Smaointe duairce Lá ’le Pádraig

LÉIRMHEAS: Níl sé éasca ná taitneamhach lán do chuid súl a bhaint as scannán chomh corraitheach leis seo

Patrick-s Daty

Stiúrthóir: Terry McMahon
Cliar: Mo Dunford, Kerry Fox, Philip Jackson, Catherine Walker, Aaron Monaghan

Fear óg le fadhbanna intinne, aeróstach le claonadh féinmharfach, Garda mífheidhmiúil agus máthair dhúghafa; thaibhseofaí duit gur i scioból shamlaíochta leithéid Woody Allen a ghineofaí caracthair chigilteacha mar seo. Ní haon aon táirge greannmhar néaróiseach ar chuma shaothar an fhir bhig spéaclaigh atá os ár gcomhair anseo, áfach.

Bhagraítí orainn ar scoil gan aiste a thosnú le sainmhíniú ach is léir ná géilleann lucht déanta an scannáin seo den tuairim sin mar déantar sainmhínú ar mheabhairghalair a teilgean ar scáileán sara gcímid carachtar nó sara gcloisimid focal. Is duairc an t-ábhar léitheoireachta é agus níl aon amhras ar an lucht féachana faoi cad atá rompu amach.

Ar shlí amháin, tugann an gníomh sin féin éachtaint ar láidreachtaí agus easnaimh an scannáin seo.

Is ábhar coiscthe é an meabhairghalar nach dtugtar faoi chomh minic sin ach tugtar aghaidh air anseo le dea-mhéin, dea-rún, le misneach agus le fuinneamh. Ar an drochuair, tá an scannán féin seanchaite go maith agus téann an rud ar fad ar bhóiléigear ar uairibh.

Tá mheabhairghalar ar Patrick an teidil (Dunford) a rugadh ar Lá ‘le Pádraig, féile a dhéanann sé a cheiliúradh gach bliain i gcuideachta a mháthar (Fox). 

Seo oilithreacht bhliantúil na beirte agus cuirtear a tábhacht abhaile orainn tríd na pictiúir a chrochann an mháthair ar an bhfalla. Bean ghrámhar, thiarnúil, chosantach í agus tugtar le fios dúinn nach dtéann na tréithe sin chun leasa a mic. Ag tús an scannáin agus féile eile á ceiliúradh acu, scartar óna chéile iad. Buaileann Patrick le Karen (Walker), aeróstach atá ar tí lámh a chur ina bás féin, agus cuirtear caidreamh collaíochta sa tsiúl eatarthu. Feictear dúinn gur carachar goilliúnach, mothúchánach, mallintinneach é Patrick agus meallann seo, agus a shoineantacht, an bhean níos sine atá i nduibeagán an éadóchais. Nuair a fhaigheann an mháthair amach faoi seo, i radharc atá ciotach, liobarnach, tá muc ar gach mala aici. Is ansin a théann sí i muinín an Gharda mhífheidhmiúil.

Ar chúiseanna difriúla, cliseann ar an ngaol, más gaol é, idir Patrick agus Karen, agus is ansin a imíonn sé ar bhóthar a aimhleasa. Tugtar éachtaint chumasach dúinn ar a aistear dhearóil chun gealtachta. Tá radharc inar mhúin sé sa leaba an-suaiteach agus táim fós idir dhá chomhairle an bhfuil sé cuí. Fágann críoch an scannáin sin idir dhá cheann na meá faoi an bhfuil sé ag teacht chuige féin nó sáinnithe ina dhomhan samhailteach féin.   

Tugann Dunford taispeántas cumasach uaidh ach dar liom go raibh coiscéim bhacaí sa charachtar go minic agus é sáinnithe idir léiriú ar dhuine mallintinneach agus duine le scitsifréine – cé nach aon saineolaí mé. Tugann an cliar atá timpeall air taispeántais inchreidte uathu agus bhí a mbuaicphointí féin, agus fiú greann dá gcuid féin, ag na radharcanna idir an mháthair agus an Garda (Jackson).

Is é Terry McMahon a sholáthraigh an scríbhinn agus a bhí ar an stiúir agus tá sé le moladh as tabhairt faoi ábhar atá chomh leochaileach agus tur, agus ní le drochmheas a úsáidim an aidiacht sin. Níl sé éasca ná taitneamhach lán do chuid súl a bhaint as ábhar chomh corraitheach leis seo.

Fág freagra ar 'Smaointe duairce Lá ’le Pádraig'