Spreag Lockhart, Carr, O’Connor, Devlin agus Fean ionainn spéis i gceol ár sinsir

I rith na bliana 1972, chas Horslips i hallaí damhsa agus in ionaid eile ar fud na tíre - an Hangar i mBóthar na Trá, Gaillimh agus Teach Furbo i gCois Fharraige ina measc

Spreag Lockhart, Carr, O’Connor, Devlin agus Fean ionainn spéis i gceol ár sinsir

Thar toinn anall a tháinig sí – fuaim bhríomhar de chineál nach raibh cloiste againn cheana. Ba cheol traidisiúnta a bhí ann ach é á chasadh ar bhealach nua ar an veidhlín leictreach, ar an ngiotár leictreach agus ar dhrumaí.

Aibreán na bliana 1971 a bhí ann agus má bhí daoine óga ar comhaois linne ag damhsa go fiáin dó ar Top of the Pops ba léir dúinn gur bhain sé leis an saol nua a raibh dúil againn ann – saol a bhí le feiceáil ar an mBBC agus ar UTV agus i bhfógraí do Levi’s agus Coca Cola, saol an tomhaltóra a rabhamar á mhealladh aige de réir a chéile.

‘Jig-a-Jig’ an teideal a bhí ar an bpíosa ceoil. Eisíodh é mar shingil den chéad uair i 1970, ach bhí sé an bhliain dár gcionn sular bhain sé áit amach sna cairteacha sa mBreatain.

Banna as Bristol Shasana, East of Eden, a bhí á sheinnt. Ceol a raibh rian den snagcheol air a chas East of Eden agus is cosúil gur bheag an meas a bhí acu ar ‘Jig-a-Jig’. Nuair a bhíodar ar stáitse, chasadar é ag deireadh na hoíche ar mhaithe le píosa spraoi, ach ina ainneoin sin bhaineadar an Top Ten amach leis in éindí le The Rolling Stones, Ringo Starr agus Diana Ross i mBealtaine 1971.

Cé gur tógadh cuid mhaith againn le bailéid bhríomhara na Dubliners agus na Clancy Brothers agus muid in ann roinnt acu a chanadh, ba rud eile a bhí sa gceol traidisiúnta an tráth úd. Bhain sé le cláir raidió a chloistí oícheanta Sathairn nó tráthnóntaí Domhnaigh. Bhain sé leis an scolaíocht agus leis an bhfeadóg stáin agus le feiseanna Domhnaigh faoin mbáisteach. Agus bhain sé leis an seansaol a bhíomar ag iarraidh a sheachaint is a shéanadh níos mó is níos mó agus muid i dtús na ndéaga.

Cé go raibh an ceol traidisiúnta á chasadh ar stíl an rac-cheoil ag Fairport Convention is ag Steeleye Span i Sasana agus ag Alan Stivell sa mBriotáin le tamall, bhíomar aineolach faoi sin. Agus b’éigean dúinn fanacht bliain eile sula gcloisfeadh muid tuilleadh den cheol úd nuair a chuir banna nua Éireannach an singil ‘Johnny’s Wedding’ amach i Márta 1972.

B’in iad Horslips, banna a tháinig ar an saol an chéad lá riamh dhá bhliain roimhe sin le fógra teilifíse do Harp Lager a dhéanamh. Faoi 1972, bhí cúigear sa mbanna: an drumadóir Eamon Carr, as Ceanannas na Mí, a raibh seal caite aige sa ngrúpa Tara Telephone; Charles O’Connor, a rugadh i Middlesbrough Shasana, ach a raibh suim mhór aige sa gceol traidisiúnta óna óige agus a chas an veidhlín, an maindilín is uirlisí eile; Barry Devlin, as Contae an Dúin, amhránaí a chas an dordghiotár; an Baile Átha Cliathach Jim Lockhart, seinnteoir méarchláir leis an mbanna is a chas an fheadóg stáin is an fheadóg mhór freisin, agus an phríomhghiotáraí, Declan Sinnott, as Loch Garman, a bhíodh ina bhall de Tara Telephone le Carr.

Níorbh fhada go raibh an scéal amuigh faoin mbanna nua seo a bhí ag casadh meascán den cheol rac agus den cheol traidisiúnta. I rith na bliana 1972, chasadar i hallaí damhsa agus in ionaid eile ar fud na tíre – an Hangar i mBóthar na Trá, Gaillimh agus Teach Furbo i gCois Fharraige ina measc.

Bhí go leor ag súil leis an gcéad albam uathu, go háirithe nuair a tugadh le fios gurbh é stiúideo soghluaiste na Rolling Stones a bheadh in úsáid acu. Ba leis an stiúideo úd a rinne na Rolling Stones taifeadadh ar an albam cáiliúil Exile on Main Street i villa i ndeisceart na Fraince an samhradh roimhe sin.

Ach ba i dteach mór thíos faoin tír i lár an gheimhridh a rinne Horslips a gcéad albam ‘Happy to Meet, Sorry to Part’. Agus an taifeadadh ar bun, b’éigean burlaí tuí a chur sna seomraí leis an macalla a sheachaint. Faoin tráth úd, bhí Johnny Fean as Luimneach tagtha i gcomharbacht ar Declan Sinnott mar ghiotáraí.

