SRAITH PICTIÚR: Drochaimsir an gheimhridh – Athrú aeráide

Sraith Pictiúr na hArdteiste). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi chúrsaí aimsire agus timpeallachta.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh agus a lorg, léirigh suim nó easpa suime, tabhair moladh/déan cáineadh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

Arís is féidir tú féin a thaifeadh.


Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide

(Téacs an fhíseáin)

1) An tseachtain seo caite bhí Seán agus Síle ag amharc ar an gclár ‘Prime Time’.
Ag díriú ar athrú aeráide a bhí an clár.
Cheap Síle go raibh an cheist an-chasta.
D’aontaigh Séan leis an méid a dúradh sa chlár.
Thosaigh siad ag smaoineamh ar an aimsir a bhí acu le bliain.

2) An Nollaig roimhe sin, thit sneachta go trom.
Bhí brat sneachta chuile áit.
Bhí an teocht ocht gcéim faoi bhun an reophointe agus achan nduine préachta leis an bhfuacht.

3) An oíche sin phléasc ceann de na píopaí san áiléar.
Bhí an áit fliuch báite.
An mhaidin dár gcionn, b’éigean dóibh glaoch ar an bpluiméir.
Chosain sé dhá chéad euro orthu agus chuir sé go mór leis an mbille árachais.

4) An fómhar roimhe sin, thit crann ar charr Shéain agus Síle.
Bhí sé ina ghála gaoithe ag an am.
Baineadh geit uafásach astu.
Ba dhóbair gur thit Síle i laige.
Rinneadh go leor damáiste don charr.

5) I rith an tsamhraidh, bhí tuillte báistí ar fud na tíre.
Bhí lár na cathrach i gCorcaigh faoi uisce agus go leor tithe agus gnónna fliuch báite.
B’amhlaidh an scéal ar Shráid Uí Chonall i mBaile Átha Cliath, mar a raibh
go leor carranna sáinnithe san uisce.

6) Thosaigh Séan agus Síle ag plé na ceiste.
Mheas Síle go bhfuil an aeráid ag athrú mar gheall ar an damáiste atá á dhéanamh do chiseal an ózóin.
Tá na cnapáin oighir ag léa mar gheall ar an ardú teochta.
Dúirt Séan gur dócha go bhfuil ár dtimpeallacht i mbaol.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Cén t-ardú a tháinig ar an árachas?
2) Cé a tháinig chuig an teach i mBosca 3?
3) Cén áit i gCorcaigh atá i gceist, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Drochaimsir an gheimhridh – Athrú aeráide'