Sprioc faoin ngaeloideachas curtha faoi bhráid aire ag cruinniú ‘an-fhiúntach’

Bhí an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá á fhorbairt ag an Roinn i láthair na huaire, i measc na n-ábhar a pléadh le linn an chruinnithe i mBaile Átha Cliath

Sprioc faoin ngaeloideachas curtha faoi bhráid aire ag cruinniú ‘an-fhiúntach’

Chas Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí teanga eile leis an Aire Oideachais Helen McEntee inné chun cás na teanga sa gcóras oideachais a phlé.

Bhí an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá á fhorbairt ag an Roinn i láthair na huaire, i measc na n-ábhar a pléadh le linn an chruinnithe i mBaile Átha Cliath.

Bhí Foras na Gaeilge, Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta i measc na n-eagraíochtaí eile a bhuail leis an Aire McEntee agus a cuid oifigeach.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur cruinniú “an-fhiúntach” a bhí ann agus roinnt éileamh curtha os comhair an Aire, ina measc go mbeadh sprioc shonrach luaite sa bpolasaí nua don Ghaelscolaíocht go n-ardófaí céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge ó 6% go dtí 20% laistigh de thréimhse 20 bliain.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh chomh maith go mbunódh an tAire Oideachais grúpa saineolaithe láithreach bonn a chinnteodh go mbeadh polasaí na Roinne don Ghaeilge sa gcóras oideachais bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE).

Tá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt ag an Roinn Oideachais le cúig bliana anuas agus súil ann go bhfoilseofar faoi dheireadh é sna seachtainí amach romhainn.

Chuir an Roinn Oideachais creatpholasaí faoi bhráid eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais ag deireadh na bliana seo caite ach léiríodh imní faoin easpa uaillmhéine a bhain leis an gcreatpholasaí sin.

Bhí Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta i measc ghrúpa eagraíochtaí a dúirt nach dtacódh siad le forbairt ná cur i bhfeidhm an pholasaí “mura dtagann athrú substaintiúil” ar chúrsaí.

Dúradh sa gcreatpholasaí go leagfaí síos caighdeáin don tumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge agus gurb í aidhm an pholasaí ná cur le líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ach níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí maidir leis sin ná maidir le bunú tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá na héilimh oideachais a luaigh Conradh na Gaeilge leis an Aire McEntee i measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn mar chuid den fheachtas CEARTA agus agóid mhór beartaithe i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Sprioc faoin ngaeloideachas curtha faoi bhráid aire ag cruinniú ‘an-fhiúntach’'