Níor cuireadh am amú agus bhí ‘Happy to Meet, Sorry to Part’ sna siopaí an 4 Nollaig 1972, mí díreach ó tosaíodh á thaifeadadh. Ní raibh ceirnín dá leithéid feicthe againn cheana lena chlúdach ar chruth consairtín, é ag fógairt go raibh banna nua in Éirinn.

Agus níor chlis an ceol a bhí ar an albam orainn. Cé go dtosaíonn sé amhail seisiún traidisiúnta i dteach ósta, is gearr go gcuirtear tús leis an amhrán ‘Hall of Mirrors’ le nótaí a bhí á gcasadh ar uirlis a bhí ag teacht in inmhe sa gceol rac ag an am – an Moog synthesiser – agus leis sin thuigeamar go raibh an banna nua seo in ann an fód a sheasamh le banna ar bith in áit ar bith ar domhan.

Nuair a chas Horslips sa Royal Cinema i mbaile Ros Comáin an Nollaig sin, ba é an t-amhrán ‘Bím Istigh ag Ól’ ba mhó a mhúscail an slua chun damhsa. Ní rabhamar ag cuimhneamh gur i nGaeilge a bhí an t-amhrán mear sin agus muid ag iarraidh coinneáil le Jim Lockhart agus é á chanadh. Ba chuma linn cén teanga a raibh An Bratach Bán á rá – ba amhrán mear a bhí ann á chasadh ar stíl reggae agus ba leor sin dúinne.

Seans gur shuíomar go foighdeach fhad is a bhí píosaí ceoil mall ar nós The Clergman’s Lamentation agus Flower Amang Them All á gcasadh agus muid ag feitheamh ar an gcéad amhrán bríomhar eile. Ach bhíomar ag éisteacht leis an gceol traidisiúnta á sheinnt ar bhealach nua le daoine óga eile agus bhíomar ag baint sásamh as.

Bhí roinnt i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn nach raibh sásta leis an stíl nua úd. Sa leabhar Tall Tales, an bheathaisnéis oifigiúil a scríobh Mark Cunningham faoi Horslips, deir Jim Lockhart go raibh roinnt ceoltóirí ag an am an-chosantach faoin gceol traidisiúnta agus gur shíleadar go raibh an banna nua seo ag déanamh loitiméireachta ar an traidisiún sin. Ach deir Lockhart gur thuig Horslips go rabhadar ag cur an cheoil i láthair daoine nach gcloisfeadh é murach iad.

Agus is fíor gur spreag Lockhart, Carr, O’Connor, Devlin agus Fean spéis i gceol ár sinsir i measc daoine óga na linne sin. Chuamar ag tochailt agus thángamar ar shaibhreas nár spéis linn go dtí sin.

Faoin am ar chuir Horslips amach ‘Dearg Doon’ mar shingil in Aibreán 1973, d’aithin cuid againn gur bhain ‘rif’ mealltach an amhráin sin le Marcshlua Uí Néill, mar a chas Ceoltóirí Chualann é ar an albam ‘Ó Riada sa Gaiety’.

Bhí an-tóir ar ‘Happy to Meet, Sorry to Part’ agus díoladh 35,000 cóip de in achar gearr. Seans go bhfuil The Táin ó 1973, The Book of Invasions ón mbliain 1976 agus cúpla albam eile le Horslips níos fearr ná é, ach nuair a éistear leis sa lá atá inniu ann is féidir a thuiscint fós cén fáth ar cheapamar leathchéad bliain ó shin go raibh banna dár gcuid féin tagtha ar an saol, banna a las lóchrann agus a d’oscail ár n-intinn óg do cheol agus do stair na tíre inar rugadh agus tógadh muid.

Agus céard faoi ‘Jig-a-Jig’ agus ‘East of Eden’? An bhliain chéanna ar bhain Jig-a-Jig áit amach sna cairteacha, chas veidhleadóir an bhanna sin, Dave Arbus, ar cheann de na hamhráin is mó cáil i saol an cheoil rac. Sin ‘Baba O’Reilly’ le The Who, an chéad amhrán ar an albam cáiliúil Who’s Next. Bíonn Baba O’Reilly le cloisteáil ar fhuaimrianta go leor scannán agus clár teilifíse. Ba é a casadh nuair a bhí críoch á cur leis na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012.

Sa leabhar Never a Dull Moment, faoi cheol rac na bliana 1971, maíonn David Hepworth gurbh í sin an bhliain ba thábhachtaí agus ba mhó cruthaitheachta i saol an cheoil úd. Agus roghnaíonn sé ‘Baba O’Reilly’ mar sháramhrán na bliana sin.

Maidir le ‘Jig-a-Jig’, más féidir brath ar Wikipedia mar fhoinse eolais, trí cinn de ríleanna atá sa rian sin! Cén dochar.

Fág freagra ar 'Spreag Lockhart, Carr, O’Connor, Devlin agus Fean ionainn spéis i gceol ár sinsir'

  • DJMcL

    Barry Devlin, as Contae an Dúin, amhránaí a chas an dordghiotár

    Nach as Tír Eoghain é Barry Devlin?