Sinéadh ama le conradh Aer Arann Islands ceadaithe ag Kyne

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go gcinnteodh an síneadh ama go leanfaí leis an tseirbhís d’Oileáin Árann fad is atá na hiarratais ar an bpróiseas tairisceana don chonradh nua aersheirbhíse á meas

Sinéadh ama le conradh Aer Arann Islands ceadaithe ag Kyne

Cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta inné go gcuirfí síneadh ama leis an gconradh atá ag an gcomhlacht Aer Arann Islands chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Ceadaíodh an síneadh ama i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoin scéal.

Bhí deireadh le teacht leis an gconradh atá ag Aer Arann Islands an tseirbhís aeir a chur ar fáil ag deireadh Mheán Fómhair, ach dúirt an tAire Stáit Kyne go gcinnteodh an síneadh ama go leanfaí leis an tseirbhís d’Oileáin Árann fad is atá an próiseas tairisceana d’aersheirbhís nua fós ag dul ar aghaidh.

Dúirt Kyne go gcinnteodh an síneadh ama chomh maith go mbeadh deis ann “scagadh cuimsitheach” a dhéanamh ar na hiarratais ar an gcomórtas is déanaí don chonradh aersheirbhíse, agus nach mbeadh aon bhriseadh sa tseirbhís le linn an phróisis sin.

“Is údar sásaimh dom go dul chun cinn á dhéanamh faoin gceist thábhachtach seo agus tá muinín agam go dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas sna seachtainí amach romhainn ar bhealach a thugann cinnteacht do mhuintir na n-oileán,” a dúirt Kyne.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg don chonradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus cuireadh siar seacht n-uaire an spriocdháta do thairiscintí ó shin.

Tugadh fógra scoir d’fhoireann Aer Arann Islands le déanaí agus dúradh leo go dtiocfadh deireadh lena gcuid fostaíochta ach a dtiocfadh deireadh leis an gconradh don aersheirbhís ag deireadh na míosa.

Fág freagra ar 'Sinéadh ama le conradh Aer Arann Islands ceadaithe ag Kyne'