SRAITH PICTIÚR: Ag Toghadh Scoláire na Bliana

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá a bheadh agat le múinteoir tar éis duit duais mhór scoile a bhuachan.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Tabhair cur síos ar an gcineál duaise atá i gceist, bíodh iontas ort, cuir sástacht in iúl, cuir comhghairdeas in iúl, bíodh bród le mothú.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Ag Toghadh Scoláire na Bliana

(Téacs an fhíseáin)

1) Ag deireadh na scoilbhliana labhair an Máistreás Ní Shé le Bliain 6 faoin duais
do scoláire na bliana.
Mhínigh sí na tréithe ba cheart a bheith ag an duine a roghnódh siad.
Dúirt sí leo go raibh dualgas orthu an duine ceart a roghnú.
D’iarr sí orthu go leor machnaimh a dhéanamh sula gcaithfeadh siad vóta.

2) Bhí an vótáil ann an lá dár gcionn.
Chaith gach duine sa scoil vóta.
Rinne Bliain a 6 a gcuid vótála sa rang Gaeilge  leis an Máistreás Ní Shé.
Choinnigh sí súil ghéar ar na páipéir vótála.
Bhí sceitimíní ar an rang ar fad.

3) Tugadh na boscaí vótála ar fad go dtí an oifig ghinearálta.
Chomhair an Mháistreás Ní Shé agus an Máistir Ó Riain na vótaí ar fad.
Bhí na céadta páipéar vótála ann.
Bhí siad an-chúramach mar níor theastaigh uathu botún a dhéanamh.
Thóg sé breis agus uair an chloig orthu teacht ar bhuaiteoir.

4) An mhaidin dár gcionn bhailigh na scoláirí ar fad le chéile sa halla.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhí gach duine ar bís le fáil amach cé a bhuaigh an duais.
D’éirigh an halla chomh ciúin le reilig nuair a thosaigh an príomhoide ag caint.

5) D’fhógair an príomhoide gurbh í Sandra Ní Cheallaigh scoláire na bliana.
Bhí rírá agus ruaille buaille sa halla.
Ba dhóbair gur thit sí i laige.
Bhí daoine an-sásta di, ach sílim go raibh díoma ar dhaoine eile nár bhuaigh siad féin é.

6) Chuaigh Sandra suas ar an ardán.
Thug an slua bualadh bos glórach di.
Bhronn an príomhoide an corn uirthi.
Dúirt an príomhoide go raibh an duais tuillte aici.
Bhí a cuid iompair iontach agus d’oibrigh sí go dian dícheallach, a dúirt sé.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cé atá ag labhairt leis na scoláirí i mbosca 1?
  • Céard atá na scoláirí ag déanamh i mbosca 2?
  • Cá bhfuil na múinteoirí i mbosca 3?
  • Cá bhfuil gach duine i mbosca 4?
  • Céard a fuair an buaiteoir?