Solas na bhflaitheas agus leaba i measc na naomh duit, a Emma…

Nach cuí an comóradh ar Emma Mhic Mhathúna a bheadh ann dá mbeadh mná agus cailíní in ann maireachtáil agus iontaoibh acu as tástálacha ailse?

Solas na bhflaitheas agus leaba i measc na naomh duit, a Emma…

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Bhí briseadh croí ar go leor in Éirinn an tseachtain seo. Nuair a tháinig an scéal ar an Domhnach go raibh an ceann is fearr faighte ag an ailse ar spiorad agus ar chrógacht Emma Mhic Mhathúna is beag duine nár shil deoir, nár lig osna agus nár smaoinigh ar a cúigear clainne.

Chásaigh idir pholaiteoirí, lucht leighis, lucht creidimh agus lucht feachtasaíochta a bás lena clann agus lena muintir. Cén mhaith sin nuair is gá fiafraí i gcónaí an bhfuil aon cheachtanna foghlamtha againn?

Bhásaigh bean eile an deireadh seachtaine seo caite, bean eile a ndearnadh botún maidir le torthaí na tástála ailse a cuireadh uirthi. Murab ionann agus Emma, a chuirfear inniu i Maigh Nuad, níor theastaigh ón mbean sin go n-ainmneofaí go poiblí í. Tá fiche bean a bhí thíos leis an scannal CervicalCheck tar éis bháis. Cé mhéid bean eile a gcloisfidh muid fúthu?

Idir an dá linn, tá an tseirbhís tástála ar fad faoi bhagairt. Níl aon socrú déanta leis na saotharlanna a dhéanann iniúchadh ar na tástálacha. Cé go bhfuil fearg ar go leor faoi ról na saotharlann sa scéal ar fad agus an fhaillí a rinneadh ar na céadta bean, dúirt an Dr. Gabriel Scally ina thuarascáil a foilsíodh roinnt seachtainí ó shin go gcreideann sé an próiseas atá acu a bheith slán.

Ní chreideann an Dr. Scally go bhfuil aon chall imeacht ón gcóras. Tá na saotharlanna iad féin á gcosaint féin – Quest sna Stát Aontaithe agus Medtech i mBaile Átha Cliath. Teastaíonn uathu socrú árachais nua a chur in áit i bhfianaise na gcásanna costasacha ar fad atá ag teacht chun cinn de bharr CervicalCheck.

Tá práinn ag baint leis an scéal seo: déantar os cionn 200,000 tástáil sa tír gach bliain. Mura n-aontaítear conradh nua leis na saotharlanna an mbeifear in ann leanacht leis an gclár tástála? An bhféadfar an gheallúint atá tugtha go gcuirfear an vacsaín HPV ar fáil saor in aisce do chailíní a chomhlíonadh?

Cén fáth go bhfuil an oiread ceisteanna i gcónaí faoin scéal seo? Chomh maith le muinín a léiriú sna saotharlanna, dúirt an Dr. Gabriel Scally go bhfuil sé den riachtanas go leanfaí leis an gclár tástála.

Is léir go dteastaíonn ó na saotharlanna tuilleadh airgid a fháil ón Stát. Níl aon fhigiúr luaite go poiblí, ach is deacair a shamhlú go mbeadh sé chomh hard leis an 700 milliún euro breise ab éigean a thabhairt don Roinn Sláinte i mbliana.

Nach mbeadh réiteach ar an scéal seo ina chomhartha ómóis d’Emma Mhic Mhathúna agus na mná go léir a ndearnadh faillí orthu? Nach cuí mar chuimhne ar Emma Mhic Mhathúna a bheadh ann dá gcinnteofaí go mbeadh córas i bhfeidhm sa tír seo a mbeadh muinín ag daoine as. Nach cuí an comóradh uirthi a bheadh ann dá mbeadh mná agus cailíní in ann maireachtáil saor ó bhuairt faoi laigí sa chóras sláinte agus iontaoibh acu as tástálacha ailse?

Solas na bhflaitheas agus leaba i measc na naomh duit, a Emma.

Fág freagra ar 'Solas na bhflaitheas agus leaba i measc na naomh duit, a Emma…'

  • Páidí

    Scéal tragóideach, go háirithe dá cúigear clainne atá fágtha gan mháthair. Ní thuigim an drogall atá ar an rialtas an córas a chur ina cheart sa chaoi is nach dtarlóidh a leithéid de bhotún arís. Mo náire iad.