Séanta ag Aire Stáit na Gaeltachta ‘nach ann’ do mhaoiniú a d’fhógair sé do bhád nua

Thug Joe McHugh le fios go raibh maoiniú €4 milliún á chur ar fáil aige do thógáil bád farantóireachta nua d’Oiléan Thoraí ach mhaígh Pearse Doherty (SF) gur thug Roinn na Gaeltachta le fios dó nach ann don mhaoiniú sin

Séanta ag Aire Stáit na Gaeltachta ‘nach ann’ do mhaoiniú a d’fhógair sé do bhád nua

Tá séanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh nach ann don mhaoiniú a fógraíodh le déanaí chun bád farantóireachta nua a thógáil d’oileán Thoraí.

Thug McHugh le fios i mí Mheán Fómhair go raibh maoiniú €4 milliún á chur ar fáil aige do thógáil an bháid farantóireachta nua agus go raibh €2.5 milliún á chur ar fáil aige freisin chun forbairt a dhéanamh ar ché Mhachaire Rabhartaigh.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty gur thug an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios nach raibh aon mhaoiniú ar fáil faoi láthair don soitheach nua. Dúirt Doherty le Highland FM gurb amhlaidh go raibh scagadh á dhéanamh anois ar thuarascáil faoin tseirbhís a coimisiúnaíodh seacht mbliana ó shin agus nach raibh tús curtha go fóill leis an gcéad chéim den togra.

I ráiteas a d’eisigh Joe McHugh mar fhreagra ar an méid sin, dúirt sé go raibh an maoiniú ceadaithe do thógáil an bháid nua agus d’fhorbairt na cé agus go gcuirfí an maoiniú sin ar fáil de réir mar a bhainfí amach na céimeanna éagsúla den togra.

Dúirt McHugh gurb amhlaidh go bhfuil ‘athbheochan’ á déanamh anois ag a Roinn ar mholtaí a rinneadh sa tuarascáil  a coimisiúnaíodh roinnt blianta ó shin.

“Agus an méid sin curtha san áireamh, bunófar coiste ar a mbeidh ionadaíocht ag muintir oileán Thoraí, Comhairle Contae Dhún na nGall agus mo Roinnse chun cuidiú le cur chun cinn an togra.

“Mar is gnách i gcás aon togra mór caipitil a dhéanann mo Roinn maoiniú air, déanfar maoiniú a fhaomhadh ag na céimeanna  éagsúla ar leith den togra, ó thús deireadh,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh.

Dúirt McHugh go gcaithfí ar dtús comhairleoirí a fhostú chun dearadh an bháid nua a leagan amach agus chun an próiseas tairisceana do thógáil an bháid a stiúradh.

Thug sé le fios gur dócha nach mbeadh an fhorbairt ar ché Mhacaire Rabhartaigh, a bheadh riachtanach don bhád nua, críochnaithe go dtí lár 2020 ar a luaithe.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuiltear ag súil go mbeadh an dá thogra – tógáil an bháid nua agus forbairt na cé – críochnaithe cothrom an ama céanna.

Dúirt sé go raibh airgead curtha ar leataobh ag a Roinn do phleanáil an togra in 2018.

Fág freagra ar 'Séanta ag Aire Stáit na Gaeltachta ‘nach ann’ do mhaoiniú a d’fhógair sé do bhád nua'