Is fada ó tháinig sraith chomh tráthúil, chomh cumhachtach agus chomh cumasach le Adolescence (Netflix) os ár gcomhair. Saothar é seo a thugann éachtaint chorraitheach chumhachtach dúinn ar an gcultúr incel agus na hiarmhairtí a leanann dúnmharú cailín óig.
Sa chéad chlár címid na póilíní ag déanamh ruathair ar thigh teaghlaigh i dtuaisceart Shasana. Agus iad ag obair go pointeáilte tomhaiste gabhann siad buachaill óg trí bliana déag d’aois. Téann an stíl i bhfeidhm ort ar an bpointe; seat leanúnacha aon cheamara ag cur cuma an scannáin faisnéise ar chúrsaí.
Ansan tugtar an buachaill, Jamie (Owen Cooper), chuig stáisiún na bpóilíní mar a dtagann póilíní, oibrithe sóisialta, altraí agus dlíodóirí isteach sa chúram. An córas fuarchúiseach ag teacht i bhfeidhm.
Sa dara gála tugtar sinn chuig scoil Jamie, “loc coinneála” faoi mar a bhaistear air go drochmheasúil – áit atá plúchta ag boladh “an chabáiste, na múisce agus na glacaireachta”. Is ansin a thosnaíonn an cultúr frithbhanda incel ag teacht chun cinn agus an póilín Luke Bascombe (Ashley Walters) ag iarraidh brí a bhaint as teachtaireachtaí ceilte na straoiseog ar Instagram.
Sé an tríú gála buaic na sraithe ar mhórán slite. Comhrac beirte idir Jamie agus agus an síceolaí, Erin Doherty. Í siúd ag iarraidh meon aigne an bhuachalla a chíoradh, é siúd goilliúnach leochaileach ach bagrach mustrach ag an am céanna.
An clár ar fad dírithe ar an mbeirt seo i seomra in ionad do bhuachaillí a bhfuil meabhairghalair orthu. Is anseo a chuirtear abhaile orainn cé chomh cumasach is atá an aisteoireacht sa saothar.
Déarfainn gurb é seo an taispeántas is fearr ó dhuine óg ó chuir Anna Paquin faoi dhraíocht sin sa scannán The Piano (1993) nó ó dhein Haley Joel Osment an gaisce céanna sa scannán The Sixth Sense (2000). Tá Doherty í féin go maith os cionn a buille agus a proifisiúntacht ag dul in aimhréidh ina comhbhá agus a déistin.
Dírítear ar theaghlaigh Jamie sa cheathrú gála. Taispeántas iontach eile anseo le Stephen Graham, duine de chruthaitheoirí na sraithe, ag léiriú feirge, briseadh croí is aiféala. É féin agus a bhean, Manda (Christine Tremarco) ag iarraidh a dhéanamh amach cá gcuaigh a mac ar bhóiléagar agus cad a d’fhéadfadh a bheith déanta difriúil acu.
Ag tarrac i dtreo dheireadh an cheathrú clár deir Manda lena hiníon Lisa (Amelie Pease) go mbeidh gach rud ceart go leor. An fhadhb ná ní bheidh; tá cailín marbh agus saol daoine millte.
Tá an radharc deireanach ar cheann de na cinn is léanmhaire atá feicthe agam le blianta. Ní bheidh an goile ag cách don tsraith thachtach seo ach níl aon dabht ná gur saothar cheannródaíoch é nach gcuireann fiacail sa léiriú a thugann sé ar an gcultúr incel agus iarmhairtí fadsaoil an fhoréigin.
Fág freagra ar 'Sraith scáfar faoi dhomhan dorcha an déagóra fhirinn'