Straitéis na gceithre charnán

Tá ar gcomhfhreagraí i mbun oibre an tseachtain seo – ag cur atheagair ar a cuid éadaigh sa vardrús

A pile of clothes on white background

Tá ceist amháin a chuirimid i gcónaí ar dhaoine sa tsraith ‘Barr Smaise’ ar Tuairisc.ie faoin mball éadaigh is sine ina gcófra/vardrús. Cruthaíonn na freagraí gur fearr leis an gcuid is mó againn a bheith ag stóráil seachas a bheith ag scaradh le héadach áirithe.

Seo cúpla sampla do na héadaigh a bhí fós i dtaisce ag mná a bhí ina n-aíonna ar ‘Barr Smaise ’: “Carbhat fionnaidh a thug mo sheanmháthair abhaile ó Mheiriceá sna 1920í” (Mairéad Ní Nuadháin); “Cóta fearthainne atá ar a laghad 10 mbliana d’aois” (Áine Ní Bhreisleáin); “Cóta beag galánta a cheannaigh mo thuismitheoirí sa Spáinn nuair a bhí mé dhá bhliain d’aois” (Orla O’Donnell); “An seaicéad a chaith mé ag mo chomhneartú”  (Fiona Ní Fhlaithearta); agus “Seaicéad suede a cheannaíos i River Island blianta fada ó shin nuair a bhí a leithéid tarraingteach” (Beirní Ní Chuinn).

Bhí na fir chomh cúramach céanna agus fonn orthu greim docht a choinneáil ar éadach ar leith: “Mo chulaith pósta” (Páidí Ó Lionáird); “Geansaí Ralph Lauren a cheannaigh mo mháthair mar bhronntanas dom nuair a bhí mé seacht mbliana déag d’aois” (Seán Ó Baoil); agus “Geansaí foirne ó Chumann Mhícheál Breathnach atá agam le seacht mbliana” (Colm Ó Fátharta).

Is é firinne an scéil é go gcoinníonn muid ar fada baill éadaigh speisialta a thaitníonn linn, a bhfuil cuimhní ar leith ceangailte inár n-intinn leo, a fuair muid mar bhronntanas nó a chaith muid ag ócáid thábhachtach. Is fuath linn an t-éadach sin a chaitheamh uainn ach bíonn spás sna vardrúis teoranta agus in amanna caitear tabhairt faoin roghnú gan trua gan taise. Is fiú aird a thabhairt ar riail amháin – rud ar bith nach bhfuil caite agat le bliain anuas is beag cúis go bhfágfaí i do vardrús é. 

Tá straitéis maith ann a oibríonn thar cionn dar liom féin agus is mór is fiú tabhairt faoi go háirithe ag an tráth seo bliana nuair atá na séasúir ag athrú; tá deis againn éadach an tsamhraidh a chur ar leataobh agus tús áite a thabhairt d’éadach an gheimhridh. 

Straitéis na gceithre charnán a thugaim féin air.

Tosaíonn tú trí éadach an vardrúis a roinnt i gceithre charnán.

Ní théann sa chéad charnán ach éadach a bheas á úsáid agat go rialta le linn an tséasúir romhainn – éadach an gheimhridh anois. Má tá tú in amhras faoi phíosa éadaigh ar leith, cuir ort arís é go bhfeicfidh tú agus cabhróidh sin leat d’intinn a shocrú. Má chreideann tú gur beag seans go mbeidh píosa éadaigh ar leith á chaitheamh agat sa tréimhse romhat, níl áit dó sa charnán seo.

Sa dara carnán a chuirtear éadach maith ar bith a bheas á úsáid arís agat an chéad séasúr eile – éadach an tsamhraidh faoi láthair. Níl cúis ar bith go mbeadh bristí gearra nó sciortaí samhraidh sa vardrús anois agus i sféidir iad a chur sa dara carnán le cur i dtaisce go dtí an bhliain seo chugainn. Is féidir spás stórála a aimsiú i mbosca faoin leaba nó úsáid a bhaint as málaí plaisteacha a mbaintear an t-aeir astu le folúsghlantóir. Beidh an t-éadach ón gcarnán seo ag dul ar ais sa vardrús ag tús an tsamhraidh.

Baineann an tríú carnán le carthanacht – baill éadaigh ar bith atá go maith ach nach fiú duit a choinneáil mar nach gcaithfidh tú arís iad a théann sa charnán seo. ‘Someone’s trash is someone else’s treasure’ a deirtear ach tá sé tábhachtach go mbeadh an t-éadach atá le tabhairt chuig do rogha eagraíocht carthanachta agat glan, gan smáil agus gan a bheith stróicthe.

Sa cheathrú carnán – carnán an bhruscair – a théann an t-éadach sin a bhfuil suim cailte agat ann agus nach mbeadh aon tairbhe ann d’eagraíocht carthanachta. Má tá sé gioblach nó ró-úsáidte, ní bheidh aon tairbhe ann d’aon duine eile agus tá sé in am slán a fhágáil leis.    

Anois agus an roghnú déanta, is fiú eagar a chur ar an vardrús féin. Ba cheart spás ar leith a shocrú do gach cineál éadaigh – cótaí ar fad le chéile, seaicéid ansin, gúnaí, sciortaí, treabhsair agus barranna; gach rud agus a áit féin aige.

Is é an toradh a bheas ar do shaothar ná go mbeidh cuma néata ar do vardrús agus beidh fonn ort é a choinneáil eagraithe; ní bheidh aon deacracht agat ansin an sciorta nó blús ar leith a aimsiú ar an bpointe boise, ná ní bheidh ort dul ag cuardach agus ag tóraíocht an phíosa sin a bhfuil fhios agat atá ansin ach nach féidir a aimsiú agus tú faoi dheifir!

Tá ‘fashionista’ amháin a mholann polasaí ar a dtugtar ‘one in, one out’; go gcoinníonn tú teorainn leis an méid crochadán atá agat sa vardrús agus nach dtéann aon rud nua isteach ann go dtí go mbeidh tú sásta ball éadaigh éigin a aistriú amach as. 

Seans go bhfuil an polasaí sin róradacach den chuid is mó againn.

Fág freagra ar 'Straitéis na gceithre charnán'