Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí

Má tá rialtas an Lucht Oibre chun an fhaillí ar íobartaigh a cheartú ar deireadh thiar thall caithfear córas inmhuiníne a bhunú

Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí

B’fhada na híobartaigh ag tnúth lena aisghairm, Acht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann, Oidhreacht agus Athmhuintearas 2023, mar a bhí geallta ag Keir Starmer. Dé Céadaoin d’fhógair rialtas nua na Breataine cealú an Achta mar chuid dá gclár oibre. Cuireadh na múrtha fáilte roimh an bhfógra, ní nach ionadh.

Dea-thoradh ab ea é ar fheachtas a bhí ar siúl ó gheall Boris Johnson plean breis is cúig bliana ó shin chun amhrastaigh, idir fhórsaí stáit agus pharaimíleataigh, a chosaint beag beann ar chearta íobartach. Rith rialtas na gCaomhach an reachtaíocht chonspóideach anuraidh nuair a thug siad an chluas bhodhar d’íobartaigh, do gach páirtí polaitíochta in Éirinn thuaidh agus theas agus d’eagraíochtaí cearta daonna sa bhaile agus i gcéin.

Is léir go bhfuil cás na n-íobartach i measc na dtosaíochtaí ag an Státrúnaí Hilary Benn agus an Príomh-Aire Keir Starmer agus is maith sin. Tá míshuaimhneas cothaithe ag an Státrúnaí, áfach óir is léir nach aisghairm an Achta atá ar intinn aige ach leasú. Deir sé go gcaithfear a dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus go dtógfaidh dréachtú reachtaíochta nua tamall maith ach bhí sé soiléir go bhfuil sé diongbháilte go gcoinneofar an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR (Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery).

Go hachomair, bhí díolúine ó chúiseamh do chiontóirí ina chuid bhunúsach den reacht chomh maith le bac ar fhiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta. Ní bheadh fáil ar an gceart ag íobartaigh ach bhí seans go bhfaighidís faisnéis. I mí Feabhra seo caite rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste gur shárú ar airteagail a 2 agus a 3 den Choinbhinsiún um Chearta an Duine agus ar Chreat Windsor ab ea an tsaoirse ó chúiseamh. Rialaigh sé freisin gur sháraigh bac ar chásanna sibhialta an Coinbhinsiún agus Creat Windsor. Bhí an rialú ag teacht le hargóint rialtas na hÉireann a thug cás in aghaidh an Achta chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Chinn an Ardchúirt freisin áfach go mbeadh an ICRIR in ann fiosruithe atá ag teacht leis an gCoinbhinsiún a rith, breithiúnas a chuir díomá ar íobartaigh áirithe a bhí ag iarraidh go gcuirfí an tAcht ina iomláine ar ceal. Cúis imní abea é go mbeadh smacht ag an Státrúnaí ar sholáthar faisnéise don ICRIR; liosta le háireamh ab ea an líon ionchoisní a thit as a chéile sula dtáinig an tAcht Oidhreachta i bhfeidhm toisc gur cheil an t-iar-Státrúnaí Heaton Harris faisnéis orthu ‘ar bhonn slándála náisiúnta’. Luíonn sé le réasún nach mbeadh fáil go poiblí ar eolas a thiocfadh salach ar shlándáil an stáit ach tá bealaí ag an státchóras chun comhoibriú le riar na córa go hiontaofa.

D’admhaigh an Státrúnaí Hilary Benn go gcaithfí leasuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chun an ICRIR a neartú. Ceapann go leor gurbh fhearr go mór an Coimisiún a scor agus eagraíocht nua a bhunú – má tá buanna ag an ICRIR d’fhéadfaí iad sin a chaomhnú i bhforas nua. Ba léir ó chaint an Státrúnaí go raibh ardmheas aige ar cheannaire an ICRIR, an t-iar-phríomhbhreitheamh Sir Declan Morgan. Ní ar Declan Morgan atá an cáineadh dírithe ach ar chumhacht theoranta nó easpa neamhspleáchais an choimisiúin.

Chomh maith le híobartaigh a léirigh míshuaimhneas d’éiligh iar-Ombudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan go mbunófaí foras oidhreachta nua in ionad an ICRIR. Ní hamháin nach bhfuil muinín ag íobartaigh as an gcoimisiún ach níl na cumhachtaí riachtanacha don ghnó aige, dar léi. B’fhearr léi foras fiosrúcháin neamhspleách den chineál a moladh i réiteach Stormont House in 2014, seirbhís a bheadh freagrach as na fiosruithe go léir ar chásanna stairiúla, obair a bhí mar chúram roimhe seo ar an PSNI agus Ombudsman na bPóilíní.

Ní hé teideal an fhorais atá tábhachtach (coinnítear an ICRIR má thograíonn sé) ach ní leor útamáil le mionrudaí. Satailt ar íobartaigh ab ea an tAcht agus an neamhaird a rinne na Tóraithe de thuairimí gach éinne eile. Fiú má tá daoine fiúntacha bainteach leis an gCoimisiún tá blas gránna ar gach ar bhain leis an reacht in iomláine: smál do-ghlanta dar lena lán.

Má tá rialtas an Lucht Oibre chun an fhaillí ar íobartaigh a cheartú ar deireadh thiar thall caithfear córas inmhuiníne a bhunú. Sé an neamhspleáchas an bunriachtanas.

Fág freagra ar 'Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí'

  • An Teanga Bheo

    Ceart is cóir mar a deirtear go minic