Deir Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil a Roinn “ag scrúdú na roghanna go léir” chun réiteach “gearrthéarmach” agus “fadtéarmach” a fháil ar cheist mhaoinithe Fhoras na Gaeilge.
Dúirt Calleary go raibh “cruinniú tairbhiúil” tráthnóna inné le Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin agus Seán Ó Coinn chun plé a dhéanamh ar “na dúshláin airgeadais” atá roimh an eagraíocht trasteorann.
Thug an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris le fios sa Dáil go dtabharfadh sé féin aghaidh chomh maith ar chás an Fhorais agus dúirt sé gur thuig sé “an tábhacht a bhain le cinnteacht ó thaobh maoinithe” don eagraíocht. Bhí ceist á freagairt ag an Tánaiste ó Shane Moynihan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.
Idir an dá linn, d’fhógair an eagraíocht Glór na nGael inné go raibh an ócáid bhronnta duaiseanna a bhíonn acu gach bliain á cur ar ceal i mbliana acu de dheasca na gciorruithe. Beidh Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael a eagrú ar líne i mbliana agus duaischiste níos lú ann, a dúradh.
Tá Glór na nGael ag éileamh chomh maith go gcuirfí ciste tarrthála idir €75,000 agus €100,000 chun tacú le grúpaí pobail atá thíos leis na ciorruithe.
D’fhógair an Foras go raibh na ciorruithe le déanamh de thoradh “bearna mhór” i mbuiséad 2025 na heagraíochta.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo go bhfuil cúig iarracht déanta in Stormont socrú nua maoinithe a dhéanamh do eagraíochtaí trasteorann a cheadódh don rialtas ó dheas maoiniú breise a chur ar fáil dóibh neamhspleách ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh. Ní raibh raibh aon ghlacadh an DUP leis an moladh, áfach.
Pádraic
Tá sé náireach gurb é an DUP is cúis leis an tsáinn seo. Níor cheart go mbeadh aon tionchar acu ar cheist mhaoinithe na Gaeilge ó dheas!