Súil ag Ciarraí agus Áth Cliath ar bharr na sraithe

Imreoidh ceithre cinn de na foirne is fearr sa tír i gcoinne a chéile sa tsraith anocht

Súil ag Ciarraí agus Áth Cliath ar bharr na sraithe

Mark Bradley agus Jack McCaffrey. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Áth Cliath v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 7.00pm (Beo ar eir Sport)

Nuair a d’imir siad a chéile i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, bhí an dá fhoireann i mbarr a maitheasa. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil sé sin fíor faoi láthair agus iad ag fáil réidh do choimhlint eile i bPáirc an Chrócaigh.

Tá dhá chluiche sraithe caillte ag Áth Cliath agus ag Tír Eoghain ach, ar a laghad, tá an chuma ar an scéal don dá dhream gur i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul.

Ni fada a sheas an cor a baineadh as Áth Cliath níos luaithe sa tsraith. Chaill foireann Jim Gavin in aghaidh Mhuineacháin i mBabhta 1 agus i gcoinne Chiarraí i mBabhta 3 ach tá siad tagtha chucu féin ó shin. Bhí bua éasca acu ar Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh agus rinne siad a ndóthain chun Ros Comáin a chur de dhroim seoil cúpla seachtain ó shin.

Má bhuann Áth Cliath an dá chluiche atá fágtha acu beidh áit acu i gcluiche ceannais na sraithe agus más aon chomhartha a gcuid taispeántas go dtí seo, déarfá go mbeidh róláidir do Thír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh anocht.

Mar sin féin tá foireann Mickey Harte tagtha chucu féin freisin ó thús na sraithe. Thug siad drochthaispeántais uathu in aghaidh Chiarraí agus in aghaidh Mhaigh Eo ach tá feabhas tagtha orthu ó shin. Chríochnaigh siad féin agus Ros Comáin ar comhscór i mBabhta 3 agus tá dhá chluiche buaite acu ó shin, ceann in aghaidh an Chabháin agus ceann in aghaidh Mhuineacháin.

Caolseans atá acu cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach agus an t-ísliú céime a sheachaint is mó a bheidh ag déanamh tinnis dóibh. Níl uathu ach bua amháin eile chun an beart sin a dhéanamh, ach is fearr an seans a bheidh acu an t-aicsean a dhéanamh in aghaidh na Gaillimhe ar an Ómaigh an tseachtain seo chugainn.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Imreoir Chiarraí, Tom O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ciarraí v Maigh Eo – Páirc Aibhistín de Staic, 7.00pm (Beo ar RTÉ 2 agus eir Sport)

Ag tús na bliana, áiríodh Ciarraí agus Maigh Eo i measc na bhfoirne ba mhó a raibh seans acu stop a chur le rás Átha Cliath i mbliana. Agus cúig chluiche as a chéile buaite ag Ciarraí go dtí seo sa tsraith, is beag duine nach mó an mhuinín a bheadh aige as Ciarraí.

Tá beagán amhrais ann arís faoi Mhaigh Eo. Chuir siad tús maith leis an tsraith agus an bua acu in aghaidh Ros Comáin, Thír Eoghain agus an Chabháin ach chlis siad sa dá chluiche is mó atá imeartha acu.

Bhí siad go holc ar fad in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh i mBabhta 4 agus cé nach mbeadh James Horan róbhuartha faoi aon drochthaispeántas amháin bhí údar ceart imní aige nuair nár fheabhsaigh siad mórán in aghaidh na Gaillimhe i mBabhta 4.

Bhí beirt imreoirí sa bhreis ag Maigh Eo ar feadh deich nóiméad sa chluiche sin i bPáirc Uí hÉil ach níor scóráil siad ach aon phointe amháin le linn na tréimhse céanna, agus ó chic saor a tháinig an scór sin. D’fheabhsaigh siad beagáinín ag tús an dara leath agus cóir na gaoithe acu ach díreach nuair a bhí an chuma orthu go mbeadh leo, scaoil siad Gaillimh ar ais sa choimhlint agus bhí an lá le foireann Kevin Walsh.

Bainfidh Ciarraí áit amach i gcluiche ceannais na sraithe fiú má chríochnaíonn cluiche na hoíche anocht ar comhscór, ach tá cuma amplach ar imreoirí óga na Ríochta agus ní ghéillfidh siad orlach i dTrá Lí.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Súil ag Ciarraí agus Áth Cliath ar bharr na sraithe'