Stop curtha le cás éignithe mar gheall ar alt nuachtáin

Géilleadh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu d’iarratas go scaoilfí leis an ngiúiré i gcás éignithe mar gheall ar alt nuachtáin ar bheag nár thug sé ‘scannal don Chúirt’

Stop curtha le cás éignithe mar gheall ar alt nuachtáin

Cuireadh stop inniu le héisteacht cás éignithe sa Phríomh-Chúirt Choiriúil toisc, a dúirt an Breitheamh, gur foilsíodh ar nuachtán tráchtaireacht faoin dtriail nár facthas a macasamhail cheana.

Ligeadh amach an giúiré Dé hAoine seo caite lena machnamh a dhéanamh faoin gcás a bhain le fear as Baile Átha Cliath ar cuireadh ina leith go ndearna sé éigniú ar bhean in 2015, ach cuireadh críoch thobann leis an dtriail inniu mar gheall ar phíosa tuairimíochta a foilsíodh ar an Irish Independent Dé Sathairn.

Mhaígh lucht dlí an chosantóra gur tugadh le fios go hindíreach sa phíosa tuairimíochta go raibh a gcliant ciontach agus gur ‘íobartach’ a bhí sa té a thug an cás ina choinne.

Ghéill an Breitheamh Paul McDermott don iarratas go scaoilfí leis an ngiúiré sa chás agus dúirt sé gur bheag nár thug an t-alt nuachtáin scannal don Chúirt. Thagair an Breitheamh do cheannlíne an ailt ‘A tipping point has come from high-profile cases shining painful spotlights’ agus don ráiteas ann “[that] society has had a bellyful” maidir le cásanna cúirte a bhaineann le héigniú.

Dúirt an Breitheamh go raibh ceart ag daoine tuairimí a bheith acu faoi na nithe seo, ach nach bhféadfaí glacadh leis go dtarraingeofaí cás cúirte a bhíonn ar siúl isteach sa phlé sin. Dúirt sé gur tugadh le fios sa phlé ar na meáin faoin gcás nach raibh cothrom na Féinne á fháil sa triail agus dúirt leis an ngiúiré, ochtar ban agus ceathrar fear, nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de thráchtaireacht faoin gcás.

Dúirt an Breitheamh gur fhág foilsiú an ailt go raibh ceisteanna faoi thriail an chosantóra a chaithfí filleadh orthu agus go gcaithfeadh sé fanacht le scéala faoi atriail.

Dúirt sé nach raibh aon ní mícheart faoin tslí ar reáchtáladh an triail agus mhol sé lucht dlí an dá thaobh as a ngairmiúlacht.

Dúirt an t-abhcóide thar ceann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhféadfaí treoir a thabhairt don ngiúiré neamhaird a thabhairt d’aon tráchtaireacht nó ailt faoin ábhar agus a machnamh á dhéanamh acu ar an gcás.

Dúirt lucht dlí an chosantóra áfach go raibh sé sásta go raibh triail chóir faighte aige nó gur foilsíodh an t-alt ach nach bhféadfadh sé a bheith sásta ina dhiaidh sin go mbeadh giúiré ábalta an fhianaise a mheas go hoibiachtúil.

Fág freagra ar 'Stop curtha le cás éignithe mar gheall ar alt nuachtáin'