Iarrtha ag Ross ar uachtarán an FAI tarraingt siar ó thoghchán

Deir an tAire Spóirt Shane Ross gurb ionann cinneadh Donal Conway leanúint ar aghaidh mar uachtarán agus dul siar ar a ghealltanas go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar an FAI faoi cheannairí nua

Iarrtha ag Ross ar uachtarán an FAI tarraingt siar ó thoghchán

Tá iarrtha ag an Aire Spóirt Shane Ross ar uachtarán an FAI Donal Conway a iarratas go dtoghfaí athuair é a tharraingt siar.

Tuairiscítear gur scríobh Ross litir chuig Donal Conway inar dhúirt sé nár bhain an “trédhearcacht agus daonlathas” a mbeifí “ag súil leo” le toghchán uachtaránachta na heagraíochta.

Is é Donal Conway an t-aon iarrthóir sa toghchán uachtaránachta agus níl sé i gceist ag aon duine seasamh ina choinne ag cruinniú cinn bhliana na heagraíochta sacair atá beartaithe do dheireadh na míosa seo.

Maíonn an tAire Spóirt ina litir gur gheall Conway dó féin agus don Aire Stáit Brendan Griffin i dTeach Laighean ar an 22 Bealtaine go n-éireodh sé féin agus baill eile an bhoird as.

Mhaígh Ross gurb ionann cinneadh Conway leanúint ar aghaidh mar uachtarán agus dul siar ar a ghealltanas go n-athrófaí an FAI faoi cheannairí nua.

“Nuair a chuirtear san áireamh freisin do chinneadh iarfhostaí agus tacaí dílis de chuid an FAI, Noel Mooney, a cheapadh mar Bhainisteoir Ginearálta, fágann an scéal is déanaí seo go bhfuil cuma sheanchaite go maith ar an réimeas nua,” a deir An tAire Shane Ross ina litir.

Molann Ross gur cheart síneadh ama go dtí deireadh na seachtaine seo ar a laghad a chur leis an bpróiseas ainmniúcháin le deis a thabhairt do dhaoine eile ainmniúchán a lorg. Dúirt sé chomh maith gur cheart go mbeadh an deis sin ag daoine eile seachas baill de chomhairle an FAI.

Maidir le moladh nach mbeadh gá ach le beirt den 12 ball ar bhord an FAI chun go mbeadh córam ann, dúirt Ross go raibh a leithéid “dochreidte”.

Tá conspóid mhór le tamall ann faoi rialú agus rialú airgeadais an FAI.

D’fhógair Spórt Éireann mí Aibreáin go raibh siad chun maoiniú a choinneáil siar ón eagraíocht mar gheall ar an gconspóid a d’eascair as an scéala gur thug iar-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, John Delaney, iasacht idirlinne €100,000 dóibh in 2017.

Deir Spórt Éireann nach gcuirfear an maoiniú sin ar fáil arís don FAI nó go mbeidh na moltaí go léir a rinneadh in athbhreithniú ar an eagraíocht curtha i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Ross ar uachtarán an FAI tarraingt siar ó thoghchán'