Shane MacGowan, amhránaí The Pogues agus duine de shárchumadóirí amhrán an fichiú haois, ar shlí na fírinne

Bhain Shane MacGowan cáil amach leis na Pogues as an gcleamhnas ceannródaíoch ceoil a rinne siad idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus an punc, ach thuill sé aitheantas thar aon ní eile as a chumas diamhair mar chumadóir amhrán

Shane MacGowan, amhránaí The Pogues agus duine de shárchumadóirí amhrán an fichiú haois, ar shlí na fírinne

Tá Shane MacGowan, amhránaí The Pogues agus duine de shárchumadóirí amhrán an fichiú haois, tar éis bháis.

Bhí sé 65 bliain d’aois agus bhí sé tinn le tamall.

Bhain Shane MacGowan cáil amach leis na Pogues as an gcleamhnas ceannródaíoch ceoil a rinne siad idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus an punc, ach thuill sé aitheantas thar aon ní eile as a chumas diamhair mar chumadóir amhrán.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go gcuimhneofaí ar MacGowan “mar dhuine de na cumadóirí liricí is fearr i saol an cheoil”.

“Dhéanfadh oiread sin dá amhráin dánta gan locht, ach dá mba dhánta iad ní bheadh an deis faighte againn é a chloisteáil á gcanadh.

“I measc na sárbhuanna a bhí ag Shane bhí a chumas amhráin a chumadh ar éirigh leo, mar a déarfadh Shane féin, ‘the measure of our dreams’ a chur in iúl dúinn,” a dúirt Uachtarán na hÉireann.

“Amhráin iad ar éirigh leo éachtaint a thabhairt dúinn ar an oiread sin saolta, go háirithe saol an ghrá agus saol an imircigh, saol ina gcaitheann an t-imirceach tabhairt faoi na dúshláin atá roimhe le teann macántachta agus misnigh, amhráin iad a léirigh dúinn gnéithe den saol a n-iompaíonn go leor daoine uathu.”

Ceardaí focal den scoth ab ea MacGowan agus tá sé sa Táin le fada mar gheall ar a chuid liricí tnúthánacha spleodracha atá lán le híomhánna gléineacha, carachtair bheoga, fiántas agus filíocht.

Bhí cuid de mháistrí eile a cheirde, ina measc Bob Dylan, Nick Cave agus Bruce Springsteen, faoi gheasa ag a ghlór garbh suaithinseach agus ag na buanna ar fad a léirigh sé ina shaothar, saothar a tharraing as tobar na litríochta, na staire, na miotaseolaíochta, an chreidimh agus scéal na n-imirceach as Éireann.

Bhí cáil ar MacGowan ar feadh a shaoil as a chuid ragairne agus a iompar dochrach drabhlásach, ach a chuid amhrán is faide a mhairfidh.

Ag labhairt dó faoi MacGowan in 2020, dúirt Bruce Springsteen:

“Creidim go láidir go mbeidh dearmad déanta ar ár bhformhór faoi cheann 100 bliain eile ach go mbeidh cuimhne i gcónaí ar cheol Shane agus go mbeidh daoine fós á chanadh. Tá sé go domhain sa nádúr ann – sin mar atá.”

‘Fairytale of New York’, ceann de mhóramhráin na Nollag, an t-amhrán is mó a thuill cáil do MacGowan agus The Pogues, ach bhí na cúig albam a chuir an banna amach, sular scar siad ón amhránaí, breac le saothair atá áirithe i measc na saothar is fearr i gcanóin na cumadóireachta amhrán comhaimseartha.

Ar na hamhráin is mó a mheall lucht éisteachta agus lucht critice bhí ‘A Rainy Night in Soho’, ‘The Sick Bed of Cuchulainn’, ‘Sally MacLennane’, ‘The Body of an American’, ‘The Broad Majestic Shannon’ agus ‘If I Should Fall From Grace With God’.

Rugadh Shane MacGowan in Kent Shasana Lá Nollag 1957 ach chaith sé cuid mhór dá óige le muintir a mháthar i dTiobraid Árann. Bhí sé sáite ansin sa cheol, sa stair agus sa phoblachtánachas. Dúirt sé gur fhoghlaim sé amhrán amháin gach aon lá ó mhuintir a mháthar agus gur seasta ar bhord na cistine agus é trí bliana d’aois a bhí sé nuair a thug sé a chéad taispeántas poiblí mar amhránaí.

