaillimhigh ar chumann Uí Dhuibhir as Baile Átha Cliath.

Tá a gcuid tosaithe cumasacha féin ag Naomh Abán, áfach. Tá gaiscí scórála déanta ag Lydia Nic Dhonnacha go dtí seo i mbliana agus d’aimsigh Allanagh Ní hUidhir agus Grace Ní Mhurchú pointí tábhachtacha in aghaidh Bhaile na Lorgan chun áit sa chluiche ceannais seo a bhaint amach.

D’éirigh go maith le foirne Chorcaí i gCraobh Shóisir na hÉireann le blianta beaga anuas agus í buaite ag Áth Fhada (2017), Gleann Maghair (2018) agus Domhnach Mór (2019). Beidh Naomh Abán ag iarraidh cur leis sin inniu.

Fág freagra ar 'Súil ag Naomh Abán a bheith ag ceiliúradh an Nollaig seo'