Deir Meta, an comhlacht ar leo Facebook, nach fada uainn an lá go mbeidh foghlaimeoirí Gaeilge in ann cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht “ag aon am” ach péire spéaclaí a chur orthu féin.
Ag labhairt dó ag cruinniú i dTeach Laighean inné, dúirt Dualta Ó Broin, Ceann Beartas Poiblí ag Meta in Éirinn, go raibh deiseanna iontacha don Ghaeilge ag baint le forbairt na réaltachta fíorúla.
Dúirt Ó Broin go mbeadh na deiseanna sin ann taobh istigh de chúpla bliain de thoradh na hoibre atá á déanamh ag Meta agus comhlachtaí eile ar theicneolaíocht atá bunaithe ar fhorbairt a dhéanamh ar an ngaol idir an intleacht shaorga agus an mheiteachruinne. “Creidimid nach fada uainn an lá go mbeidh gléasanna tum-theicneolaíocha ar nós spéaclaí agus fearais chinn – ábalta an obair chéanna a dhéanamh atá an fón póca nó an ríomhaire glúine in ann a dhéanamh inniu.
“I gceann cúpla bliain, ní bheidh ag teastáil uait ach spéaclaí agus gléas beag eile agus beidh tú in ann bheith ag oibriú ó aon áit, i do shuí ar an mbus mar shampla – amhail is go bhfuil tú istigh san oifig.”
Dúirt ceannasaí beartas poiblí Meta in Éirinn go bhféadfaí an teicneolaíocht nua seo a chur ag obair ar leas na Gaeilge.
“Ag baint leas as an réaltacht fhíorúil – is féidir le daltaí cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht ag aon am. Má chuirtear ríomhaire glúine mar áis oideachais i gcomparáid le réaltacht fhíorúil, léiríonn taighde Harvard go sealbhaíonn an dara grúpa sin 16% níos mó den eolas i ndiaidh seachtaine, 92% i gcoinne 76%.
“Le cur leis sin – tá sé cruthaithe ag Harvard agus Carnegie Mellon gur bealach í an réaltacht fhíorúil le cinntiú go méadaítear tuiscint lucht foghlama teanga ar chultúr, rud a chabhraíonn go mór le líofacht agus bacanna a bhaint chun nascanna daonna a chruthú́.”
Mhaígh Ó Broin go mbeadh “tionchar drámatúil dearfach” ag teicneolaíocht na réaltachta fíorúla ar chúrsaí oideachais agus ar fhoghlaim teangacha.
Dúirt sé gur léirigh staidéar ó ollscoil Chuo sa tSeapáin go mbíonn “cúthail” ar dhaltaí́ teangacha eile a labhairt os comhair daoine eile ach go gciallódh an teicneolaíocht nua go mbeadh daoine “ábalta iad féin a chur in iúl gan a bheith buartha faoi cad a cheapfaidh daoine eile”.
Dúirt sé go raibh Meta ag obair i gcomhar le Eirmersive – an t-eagras a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthaí tum- theicneolaíocha in Éirinn – mar chuid de ghrúpa oibre ar ról na tum-theicneolaíochta san oideachas. Cuirfidh an grúpa seo moltaí faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi na bealaí is fearr le leas a bhaint as an teicneolaíocht nua san oideachas.
“An sprioc atá againne ná cé go mbeidh an teicneolaíocht seo ar fáil duit – ní bheidh tú scoite ón domhan thart ort – cinnte beidh sin ag cur le táirgiúlacht – ach beidh sé ag cur go mór leis an taitneamh a bhainfidh daoine as an saol,” arsa Dualta Ó Broin.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sí buartha faoin bhfís don réaltacht fhíorúil agus don intleacht shaorga a bhí ag comhlachtaí amhail Meta, fís a bhí saghas “scanrúil”, dar léi. Dúirt sí, mar shampla, mar iar-shíciteiripeoir, go mbeadh imní uirthi faoi chaint go mbeadh an teicneolaíocht nua ina leigheas ar chúthaileacht foghlaimeoirí teanga.
Dúirt cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, nach raibh an “eagla agus sceon” céanna air féin faoin gcur síos a rinneadh ar an réaltacht fhíorúil agus gur chóir glacadh leis go bhfuil an domhan “ag athrú an-tapa” agus pé deiseanna a bhain leis sin a thapú. D’fhéadfaí an teicneolaíocht “a mhúchadh” dá mba mhaith leat, ar sé.
Dúirt Dualta Ó Broin ó Meta, ar cainteoir líofa Gaeilge é féin, gur mhaith leis a shoiléiriú nach ag caint ar deireadh a chur le cuairteanna foghlaimeoirí ar an nGaeltacht ach “cur leis na rudaí atá ar bun cheana” ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de.
Donnacha
Na féidearthachtaí atá ann don Ghaeilge ach ar an lámh eile, lucht an chóilíneachais ag déanamh a seacht ndícheall í a scrios lena ndíolúintí. Thar am díriú ar an dream seo agus freagraí a fháil. An bhfuil GAEILGEOIRÍ i measc lucht na ndíolúna? Cé hiad?
Sibéal
Bhí roinnt iarrachtaí comharchumann tithíochta do Ghaeilgeoirí a bhunú sa Deisceart.
Seans go raibh sé deacair an smaoineamh a chur i láthair ar bhealach sásúil roimhe seo.
Deis a bheadh sa réaltacht fíorúil cuairt a thabhairt ar baile beag nua fíorúil agus an áit lán le Gaeilgeoirí go bhfuil suim acu ina leithéid de thogra agus comharchumann tithíochta.
Ní bheadh ag teastáil ach péire spéaclaí a chur ort féin!
WTF
Is glas iad na cnoic i bhfad uait fiú agus spéacláirí Meta á chaitheamh agat.