SRAITH PICTIÚR: Agallamh do Nuacht TG4 @ 7

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Muna bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán.
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3 – bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt fhocal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh  tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh siad sin cur síos ar an trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile. 

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie. agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Tá tú le hagallamh a chur ar an duine cáiliúil is fearr leat. Cum na ceisteanna a chuirfeá uirthi.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

Gníomhaíocht 10 – Faigh cúlra, cuir ceist phearsanta, déan soléiriú a lorg, cuir ceist faoi mhothúcháin.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Agallamh do Nuacht TG4 @ 7

1) Bhí Seán, Micheál agus Bríd san ionad siopadóireachta.
Bhí an áit dubh le daoine.
Shuigh siad síos lena scíth a ligean.
Bhí siad tuirseach, traochta, tnáite mar go raibh siad ag siopadóireacht le cúpla uair an chloig.

2) Tháinig tuairisceoir agus a cheamaradóir a fhad leo.
Theastaigh ón tuairisceoir cúpla ceist a chur orthu.
Bhí áthas air a chloisteáil go raibh Gaeilge acu.
Cé go raibh siad neirbhíseach bhí siad breá sásta a chuid ceisteanna a fhreagairt.

3) An t-ábhar cainte a bhí aige ná saol an duine óig.
Theastaigh a gcuid tuairimí uaidh.
An raibh siad sona nó míshona.
I bpreabadh na súl, cuireadh tús leis an taifeadadh.

4) Dúirt Séan nach raibh mórán airgid ag daoine óga. Ba bhreá leis post a bheith aige.
Dúirt Bríd go raibh an-bhrú ag baint leis an scoil agus scrúduithe. Bhí sí den tuairim go gcuireann tuismitheoirí leis an strus agus brú seo.
D’admhaigh Micheál go mbíonn fadhbanna ag daoine óga ach mhaígh sé go bhfuil go leor buntáistí ag baint le saol an duine óig.
Luaigh sé an t-am saor, bia maith agus an saol sóisialta.

5) Bhí siad ar fad lánsásta leis na freagraí a thug siad.
Mheas siad gur chruthaigh siad go maith.
D’fhiafraigh siad don tuairisceoir cén uair go mbeadh siad le feiceáil.
Dúirt sé go mbeadh an mhír le feiceáil ar Nuacht TG4.
Ghabh sé buíochas leo agus thug sé t-léinte agus caipíní de chuid TG4 dóibh. 

6) Bhí siad ar fad ag tnúth leis an Nuacht ag a seacht.
Shuigh Bríd agus a teaghlach os comhair na teilifíse.
Tar éis na míre bhí a dtuairimí féin ag gach duine.
Dúirt máthair Bhríd go raibh sé an-mhaith agus an-spéisiúil.
Bhí iontas ar athair Bhríd go mothaíonn sí faoi bhrú.
Níor aontaigh sé léi ar chor ar bith.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Luaigh dhá shiopa a bhí san ionad siopadóireachta.

2) Cén am a mbíonn an nuacht ar siúl?

3) Déan cur síos ar na t-léinte.

4) Cén aois iad na daoine óga seo, meas tú?

5) Céard a cheap tuismitheoirí na beirte eile don mhír, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Agallamh do Nuacht TG4 @ 7'