Stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge

Agus stádas oifigiúil ag Iarthar Bhéal Feirste cuirfear infheistíocht ar fáil ar feadh seacht mbliana le plean teanga a chur i bhfeidhm sa cheantar

Stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge

Tá stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge.

Freastalaíonn Líonraí Gaeilge ar cheantair lasmuigh den Ghaeltacht nach mbíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta ach a bhfuil pobail Ghaeilge iontu.

Cúig Líonra Gaeilge a aithníodh faoin bpróiseas pleanála teanga ar dtús – Cluain Dolcáin, Baile Locha Riach, Inis, Béal Feirste agus Carn Tóchair.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers níos túisce i mbliana go mbeadh sé bhaile ag ullmhú pleananna teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn – Ceatharlach, Muineachán, Cill Dara, Tamhlacht, Baile Átha Cliath Láir agus Cathair Luimnigh .

Agus stádas oifigiúil ag Iarthar Bhéal Feirste cuirfear infheistíocht ar fáil ar feadh seacht mbliana le plean teanga a chur i bhfeidhm sa cheantar. Fostófar comhordaitheoir pleanála teanga le bearta an phlean teanga sin a chur i bhfeidhm agus leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhar le heagraíochtaí eile sa cheantar.

Is í an eagraíocht óige agus phobail Glór na Móna a chuirfidh an plean teanga i bhfeidhm agus beidh siad ag obair in éineacht le coiste stiúrtha atá ionadaíoch ar mhórcheantar Iarthar Bhéal Feirste.

Ag caint ar na forbairtí seo, dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh. gur “onóir agus pribhléid ollmhór” do Ghlór na Móna a bheith mar cheanneagraíocht pleanála teanga don cheantar.

“Tuigimid go bhfuil muid inár seasamh ar ghuaillí fathach agus tá bród an domhain orainn a bheith páirteach sa phróiseas seo,” a deir Mac Ionnrachtaigh.

“Tá infreastruchtúr dochreidte láidir againn sa cheantar. Is é an sprioc agus an dúshlán atá romhainn cur chuige comhtháite agus comhpháirtíochta a fhorbairt agus a bhuanú a cheanglaíonn agus a neartaíonn tionscadail rathúla, phobalbhunaithe sa teanga sa cheantar do na glúine le teacht. Feictear dúinn gur forbairt stairiúil é an plean teanga in athbheochan chomhaimseartha na Gaeilge sa chathair, a thugann deis dúinn fís fhadtéarmach athghabhála don teanga a chur chun cinn sa cheantar.”

Ag caint dó thar ceann an choiste stiúrtha do líonra Iarthar Bhéal Feirste, dúirt cathaoirleach an choiste stiúrtha áitiúil, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, go bhfuil siad ag plé leis an líonra pleanála teanga d’iarthar Bhéal Feirste ó bhí 2015 ann.

“Tá muid ar bís anois go bhfuil an maoiniú faighte sa deireadh thiar thall agus tionscadal ag bogadh chun cinn,” ar sé.

“Tá clú agus cáil ar Ghaeltacht Bhéal Feirste fud fad na tíre mar shampla cumhachtach den athbheochan phobalbhunaithe uirbeach. D’eascair an réabhlóid chultúrtha phobalbhunaithe seo ó éacht cheannródaíoch Bhóthar Seoighe a leag síos síol na hathbheochana níos mó ná caoga bliain ó shin agus atá ag bláthú leis i gcónaí.”

Deir Ó Tiarnaigh gurb é an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste ná “mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioccheantar sna blianta amach romhainn”.

“Tugann an stádas oifigiúil don líonra s’againn dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus beireann an maoiniú breise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéanann an soláthar reatha a aithint agus a mheas, agus a thugann na hacmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fána bhuanú agus a neartú.”

Beidh plean teanga Iarthar Bhéal Feirste á chur i bhfeidhm thar thréimhse seacht mbliana.

Le haitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge, caithfidh ceantar roinnt critéar a shásamh. Ina measc, caithfidh breis is 1,000 duine a bheith ina gcónaí sa cheantar, caithfidh ar a laghad dhá institiúid oideachais lán-Ghaeilge atá sa cheantar a bheith páirteach san iarratas agus caithfear fianaise a thabhairt go bhfuil cumas Gaeilge ag ar a laghad 5% den phobal sa cheantar.

Fág freagra ar 'Stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge'

  • Dónall Mór Mac Billings

    Comhghairdeas !!! ó Ghaeltacht Phríosúin Phort Laoise
    Nach scéal iontach é seo i dtaobh dul chun cinn na Gaeilge in Iarthair Bhéal Feirste. Go n-éirí leis an Dream Dearg a gcuid cuspóirí a bhaint amach fosta.

    Agus Lá Breithe Sona do Dhónall Mór Mac Billings i bPríosún Phort Laoise 30/06/2022. An Príosúnach Poblachtach is sine ag aois 72 bliain sa ‘SaorStáit’ ag troid go fóill ar son Ceannasaíochta na tíre seo a bheith i lámha Éireannacha mar áta ar siúl san Úcráin dá gCeannasaíócht féin in aghaidh na Rúise.

    Le dea-guíonna ó Phoblachtaigh i gcéin agus i gcóngar, ó Eamaoinn Mac Na Mara agus eile!!!
    An Phoblacht Nua Abú.

    Dónall Mór Mac Billings
    Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise