Soiléiriú faoi fhigiúirí dhaonáireamh 2016 i mBaile Átha Cliath – fás seachas laghdú

Is ag fás a bhí líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath idir 2011-2O16 (+5.1%), fad is a bhí cúlú á dhéanamh ag an teanga sa Ghaeltacht, mar a raibh laghdú 11%

Soiléiriú faoi fhigiúirí dhaonáireamh 2016 i mBaile Átha Cliath – fás seachas laghdú

Is mór ag Tuairisc.ie soiléiriú a dhéanamh faoi thuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin faoi na figiúirí daonáirimh do labhairt na Gaeilge i nDaonáirimh 2011 agus 2016.

Agus neamhréir i gceist maidir leis an mbealach a chuirtear eolas i láthair faoi líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa dá dhaonáireamh, tá figiúirí inchomparáide do 2011 agus 2016 do Bhaile Átha Cliath curtha ar fáil ag an CSO do Tuairisc.ie tráthnóna a léiríonn gur fás seachas laghdú a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath, mar a thuairiscigh Conradh na Gaeilge sna figiúirí a chuir siad ar fáil ar maidin. 

Tá an fhoclaíocht a bhí in úsáid i nDaonáireamh 2011 athraithe ag an CSO sna táblaí a chuir siad ar fáil dúinn inniu ionas gur féidir comparáid dhíreach a dhéanamh anois idir figiúirí 2011 agus 2016 fad is a bhaineann sé leis an dá chatagóir a áirítear chun teacht ar líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais. 

De réir an tsoiléirithe seo, 17,093 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais a bhí i mBaile Átha Cliath in 2016, i gcomparáid le 16,217 in 2011 – ardú 5.1% seachas laghdú mar a thuairiscíomar ar maidin.

Dá réir sin, is ag fás bhí líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath idir 2011-2O16 fad is a bhí cúlú á dhéanamh ag an teanga sa Ghaeltacht, mar a raibh laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais le linn na tréimhse céanna.

Bhí an chomparáid a rinne Tuairisc.ie ar maidin bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge a labhraíonn an Ghaeilge gach lá taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais agus lasmuigh den chóras oideachais amháin. Rinneadh é sin le teacht ar líon iomlán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Átha Cliath, an tslat tomhais is minice a úsáidtear anois chun teacht ar phictiúr cruinn de staid labhairt na teanga.

Níor chuir Tuairisc.ie san áireamh áfach go raibh briseadh síos breise déanta ar an eolas seo i nDaonáireamh 2011 faoi mhinicíocht labhairt na Gaeilge i gcás daoine atá sa chóras oideachais.

Sa bhriseadh síos breise sin ar líon na ndaoine a ‘Labhraíonn Gaeilge go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais agus taobh amuigh de’, ba léir go raibh daoine  san áireamh sa chatagóir sin a labhraíodh an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais go laethúil, go seachtainiúil agus níos annaimhe ná sin. Bhí daoine san áireamh chomh nach labhraíodh riamh í lasmuigh den chóras céanna.

Sna figiúirí atá curtha ar fáil ag an CSO tráthnóna do Tuairisc.ie, tá leasú déanta acu ar fhoclaíocht agus chur i láthair fhigiúirí Dhaonáireamh 2011 do na cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Átha Cliath. ‘Labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh istigh den chóras oideachais agus go laethúil taobh amuigh de’ atá in úsáid seachas ‘Labhraíonn Gaeilge go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais agus taobh amuigh de’.

Is oth linn arís aon mhíthuiscint a d’eascair as tuairisc na maidine go raibh líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Átha Cliath ag dul ar gcúl agus is mór againn an deis seo a fháil lena shoiléiriú nach amhlaidh atá.


Figúirí an CSO – 2016

2011

Fág freagra ar 'Soiléiriú faoi fhigiúirí dhaonáireamh 2016 i mBaile Átha Cliath – fás seachas laghdú'

  • Mánus

    Aon duine nach bhfuil clann á tógáil le Gaeilge acu nó nach bfuil ag obair in earnán na Gaeilge bíonn sé deacair deiseanna a fháil le Gaeilge a labhairt sa gcathair. Sin an fáth go dteastaíonn eastát tithíochta LánGhaeilge ar imeall na cathrach.

  • Maitiú G

    Nach bhfuil sibh chun an scéal seo a roinnt ar “Gaeilge Amháin” ag ceilliùradh an deá nuacht??? nó an ndéanann sibh sin le drochscéalta amháin Tuairisc.ie?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Mánus, eastát tithíochta nó ‘gaelcheantair’ a dhith ar fud na tíre agus go háirithe sna cathracha. Agus coinníoll Ghaeilge curtha i bhfeidhm sna ceantracha Gaeltachta atá fágtha!