SRAITH PICTIÚR: Cóisir Gan Chead

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 15). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Cóisir Gan Chead

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar rud éigin a rinne tú i ngan fhios do do thuismitheoirí nó rud éigin a chur fearg orthu.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan cur síos, cuir fearg do thuismitheoirí in iúl, mínigh céard a d’fhoghlaim, abair go raibh rud éigin contúirteach, cuir áiféala agus díomá in iúl

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Cóisir gan chead

(Téacs an fhíseáin)

1) Dé hAoine seo caite d’imigh tuismitheoirí Liam agus Léan ar bhriseadh deireadh seachtaine.
Dúirt siad le Liam agus Léan a n-obair bhaile a dhéanamh, a bheith cúramach agus an teach a choinneáil glan.
Dúirt siad go mbeadh siad sa mbaile ar an Domhnach ag a leathuair tar éis a trí.
Bhí na tuismitheoirí ag súil go mór leis an turas.

2) A luaithe is a bhí a dtuismitheoirí glanta leo síos an bóthar chaith siad a gcuid leabhar in aer.
Rith siad go dtí a ngutháin ar luas lasrach agus chuir siad glaoch ar a gcairde.
Dúirt siad leo go raibh teach saor acu agus go mbeadh cóisir acu an oíche sin ag a hocht.
Bhí sceitimíní orthu. Bheadh bia, ceol, spórt agus spraoi acu.

3) Scaip an scéal ar nós na gaoithe agus bhí an saol agus a mháthair ag an gcóisir an oíche sin.
Bhí bia, ceol agus craic acu.
Bhí siad ar fad ar mhuin na muice.
Bhí oíche go maidin acu.
Ag an am céanna bhí na tuismitheoirí ag ithe béile san óstán agus gan cliú dá laghad acu faoin méid a bhí ag tarlú sa mbaile.
“Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag rince,” mar a deir an seanfhocal.

4) An lá dár gcionn d’éirigh Liam agus Léan ag a haon a chlog.
Bhí an teach ina chíor thuathail.
Ní raibh aon fhonn ar Liam dul ag glanadh mar bhí tinneas cinn aige.
D’aontaigh siad go nglanfadh siad an teach níos déanaí.
Chuir siad an obair ar an méar fhada.

5) Bhí fadhbanna eile san óstán. Bhí an t-uisce briste agus bhí an leictreachas gearrtha.
Tugadh trí rogha dos na haíonna: fanacht in óstán eile, a gcuid airgead a fháil ar ais nó dhá oíche saor in aisce a fháil uair éigin eile.
Dúirt tuismitheoirí Liam agus Léan gur mhaith leo teacht ar ais uair éigin eile.

6) Ba dhóbair gur thit an t-anam as Liam agus Léan nuair a chonaic siad a dtuismitheoirí ag teacht isteach an doras chucu ag a cúig a chlog.
Baineadh geit as na tuismitheoirí nuair a chonaic siad go raibh an teach ina phraiseach.
Níor chreid an t-athair go bhféadfadh siad a leithéid do rud a dhéanamh.
Tugadh íde na muc agus na madraí do Liam agus Léan.

Ceisteanna:

  • Ar tugadh píonós do Liam agus Léan, meas tú?

  • An raibh mórán daoine ag an gcóisir?

  • Ar fhoghlaim Liam agus Léan ceacht, meas tú?

  • An raibh aon damáiste déanta don teach, meas tú?

  • An raibh fearg ar na tuismitheoirí, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Cóisir Gan Chead'