Síneadh ama ar an mBreatimeacht ceadaithe ag an AE go dtí Oíche Shamhna

Dúirt Theresa May cheana nach bhféadfadh sí glacadh ‘mar Phríomh-Aire’ le síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh

Síneadh ama ar an mBreatimeacht ceadaithe ag an AE go dtí Oíche Shamhna

Cuirfear síneadh ama leis an mBreatimeacht go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

D’aontaigh ceannairí an 27 ballstát eile d’aonghuth ag cruinniú mullaigh éigeandála sa Bhruiséil anocht go dtairgfí síneadh ama don Bhreatain, cé go raibh roinnt easaontais ann faoi fhad an tsíneadh.

Tuairiscítear go raibh Éire i measc na dtíortha is láidre a thacaigh leis an dáta a roghnaíodh sa deireadh, Oíche Shamhna.

Déanfar athbhreithniú ar an socrú nua mí an Mheithimh.

Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh a bhí á lorg ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May ach thug sí le fios go nglacfadh sí le síneadh ama níos faide.

Dúirt sí go mbeadh sí sásta glacadh lena leithéid ó tharla gur síneadh ama solúbtha a bheadh i gceist, sa mhéid is go bhféadfadh deireadh teacht leis dá n-éireodh leis an mBreatain an margadh imeachta a d’aontaigh Theresa May leis an AE a dhaingniú idir an dá linn.

Tá sí ag súil i gcónaí go n-éireoidh léi féin agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn teacht ar chomhréiteach faoi phlean Breatimeachta a mbeadh glacadh ag tromlach d’fheisirí Westminster leis.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh scoilt i measc bhallstáit an AE faoi cé acu ar cheart síneadh a cheadú go dtí deireadh na bliana seo nó go dtí Márta 2020, ach is cosúil gur thángthas ar chomhréiteach sa deireadh.

Dúirt Theresa May cheana nach bhféadfadh sí glacadh “mar Phríomh-Aire” le síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh, agus is cinnte go mbeidh sí faoi bhrú anois ag mórán ina páirtí féin de bharr síneadh níos faide ná sin a bheith i gceist. Tá May féin diongbháilte de go seasfaidh sí an fód nó go n-éireoidh leo a margadh imeachta a chur tríd an bparlaimint.

Bhí roinnt ballstát amhrasach faoi shíneadh ama fada a thabhairt, ina measc an Fhrainc agus an Spáinn, agus cuireadh coinníollacha leis an síneadh ama.

Tá imní go háirithe ann faoi ráitis a rinne Jacob Rees-Mogg, an Breatimeachtóir a dúirt gur chóir don Bhreatain a bheith ina dealg faoi shúil an Aontais Eorpaigh agus cur as dá fheidhmiú dá mba shíneadh ama fada a bheadh ann.

De réir na gcoinníollacha, chaithfeadh an Ríocht Aontaithe a dhearbhú go n-iompróidís iad féin “ar bhealach dearfach agus freagrach” le linn thréimhse an tsíneadh ama.

Chaithfidís chomh maith glacadh leis go bhfuil dulagas orthu “comhoibriú go hionraic” leis an AE.

Deirtear chomh maith gur gá don Ríocht Aontaithe a dhearbhú nach ndéanfaidh siad aon ní a chuirfeadh isteach ar aidhmeanna an Aontais i dtaca lena bpleananna fadtéarmacha, a gceapacháin shinsearacha agus a mbuiséad.

Fág freagra ar 'Síneadh ama ar an mBreatimeacht ceadaithe ag an AE go dtí Oíche Shamhna'