Seo chugaibh réalta an dráma nua do dhaoine óga ar TG4…

Is í Ciara Cox, atá san idirbhliain i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, atá as phríomhpháirt sa tsraith nua Saol Ella

Seo chugaibh réalta an dráma nua do dhaoine óga ar TG4…

Tráthnóna a chuirfear tús le sraith drámaíochta nua ar TG4, an chéad sraith drámaíochta Gaeilge do dhéagóirí a ar TG4 ó Aifric in 2006.

Scéal faoi chailín óg Gaeltachta é Saol Ella, ina n-iompaítear a saol bunoscionn nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil.

Is í Ciara Cox, atá 16 bliain d’aois agus san idirbhliain i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, atá i bpáirt Ella sa tsraith nua.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ciara Cox, go raibh sí “beagnach ag caoineadh” le háthas nuair a fuair sí amach go bhfuair sí páirt Ella.

“Is cuimhin liom an lá seo ar nós go raibh sé inné. Tháinig an téacs isteach ar WhatsApp agus bhí mise ag fáil rud éigin ó mo mhála agus dúirt mo chara ‘Ciara Ciara Ciara’.

“Bhreathnaigh mé ar m’fhón agus tháinig téacs isteach ó mo mham agus thosaigh mé ag caoineadh beagnach sa rang mata.”

Is as an sráidbhaile Gaeltachta céanna í Ciara agus Ella sa dráma agus chuidigh a cúlra Gaeltachta léi tabhairt faoin pháirt, a deir sí.

“Is as an Spidéal mé só tá neart cleachtaidh agam ar Ghaeilgeoirí agus an Ghaeltacht.

“Tá an tsraith cineál cosúil le mo shaol féin ar bhealach ach tá sé difriúil ag an am céanna mar gur carachtar difriúil atá inti, tá sí difriúil uaim féin agus tá spriocanna difriúla ag an bheirt againn,” a dúirt sí.

Cleachtadh “ceoil” agus “póg a fháil ó bhuachaill” na spriocanna atá ag Ella don samhradh, a mhínigh Ciara, ach nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil tá an plean atá aici “caite san aer”.

“Samhlaíonn sí go bhfuil an samhradh ar fad millte agus nach mbeidh sí in ann na spriocanna a bhí aici a bhaint amach ach feicfimid cén chaoi a n-éiríonn léi.”

“Tá máthair Ella básaithe agus tá a daid ag tógáil na bpáistí leis féin. Is í Ella an t-aon chailín sa teach. Tá beirt deartháireacha aici, Rónán atá níos sine agus Liam atá níos óige ná í agus bíonn sí i gcónaí ag tabhairt aire do Liam,” ar sí.

Ceann de na dúshláin is mó a bhain le páirt Ella go raibh uirthi an giotár a fhoghlaim, a deir sí.

“Rinne mé cleachtadh ar an ngiotáir chuile oíche i ndiaidh a bheith ag taifeadadh agus bhain mé an-sult as. Tá sé fós á sheinm agam chuile oíche.”

Rinneadh Saol Ella a thaifeadadh i gCois Fharraige i gConamara thar thréimhse sé seachtaine an samhradh seo caite.  Sraith sé chlár leathuair an chloig atá sa chéad sraith, a chraolfar ar TG4 as seo go ceann sé seachtaine.

Is í Ailbhe Nic Giolla Bhríghde agus Gemma Breathnach a scríobh agus Danú Media atá á léiriú.

Ag labhairt di le Tuairisc dúirt Siobhán Ní Ghadhra, duine de léiritheoirí na sraithe, go bhfuil sí “sásta agus bródúil” go bhfuil “saol atá réalaíoch” i nGaeilge le feiceáil ag daoine óga ar an scáileán.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag daoine óga in Éirinn a macasamhla féin a fheiceáil ar an scáileán.

“Is fíorbheagán ábhar i nGaeilge ná i mBéarla don aoisghrúpa seo a dhéantar i ndrámaíocht sa tír seo agus tá mise thar a bheith sásta agus bródúil go bhfuil sé ann i nGaeilge agus go bhfeicfidh daoine óga saol atá réalaíoch dóibh,” a dúirt Ní Ghadhra.

Buiséad €1.2 milliún a cuireadh ar fáil don tsraith, agus maoiniú faighte ó TG4 agus  Coimisiún na Meán (an BAI mar a thugtaí air).

Bhí sprioc “uaillmhianach” ag lucht a dhéanta, a deir Ní Ghadhra, agus é mar aidhm acu sraith drámaíochta a léiriú a bheadh ar comhchéim le sraith ar bith a d’fheicfeá ar Netflix.

“Cé go raibh muid ag obair laistigh de bhuiséad atá sách teann, go háirithe agus tú ag plé le drámaíocht do dhaoine óga agus na srianta atá ort dá bharr sin.

“Ó thaobh na físiúlachta agus an stíl a bhaineann leis, bhí muid uaillmhianach ón tús agus d’éirigh linn sraith tharraingteach a léiriú, atá ar comhchéim le sraith don aoisghrúpa seo a d’fheicfeá ar chraoltóirí idirnáisiúnta nó ar na streamers móra,” a dúirt sí.

Faoi Scéim Forbartha Drámaíochta do Dhaoine Óga, a bhfuil mar aidhm aici drámaíocht d’ardchaighdeán a fhorbairt don lucht féachana óg, a rinneadh Saol Ella.

Beidh Saol Ella á chraoladh ar TG4 tráthnóna ag a 5pm.

Fág freagra ar 'Seo chugaibh réalta an dráma nua do dhaoine óga ar TG4…'