Bhí cúis iontais ón spéir ag muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne aréir, nuair a thit braonacha smúite ón Sahára anuas orthu.
Ar éirí ar maidin do dhaoine sa cheantar bhí a gcairteacha agus fuinneoga an tí clúdaithe leis an smúit ón Sahára a tháinig le ceathanna boga an fhómhair.
Ó Dhún Chaoin ó dheas go bun Chnoc Bréanainn ó thuaidh, bhí cairteacha agus fuinneoga clúdaithe leis an smúit.
Just got our first dust fall here in Dún Chaoin, West Kerry. pic.twitter.com/k4xadShBk7
— Malachaí (@MalMacA) September 4, 2023
Tháinig an scamall smúite ón Sahára isteach os cionn an iardheiscirt Dé Domhnaigh agus thug leis aer te tais go mall trasna na tíre.

Na ceathanna a bhí in áiteanna i gCiarraí agus i gCorcaigh a bhailigh an smúit ón scamall ón Sahára agus a thug anuas ina braonacha í.
Agus aershreabh aneas geallta go dtí an deireadh seachtaine tá seans ann go dtitfidh a thuilleadh smúite.
Tá an teaspach linn i gcónaí, é an-te arís inniu agus é tirim i mórán áiteanna.
Beidh sé meirbh marbhánta arís anocht, an teocht idir 14 agus 17 céim Celsius agus gaoth éadrom anoir aneas ann. Beidh sé tirim agus spéir ghlan ann i bhformhór na tíre, ach d’fhéadfadh corrchith a bheith ann amach san oíche.
Lá breá eile a bheidh ann Dé Céadaoin cé nach mbeidh oiread céanna gréine againn. Beidh tréimhsí ann go mbeidh sé scamallach agus d’fhéadfadh corr-ráig ceathanna a bheith ann, cuid acu a d’fhéadfadh a bheith trom.
Beidh an teocht idir 22 agus 26 céim Celsius.
Fág freagra ar 'Smúit ón Sahára tite anuas ar Chorca Dhuibhne'