SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang (leagan 2)

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 5). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang (leagan 2)

Scannán

Mír

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5, ach níl sé san ord ceart. An féidir leat é a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5.

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liost thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh siad sin cur síos ar an trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla faoi uair éigin gur tháinig tú i gcabhair ar dhuine éigin eile.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir síos a thabhairt ar an eachtra, mínigh cén chaoi a chabhraigh tú leis an duine.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

Gníomhaíocht 11 – Mír Seoigh!

Rólghlacadh!

Argoint

  • Tá an bheirt thuas ag argóint. Scríobh an comhrá atá acu.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan argóint, tabhair masla, tabhair le fios cén ghaol atá eatarthu, gabh leithscéal.

  • Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.

Ag Téacsáil sa Rang

Bhí an rang mata faoi lán seoil.
Bhí an seomra comh ciúin le reilig.
Ceapaim go raibh obair na gcapall ar siúl.
Dhírigh an múinteoir aird na scoláirí ar an gclár bán.
Thug an scoláirí cluas le héisteacht di.

Bhí Seán suite ar chúl an ranga ar a sháimhín só.
Baineadh geit as nuair a tháinig téacs go dtí an bhfón.
Liam a bhí ann.
Bhí cóisir á eagrú aige ina theach an Aoine sin mar go raibh a thuistí as baile.
Thug sé cuireadh do Sheán

Tháinig an múinteoir aniar aduaidh ar Sheán agus rug sí air leis an bhfón.
Ba dhóbair gur thit Seán i laige.
Bhí a fhios aige go raibh sé in umar na haimléise.
Bhí iontas an domhain ar na scoláirí eile.

Cuireadh Seán go hoifig an phríomhoide ar an bpointe boise.
Tháinig crith cos agus lámh air.
Thug an príomhoide íde béil dó.
Dúirt sí nár léirigh sé meas don mhúinteoir ná don rang
Mhínigh sí dó go mbeadh uirthi glaoch ar a thuismitheoirí.

Ghlaoigh an príomhoide ar mháthair Sheáin.
D’inis sí an scéal di.
Ní mó ná sásta a bhí máthair Sheáin.
D’iarr an príomhoide uirthi teacht chun na scoile.
Dúirt an mháthair go dtiocfadh sí isteach ar luas lasrach

Bhí cruinniú acu ar fad in oifig an phríomhoide.
Dúirt máthair Sheáin go raibh sí an mhí-shásta le rialacha na scoile.
Dúirt an príomhoide nach raibh an dara rogha aici ach é a chur ar fionraí.

Mhothaigh Seán an-chiontach
Gheall sé dóibh go raibh ciall ceannaithe aige.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cé mhéad lá fionraí a fuair sé?
  2. Cén rang atá ar siúl i mbosca 1?
  3. An bhfuil Liam sa scoil chéanna?
  4. An raibh cead ag Seán dul chuig an gcóisir?
  5. An é seo an chéad uair gur tharla eachtra mar seo do Sheán?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang (leagan 2)'