SRAITH PICTIÚR: Baile Slachtmhar

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 07). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

 

Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Tá an ceantar ina bhfuil tú i do chónaí an-salach. Scríobh an comhrá a bheadh agat le do chomharsa faoi.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Cuir alltacht agus díomá in iúl, bíodh moltaí, pleananna agus an chéad chéim eile luaite, déan iarratas, cuir dóchas in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 

Baile Slachtmhar

(Téacs an fhíseáin)

1. Tá sráidbhaile Charraig an Óir chomh salach le cró muice.
Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an tsráid.
Tá Coláiste Charraig an Óir le feiceáil sa chúlra.
Bhí cuid mhaith de na tithe i ndrochstaid.

2. Bhí an rang Gaeilge faoi lán seoil.
Bhí an príomhscéal sa nuachtán áitiúil á phlé acu.
Tuairiscíodh ansin go raibh fadhb an bhruscair ag éirí níos measa.
Ní mó ná sásta a bhí an rang faoi seo agus bheartaigh siad rud éigin a dhéanamh faoi.

3. D’eagraigh siad cruinniú don lá sin ag a leathuair tar éis a trí.
Chroch siad fógra ag rá go raibh coiste glantóireachta le bunú.
D’fhreastail slua maith daoine ar an gcruinniú.
Bhí an príomhoide agus an múinteoir Gaeilge i láthair.
Shocraigh siad ar phlean.

4. D’oibrigh na scoláirí go dian dícheallach ar feadh coicíse.
Phéinteáil siad ballaí na scoile agus an sconsa.
Bhailigh siad an bruscar ar fad a bhí caite timpeall.
Bhí siad an-airdeallach ar an athchúrsáil.
Nuair a chríochnaigh siad bhí an áit chomh glan le scilling.

5. D’eagraigh na scoláirí lá glantóireachta don sráidbhaile.
Thug go leor daoine cabhair agus cúnamh dóibh.
D’oibrigh an mheitheal glantóireachta ó mhaidin go hoíche.
Is ar éigean go n-aithneofá an sráidbhaile nuair a bhí siad críochnaithe.

6. An Luan dár gcionn tugadh aitheantas d’obair na scoláirí sa nuachtán áitiúil agus i bpáipéar an chontae.
Tugadh le fios go raibh an brat glas bronnta ar an scoil.
Mhol an múinteoir agus an príomhoide na scoláirí go hard na spéire.
Bhí na scoláirí an-bhródúil astu féin.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cad is ainm don bhaile?
  • Cén chuma atá ar an mbaile i mbosca 1?
  • Cén rang atá ar siúl i mbosca 2?
  • Cad is ainm don pháipéar áitiúil?
  • Cén t-am atá luaite i mbosca 3?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Baile Slachtmhar'