Smaoineamh iontach agus cliar den scoth,ach saothar easnamhach é ‘The First Lady

Sraith faoi mhná an Tí Bháin i measc na saothar nua ó sheirbhís sruthaithe Paramount+

Smaoineamh iontach agus cliar den scoth,ach saothar easnamhach é ‘The First Lady

Is minic sinn ag cáiseamh, agus údar maith againn, teirce na saothar a bhfuil róil le téagar iontu do mhná. Nach íorónta agus nach cuí an mhaise é go dtagann saothar chugainn ina bhfuil triúr ceann feadhna ban, agus ag an am céanna gur saothar é atá dírithe ar uachtaránacht Mheiriceá, an post is cumhachtaí ar domhan a deirtear, agus post a bhí i seilbh na bhfear riamh. Díríonn The First Lady ar thriúr ban ó thréimhsí difriúla a bhí pósta le huachtaráin.

Tosnaímid amach in Chicago 2008 mar a bhfuil Barack Obama (O-T Fagbente) tofa ina uachtarán. É féin agus a bhean Michelle (Viola Davis) mar aon lena gclann iníon ag tabhairt fé Washington DC. Tar éis tamaill tugtar siar go 1973 sinn mar a bhfuil Gerald Ford (Aaron Eckhart) ar tí a bheith ainmnithe ag Nixon ina leasuachtarán. A bhean Betty (Michelle Pfeiffer) drogallach ach tacúil. Ar deireadh téimid siar chuig 1921 nuair mar a gcímid an póilió ag teacht ar Franklin Roosevelt (Kiefer Sutherland) agus cé chomh tábhachtach is a bhí Eleanor (Gillian Anderson) ina shaol polaitiúil ón tús. 

Táimid siar is aniar sna trí amlíne sin; go deimhin tá na hamlínte sin féin briste ina gcodanna agus éachtaint á fáil againn ar óige na mban. Ar uairibh mheasas go raibh an iomarca gluaiseachta againn agus gan deis againn a bheith ar ár suaimhneas le haon lánúin nó amlíne. 

Gan amhras ba mhná fuinniúla, cumasacha ar leith iad an triúr seo agus dheineadar an pobal a spreagadh ina slí sainiúil féin.  Sin snáth uama na sraithe deich gclár seo. Lena chois sin tá an triúr acu ag iarraidh múnla teanntaithe bhean an uachtaráin a bhriseadh. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh an triúr acu chomh cumasach céanna, nó níos cumasaí fiú, ná a bhfir chéile.

Tá Eleanor ag broc le sochaí, a fear céile san áireamh, ná feiceann aon ról do mhná i róil údaráis. Lorgaíonn sí jab le dealramh ó FRD agus nuair a insíonn sé di go mbeidh sí mar bhean an uachtaráin ní sásta atá sí. “Ní hin post, sin na cúinsí ina bhfuilim,” a deir sí go léargasach. Labhraíonn Betty faoi na fadhbanna aigneolaíocha is alcólachais go hionraic is go poiblí; rud a raibh geis air ag an am, go mórmhór do bhean an Tí Bháin. Sí Michelle an chéad bhean den chine dubh sa Teach Bán, rud a bhfuil a fhreagrachtaí féin ag baint leis. 

Ó na trí chlár atá feicthe agam tá an tsraith an-neamhanamúil in áiteanna. Saghas eagla uirthi aon cháineadh a dhéanamh ar an triúr. Doicheall dul sáite an iomarca in obair an uachtaráin ar eagla go gcaillfí fócas ar ról na mban. An saothar ag titim idir dhá stól go minic. 

Tugann an mheitheal ar fad taispeántais bhreátha uathu, Pfeiffer ach go háirithe. Tá léiriú ar phearsa cháiliúil an-dúshlánach agus is féidir sleamhnú i dtreo na haithrise, rud a tharla go minic anseo. Is dóigh liom go raibh fadhb faoi leith leis an léiriú ar mhuintir Obama óir go bhfuil sé róluath léamh stairiúil tathagach a dhéanamh ar dhaoine atá fós i lár an aonaigh agus an-cháiliúil. Dá réir tá sé an-deacair don lucht féachana glacadh le haisteoirí á léiriú. Smaoineamh iontach í an tsraith seo agus tá cliar den scoth inti ach i ndeireadh na dála is saothar easnamhach é.  

Fág freagra ar 'Smaoineamh iontach agus cliar den scoth,ach saothar easnamhach é ‘The First Lady'