Stoirm Éowyn ag teacht, rabhaidh dearg agus oráiste fógartha

Deir Met Éireann go dtabharfaidh Stoirm Éowyn léi gaoth a d’fhéadfadh ‘díobháil agus dochar’ a dhéanamh agus beatha daoine a chur i mbaol

Tá rabhadh dearg gaoithe fógartha do Chiarraí, Corcaigh, Luimneach agus contae an Chláir.

Deir Met Éireann go dtabharfaidh Stoirm Éowyn léi gaoth a d’fhéadfadh “díobháil agus dochar” a dhéanamh agus beatha daoine a chur i mbaol.

Tiocfaidh an rabhadh dearg i bhfeidhm ag 3am Dé hAoine agus seasfaidh sé go dtí 10am an mhaidin sin.

Tá rabhadh gaoithe oráiste i bhfeidhm sa stát go léir ó 2am Dé hAoine go dtí 5pm Dé hAoine.

Deir Met Éireann gur dócha go leathnófar an rabhadh dearg chuig contaetha ar chósta an iarthair.

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar aon duine a bheidh ag tabhairt faoi aon taisteal go bhféadfadh an-chontúirt a bheith ar bhóithre. D’fhéadfadh dálaí oibre a bheith contúirteach chomh maith.

Deir Met Éireann go bhféadfadh go bhfágfadh an stoirm go gcuirfí imeachtaí ar ceal agus go gcuirfidh sí isteach ar dhaoine atá ag taisteal.

D’fhéadfadh go leagfar crainn agus go mbeidh briseadh cumhachta forleathan ann.

Táthar ag tuar go bhféadfadh 135 ciliméadar san uair a bheith leis an stoirm an uair is measa a bheidh sí.

Tá an baol ann go bhféadfadh tonnta arda a bheith ann agus d’fhéadfadh tuilte a bheith cois cósta agus ar thalamh rite.

 

 

Fág freagra ar 'Stoirm Éowyn ag teacht, rabhaidh dearg agus oráiste fógartha'