Smideadh úrnua – is fiú dul sa seans le Kim Kardashian agus Rihanna

Tá beirt de na réaltaí is aitheanta ar domhan tar éis brandaí nua smididh a fhorbairt agus creideann ár gcomhfhreagraí nach mbeadh ceachtar acu ceangailte le táirgí den dara grád

Smideadh úrnua – is fiú dul sa seans le Kim Kardashian agus Rihanna

Tá brandaí nua smididh seolta le gairid ag beirt de na réaltaí is cáiliúla ar domhan, Kim Kardashian agus Rihanna.

Bheadh amhras orm féin de ghnáth faoi réaltaí mór le rá ag dul ag plé le smideadh nuair nach raibh baint acu lena leithéid roimhe sin agus gur ar chúiseanna eile ar fad a thuill siad cáil. Ach tá an oiread cáile agus aitheantais bainte amach ag an mbeirt seo gur dóigh liom nach mbeidís sásta a n-ainmneacha a cheangal le táirgí den dara grád agus bheinn go mór ar son dul sa seans leo.

An tseachtain seo caite a sheol Rihanna, an t-amhránaí as Barbados ó dhúchas, an branda Fenty Beauty. Cuirfidh sé roinnt iontais ar dhaoine gur bheartaigh sí a sloinne – Fenty – a úsáid mar ainm an bhranda nua seachas a céad ainm, Rihanna, ó tharla gur faoin ainm sin atá aithne uirthi i mbeagnach gach cúinne den domhan. 

Tá trí ghné shuntasacha san iarracht nua seo, bonnsmideadh, aibhsitheoir agus táirge ar a dtugann sí Match Stix.

Is coincheap réasúnta nua atá i gceist le Match Stix – is féidir an maide speisialta seo a úsáid mar fholaitheoir, mar mhaide cumraíochta nó le beagán luisne a chur ar an éadan. Tá rogha an-leathan dathanna i gceist agus is féidir iad a cheannach ina n-aonar nó mar bhailiúchán dathanna. Ó tharla maighnéad a bheith i bhfolach sna maidí seo, greamaíonn siad le chéile le dearadh cíor mheala orthu.

“Match Stix Trios were customised to make it easy when doing your makeup; there are three steps and they’re all in here,” a dúirt Rihanna féin mar mhíniú ar an táirge nua seo.

Tá dhá scór dath difriúil ar fáil sa bhonnsmideadh aici agus cúram ar leith déanta aici de gach dath craicinn, ón té is gile go dtí an duine is dorcha.

Dúirt sí gur bhraith sí go raibh folús fágtha ag lucht déanta smididh sa rogha dathanna de bhonnsmideadh a bhí ar tairiscint go dtí seo, go speisialta i gcás daoine a bhfuil a gcraiceann an-gheal nó an-dorcha.

KKW Beauty atá tugtha ag Kim Kardashian West mar ainm branda ar a cuid táirgí féin.

Chuaigh sí i bpáirt lena deirfiúr óg, Kylie, níos túisce i mbliana le béaldath a chur ar an margadh ach seo an chéad uair go bhfuil réimse níos iomláine smididh curtha ar fáil aici. “I just wanted a little defined kit of all my favourite products, that could just be really easy,” a dúirt sí.

Arís, sa mbailiúchán aici-se tá maide cumraíochta agus maide le luisne a chur ar an gcraiceann. Is féidir iad seo a fháil mar phúdar freisin. Is iad sin croílár an bhranda nua aici. Meastar, áfach, nach fada go mbeidh tuilleadh táirgí sa réimse aici agus béaldathanna san áireamh sa chéad iarracht eile.

Tugtar ‘Queen of Contour’ ar Kim Kardashian West mar gurbh í féin agus an saoi smididh, Mario Dedivanovic, a d’fhorbair an córas nua smididh seo. Scaip a gcuid pictiúr ar fud an domhain ar na meáin shóisialta agus níorbh fhada go raibh an cleas céanna á chleachtadh ag mná ar fud na háite.

Maidir le praghsanna is iad táirgí Rihanna is saoire agus is éasca teacht orthu. Is féidir iad a aimsiú ar phraghsanna idir €15 agus €50 trí shiopaí Harvey Nichols (tá ceann acu i nDún Droma i mBaile Átha Cliath), trí Sephora nó, ar ndóigh, ó www.fentybeauty.com.

Maidir le táirgí Kim Kardashian West is tríd an suíomh gréasáin www.kkwbeauty.com  i Meiriceá amháin is féidir iad a aimsiú faoi láthair ar phraghsanna ó €37 go €45. Fágann sin go bhféadfadh costas breise a bheith i gceist lena n-iompórtáil chun na tíre seo.

Fág freagra ar 'Smideadh úrnua – is fiú dul sa seans le Kim Kardashian agus Rihanna'