Socrú déanta ag Roinn na Gaeltachta le Aer Arann faoi aersheirbhís na n-oileán

Leanfaidh Aer Arann lena seirbhís aeir go dtí an 20 Nollaig, beidh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís go dtí Meán Fómhair 2021 agus cuirfear tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach

Socrú déanta ag Roinn na Gaeltachta le Aer Arann faoi aersheirbhís na n-oileán

Tá socrú déanta ag Roinn na Gaeltachta le Aer Arann maidir leis an tsáinn ina bhfuil an tseirbhís aeir do na hoileáin Árann.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go raibh ‘Ceannteidil Chomhaontaithe’ sínithe ag a roinn agus Aer Arann Islands a fhágann go leanfaidh an comhlacht sin lena sheirbhís aeir go dtí an 20 Nollaig, go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís go dtí Meán Fómhair 2021 agus go gcuirfear tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, úinéir an aerfoirt agus Aer Arann.

I ráiteas a chuir an Roinn amach tráthnóna dúradh go raibh síneadh go dtí Meán Fómhair 2021 curtha leis an gcomhaontú faoina gcuirtear an t-aerfort ar fáil do sheirbhís aeir Oileáin Árann. Dúradh chomh maith gur aontaigh Aer Arann Islands leanúint ag cur na seirbhíse aeir ar fáil go dtí 20 Nollaig 2018.

Dúradh go dtabharfadh an socrú “deis don dá pháirtí” an próiseas idirbheartaíochta maidir le díol agus ceannach Aerfort na Mine a chur i gcrích “sna míonna amach romhainn”.  Idir an dá linn, cuirfidh an Roinn tús láithreach le próiseas tairisceana do chonradh aersheirbhíse a mhairfidh ón 21 Nollaig 2018 go dtí 30 Meán Fómhair 2019.  Reáchtálfar próiseas tairisceana eile le linn na tréimhse sin d’fhonn conradh ceithre bliana a bhronnadh.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé “sásta” leis an socrú “a leagann amach plean maidir le todhchaí na seirbhíse”.

“Cuirim fáilte roimh an socrú go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís aeir go dtí 2021. Creidim go bhfuil slí leagtha amach anois faoinar féidir todhchaí na seirbhíse seo a chinntiú.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chuid feidhmeannach agus le foireann dlí mo Roinne as ucht an méid oibre atá curtha isteach acu sa phróiseas, le pobail na n-oileán as ucht a n-ionchuir, a dtuisceana agus a bhfoighne agus, ar deireadh, le hAer Árann agus a chuid ionadaithe as ucht a n-iarrachtaí le teacht ar réiteach,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá a bhfuil i ndán don tseirbhís idir dhá cheann na meá ó d’fhógair Aer Arann mí an Mheithimh go raibh fúthu éirí as ar an 6 Nollaig i bhfianaise easaontas mar gheall ar théarmaí conartha.

Mar réiteach ar an tsáinn ina bhfuil cás na seirbhíse aeir, tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh aerstráice na Mine, ar le húinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh é chomh maith, a cheannach.

Dúirt úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie mí Dheireadh Fómhair go raibh sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát, agus tá an scéal á phlé ag dlíodóirí an dá dhream le tamall.

Dúirt Aire na Gaeltachta Josepha Madigan an tseachtain seo caite go raibh a Roinn sásta i gcónaí tús a chur le cainteanna faoi Aerfort na Mine a cheannach dá dtarraingeodh Aer Arann siar “an bhagairt” deireadh a chur leis an tseirbhís.

Tuairiscíodh an tseachtain seo chomh maith go raibh tairiscint déanta ag úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, an comhlacht aeir a bhronnadh saor in aisce ar chomharchumainn oileáin Árann.

Bhí tús curtha ag an Roinn leis na socruithe a bheadh le déanamh chun go mbeadh seirbhís ghearrthéarmach ag freastal ar na hoileáin as Aerfort na Sionainne sa chás nach mbeadh Aerfort na Mine ar fáil. Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag an Roinn chomh maith chun dul i mbun próiseas tairisceana do chonradh gearrthéarmach.

 

 

Fág freagra ar 'Socrú déanta ag Roinn na Gaeltachta le Aer Arann faoi aersheirbhís na n-oileán'