Dála mórán de na carachtair ina chuid amhrán, éan corr ab ea é go minic i Sasana agus é idir dhá shaol agus idir dhá chultúr.

Thug a mhuintir tús áite i gcónaí do chultúr na hÉireann agus cuireadh ina luí go láidir air fhéin agus a dheirfiúr Siobhán gur Éireannaigh seachas Sasanaigh a bhí iontu.

Bhí an-mheas ar MacGowan nuair a bhí sé óg as a chumas cumadóireachta agus tugadh scoláireacht dó le freastal ar scoil in Westminster. Tugadh bata agus bóthar dó agus é sa dara bliain as drugaí a bheith ina sheilbh aige, léiriú ar an saol gan ord ná eagar a bheadh roimhe.

Ba mar Shane O’Hooligan a chuir daoine aithne air i saol an phunc i Londain sna 1970idí agus bhunaigh sé a bhanna féin, The Nipple Erectors, nó the Nips, a chuir demo amháin amach.

I 1982 bhunaigh sé féin, James Fearnley, Peter ‘Spider’ Stacey agus Jem Finer banna nua, Pogue Mahone, a chuir rompu nasc a dhéanamh idir an punc agus ceol traidisiúnta na hÉireann.

Sa scannán faisnéise a rinne Julien Temple faoi, Crock of Gold, mhaígh MacGowan go magúil gur chuir Dia (arbh Éireannach é, a dúirt an t-amhránaí) ar an saol seo é le ceol na hÉireann a tharrtháil.

D’athraigh banna nua MacGowan a n-ainm go dtí na Pogues ar chúiseanna éagsúla, ina measc an doicheall a bhí ag lucht cinsireachta an BBC roimh Pogue Mahone nuair a cuireadh ar a súile dóibh an bhrí a bhí le Póg Mo Thóin.

Fuair na Pogues ardmholadh as a seónna beo fíochmhara agus bhí na léirmheastóirí chomh tógtha céanna lena gcéad albam Red Roses for Me, a tháinig amach i 1984. Tugadh ardmholadh chomh maith don dá shár-albam eile leo, Rum Sodomy & the Lash, a tháinig amach i 1985, agus If I Should Fall From Grace With God, a tháinig amach i 1988.

The Pogues

Ba é Hell’s Ditch, a eisíodh i 1990, a gcúigiú halbam agus an ceann deireanach ag na Pogues le MacGowan, ar tugadh bata agus bóthar dó mar gheall ar a iompar guagach agus a bhabhtaí tromólacháin.

Sna 1990idí bhog MacGowan go dtí Tiobraid Árann, áit ar bhunaigh sé Shane MacGowan and the Popes, a chuir dhá albam amach, The Snake and The Crock of Gold, a raibh macallaí go leor orthu ó ré órga an amhránaí.

Tháinig na Pogues agus MacGowan le chéile arís in 2001 agus lean siad orthu go dtí 2014.

A bhean Victoria Mary Clarke, a chuir drochscéal a bháis amach. “Níl a fhios agam cad ba cheart dom a rá, mar sin déarfaidh mé amach é.

“Imithe le bheith i gcuideachta Íosa agus Mhuire agus a mháthair álainn Therese atá Shane, a bheidh i gcónaí ina lóchrann romham agus ina léiriú ar mo bhrionglóidí, grá mo chroí é, an duine ab áille, an t-aingeal ab áille, an ghrian agus an ghealach…tús agus deireadh gach ní is ansa liom…”

Fág freagra ar 'Shane MacGowan, amhránaí The Pogues agus duine de shárchumadóirí amhrán an fichiú haois, ar shlí na fírinne'

  • Micheál O Maranáin

    Tháinig an teideal Na Pógs ón mbun-ainm ar an ngrùpa Pòg mo Thón. Níor thaitin an teideal leis na foilseathóirí.

  • jpmorley0@gmail.com

    Aiste álainn. Grma

  • Gabhánach de Nógla

    Go raibh maith agat as an aiste álainn seo. Codladh sámh Shane.