Staid éigeandála fógartha san Úcráin, a thuilleadh smachtbhannaí á gcur ar an Rúis

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go gcaithfí tacaíocht na hÉireann don Úcráin a chur in iúl go láidir

Staid éigeandála fógartha san Úcráin, a thuilleadh smachtbhannaí á gcur ar an Rúis

Tá a thuilleadh smachtbhannaí á gcur ar an Rúis, tráth a bhfuil staid éigeandála fógartha ag Rialtas na hÚcráine.

An chomhairle a thug Rialtas na hÚcráine do shaoránaigh na tíre sin atá ina gcónaí sa Rúis ná an áit a fhágáil láithreach.

Meastar gur thart ar thrí mhilliún saoránach de chuid na hÚcráine atá ag cur fúthu sa Rúis.

Tá ag méadú ar an teannas sa cheantar ó d’fhógair Vladimir Putin na Rúise aitheantas don dá réigiún in oirthear na hÚcráine, Luhansk and Donetsk, a d’fhógair gur dhá phoblacht iad.

D’ordaigh an Rúis a cuid trúpaí isteach sa dá réigiún sin a scar ón Úcráin agus atá á rith ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht Mhoscó acu.

Dúirt ceannasaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres tráthnóna “gur scáfar an uair í seo don domhan”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go gcaithfí tacaíocht na hÉireann don Úcráin a chur in iúl go láidir. 

Dúirt an Taoiseach gur “lá dubh” a bhí ann agus go raibh géarchéim na hÚcráine “an-tromchúiseach”.

Bhí Éire ina cuid de chóras na smachtbhannaí a bhí fógartha ag an AE, a dúirt sé.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur chóir smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis toisc a bhfuil i ndán do “shlándáil na hEorpa” a bheith ag brath ar cad a dhéanfaidh an Rúis.  

Tá cinneadh déanta ag an Aontas Eorpach sócmhainní a chalcadh nó a reo agus cosc taistil a chur i bhfeidhm ar 23 duine, trí bhanc agus ar “monarcha trollála” i gCathair Pheadair.

Tá cruinniú mullaigh éigeandála ag ceannairí an Aontais Eorpaigh amárach leis an gcéad chéim eile a phlé agus é socraithe cheana féin pionós a chur ar an 351 teachta i nDúma Stáit na Rúise a vótáil ar son an aitheantais a thug an Rúis don dá cheantar in oirthear na hÚcráine a d’fhógair iad féin ina bpoblachtaí in 2014, Donetsk agus Luhansk. 

Cuirfidh an tAontas pionós chomh maith ar 27 duine aonair agus aonáin a bhfuil sé á chur ina leith gur dhíchobhsaigh siad an Úcráin, gur eagraigh siad feachtais bhréagaisnéise agus gur thug siad tacaíocht airgid do na críocha a scar ón Úcráin. 

Baineann na daoine agus na forais a bhfuil a sócmhainní á gcalcadh agus cosc taistil á chur orthu le hearnálacha na polaitíochta agus na meán chomh maith leis an earnáil mhíleata. Ní bheidh cead acu feasta teacht isteach san Aontas Eorpach nó taisteal tríd.

Tá bearta á réiteach faoi láthair chun trádáil a chosc leis an dá cheantar in oirthear na hÚcráine atá faoi smacht na Rúise. 

Tá sé curtha in iúl ag ceannairí an AE go bhféadfaí tuilleadh smachtbhannaí a chur i bhfeidhm sna laethanta beaga seo romhainn.

Tá smachtbhannaí fógartha ag na Stáit Aontaithe chomh maith agus iadsan ag díriú ar bhanc forbartha stáit na Rúise (VEB), ar an mbanc míleata, ar fhiachas ceannasach na tíre agus ar chúigear d’éilít na Rúise agus a dteaghlaigh.  

Fág freagra ar 'Staid éigeandála fógartha san Úcráin, a thuilleadh smachtbhannaí á gcur ar an Rúis'