SRAITH PICTIÚR: Laethanta Saoire

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an S.P.

SRAITH PICTIÚR: Laethanta Saoire

Scannán

Mír

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá bhabhta/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt fhocal/nathanna sa scamall focal thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éísteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh sé/sí sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Tá roinnt acu marcáilte. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi laethanta saoire a bhí agat féin.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir síos a thabhairt ar na laethanta saoire a rá gur thaitin nár thaitin siad leat agus cén fáth.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

Gníomhaíocht 11 – Mír Seoigh!

Rólghlacadh!

Bróg

  • Dá mbeadh an tseanbhróg seo in ann labhairt linn, céard a déarfadh sí linn.
  • Úsáid do shamhlaíocht!
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
  • Abair gur cuimhin leat duine, áit nó rud.
  • Déan iarracht mothúcháin a chur in iúl.
  • Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.

Laethanta saoire – Tenerife

1)
Bheartaigh Sorcha, Aoife agus Áine dul ar laethanta saoire go Tenerife.
D’éirigh siad ag breacadh an lae agus fuair siad tacsaí go dtí aerfort Bhaile Átha Cliath.
Bhí codladh orthu ar fad ach bhí sceitimíní orthu chomh maith.
D’íoc siad fear an tacsaí.

2)
Bhí an t-aerfort dubh le daoine ach ní raibh aon scuaine don eitilt chuig Tenerife.
Nuair a bhí a mbagáiste seiceáilte fuair siad a bpasanna bordála.
Bhí an té a bhí ag freastal orthu an-ghealgháireach ar fad.
Bhí siad ag tnúth go mór leis na laethanta saoire.

3)
Bhí cupán caife acu sa bhialann.
Bhí clab go cluasa orthu ar fad.
Shamhlaigh siad go mbeadh saoire den chéad scoth acu.
Bheadh bolg le gréin acu cois farraige.
Bhí sceitimíní áthais orthu.

4)
Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin bhí ceann scríbe sroichte acu.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Bhí siad an-sásta leis an óstán.
Ní raibh duine ná deoraí timpeall ar an linn snámha.
Ní foláir nó go raibh siad ar fad ag an trá.

5)
Bhí an trá dubh le daoine.
Bhí daoine ag snámh san uisce, ag siúl agus ag imirt eitpheile.
Bhí an aimsir go hálainn, ní raibh scamall sa spéir.
Bhí an triúr cailíní ag sú na gréine ó mhaidin go hoíche.

6)
Bhíodh béiltí blasta acu gach oíche.
Théadh siad ag rince go minic chomh maith.
Bhí dath na gréine orthu tar éis a laethanta saoire.
Bhí saoire den chéad scoth acu agus ní dhéanfaidh siad dearmad uirthi an dá lá dhéag is a mhairfidh siad.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cá ndeachaigh na cailíní?
  2. Cén fáth, meas tú, a raibh aoibh mhaith ar na cailíní?
  3. Céard air a raibh siad ag smaoineamh sa bhialann?
  4. Cén sórt aimsire a bhí ann?
  5. Cén gaol a bhí eatarthu? (deirfiúracha, cairde srl.)