Samhlaímse Rockefeller Plaza i Nua-Eabhrac le crainnte Nollag, soilse geala, daoine ag scátáil ar leac oighir agus radharcanna ó scannáin cháiliúla ar nós Home Alone.
Ní mar sin a bhí sé san oíche Dé Máirt an tseachtain seo. Is sa tsráid chéanna atá ceanncheathrú NBC lonnaithe agus baisteadh ‘Democracy Plaza’ ar do chomhaireamh na vótaí.
Bhí na céadta bratach Mheiriceánach ar foluain, bhí dathanna na Stát Aontaithe teilgthe ar fhoirgneamh NBC agus bhí dhá scáileán ollmhór i lár na sráide ag craoladh chlár na dtorthaí.
Nuair a fógraíodh go raibh Florida agus North Carolina buaite ag Donald Trump thosaigh an slua ag ceiliúradh agus ar bhealach éigin mhéadaigh an teannas. Bhí fear óg a raibh culaith dhúghorm agus carbhat dearg air ag fógairt ar bheirt de lucht tacaíochta Harris – ‘suas libh anois go hArdeaglais Naomh Pádraig (atá ar 5th Avenue céad slat ón bplás). Beidh na paidreacha ag teastáil uaibh anois,’ ar sé.
Thiomáin leoraí fógraíochta, a raibh pictiúr de Trump tar éis a chaite i mí Iúil air, isteach le taobh an tslua agus thosaigh ag séideadh an bhonnáin go hard. Thosaigh an tiománaí agus fear ar an tsráid ag béiceach ar a chéile cé go raibh siad ag aontú le chéile faoi dhea-scéal an toraidh. Tá sé in am dul abhaile, arsa cúpla le mo thaobh. Blaiseadh an-bheag ach blaiseadh den iliomad eachtra atá ag tarlú i Meiriceá inniu.
Is cuma cén dearcadh polaitiúil atá agat, tá bua soiléir tugtha ag pobal na Stát Aontaithe do Donald Trump. Ní hamháin gur éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar Kamala Harris sna stáit chinniúnacha a bhfuil muid ag trácht orthu le míonna, tá bua cuimsitheach faighte aige. Ní hamháin gur éirigh leis sa gcoláiste toghchánaíochta ach i mbliana, murab ionann agus 2016, fuair sé tromlach de ghuth an phobail, beagnach cúig mhilliún níos mó ná Kamala Harris. D’éirigh leis dul chun cinn suntasach a dhéanamh in áiteacha atá ina ndúnáras le fada ag na Daonlathaigh cosúil le Nua-Eabhrac.
Dúirt os cionn 30% de dhaoine a labhair le lucht pobalbhreithe agus iad ag fágáil na mbothanna vótála inné gurb í tábhacht an Daonlathais is mó a a bhí ina n-intinn agus iad ag vótáil. Bhí an eacnamaíocht ar an dara ceist a bhí ag déanamh imní dóibh. Ach ag breathnú ar chúrsaí maidin inniu, is léir go bhfuair an eacnamaíocht tús áite i mianta an phobail.
Is cuma cén imní atá ar dhaoine faoin daonlathas, cearta ban, imirce ná aon ábhar eile, creideann pobal na Stát Aontaithe go mbeidh siad níos fearr as agus níos sábháilte faoi Donald Trump. Sin an teachtaireacht atá tugtha acu beag beann ar an imní faoi thuairimí an uachtaráin faoi ghnéithe éagsúla eile den saol.
Beifear ag faire go géar an mbeidh an saol níos fearr acu.
Fág freagra ar '‘Suas libh go hArdeaglais Naomh Pádraig, beidh na paidreacha ag teastáil uaibh’'