Spórt Éireann ag iarraidh ar uachtarán an FAI éirí as

Ag labhairt dó ag Coiste Spóirt an Oireachtais ar maidin, d’aontaigh príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, John Treacy, le hiarratas an Aire Spóirt Shane Ross go dtarraingeodh Donal Conway siar ó thoghchán uachtaránachta an FAI

Spórt Éireann ag iarraidh ar uachtarán an FAI éirí as

Donal Conway le Cathal Dervan (ar chlé) agus John Delaney (ar dhéis). Pictiúr:Leah Farrell/Rollngnews.ie

Tá sé ráite ag Spórt Éireann leis an FAI gur cheart do gach ball de bhord an chumainn éirí as.

Ag labhairt ag Coiste Spóirt an Oireachtais ar maidin, dúirt ionadaithe ó Spórt Éireann gur labhair siad leis an FAI an tseachtain seo caite chun an tuairim sin a chur in iúl dóibh.

Ina ainneoin sin, dheimhnigh an FAI Dé Luain gurb é uachtarán reatha an chumainn, Donal Conway, an t-aon iarrthóir sa toghchán uachtaránachta atá le bheith ann ag cruinniú cinn bhliana an FAI an tseachtain seo chugainn.

Tá an leas-uachtarán, Noel Fitzroy, ag iarraidh go n-atoghfaí é chomh maith ach tá beirt eile san iomaíocht don ról sin.

Moladh i dtuarascáil neamhspleách ar rialachas an FAI a foilsíodh an mhí seo caite gur cheart duine nó beirt ón seanbhord a choinneáil chun na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh níos éasca ach is léir nach nglacann an tAire Ross ná Spórt Éireann leis an moladh sin.

Scríobh an tAire Spóirt Shane Ross chuig an FAI aréir agus d’iarr sé ar Conway a iarratas go dtoghfaí athuair é a tharraingt siar.

Ag labhairt dó ag an gCoiste Oireachtais ar maidin, d’aontaigh príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, John Treacy, leis an Aire agus dúirt sé go raibh an t-éileamh céanna déanta acu féin ar an FAI.

“Tá sé ar an taifead gur dóigh linne nár chóir d’aon duine a bhí ar an mbord a ainm a chur chun cinn don bhord nua,” a dúirt Treacy.

“Chasamar leis an FAI Dé hAoine seo caite agus dúramar leo go han-soiléir gurbh fhearr nach rachadh aon duine ón seanbhord chun cinn agus gurbh fhearr go mbeadh toghchán ann do gach post, agus mar sin tá díomá orainn faoin seo.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Fergus O’Dowd, gur ghlaoigh Donal Conway air Dé Domhnaigh agus go ndúirt sé go mbeadh sé sásta cruinniú príobháideach a bheith aige leis chun an scéal a phlé. Dhiúltaigh O’Dowd cruinniú príobháideach a bheith aige leis, ach dúirt sé go mbeadh fáilte roimhe an scéal a phlé go poiblí os comhair an choiste.

Dúirt O’Dowd go bhfuil an FAI anois sásta teacht os comhair an choiste i ndiaidh an chruinnithe cinn bhliana.

Tá maoiniú á choinneáil siar ag Spórt Éireann ón FAI, agus dúradh nach gcuirfear an t-airgead sin ar fáil go dtí go gcuirfear dea-rialachas i bhfeidhm.

“Tá sé ráite go soiléir ag an Stát nach gcuirfear aon mhaoiniú don FAI ar fáil go nglanfar an stábla,” a dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, Kieran Mulvey. “Tá an deontas uainne á choinneáil siar againn nó go mbeimid cinnte de go bhfuil an FAI á rialú i gceart, go bhfuil dearbhú faighte againn go bhfuil gach rud i gceart agus táimid fós ag fanacht le tuairiscí ó Deloitte, an ODCE agus KOSI.”

Fág freagra ar 'Spórt Éireann ag iarraidh ar uachtarán an FAI éirí as'