Seans ar bith go nglacfar le comhaontú trádála má chuirtear an tsíocháin in Éirinn i mbaol – Pelosi

Deir Nancy Pelosi, spéicéir Theach na nIonadaithe i Meiriceá, nach ligfear don Bhreatimeacht Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i mbaol, bíodh sé ina Bhreatimeacht crua nó bog

Seans ar bith go nglacfar le comhaontú trádála má chuirtear an tsíocháin in Éirinn i mbaol – Pelosi

Nancy Pelosi. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite go láidir ag Nancy Pelosi, spéicéir Theach na nIonadaithe i Meiriceá, nach bhfuil aon seans ann go nglacfaidh Teach na Comhdhála le comhaontú trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain sa gcás go mbainfeadh an Breatimeacht an bonn ó Chomhaontú síochána Aoine an Chéasta.

“Is cuma cén cineál Breatimeachta a bheidh ann, ní fhéadfar ligean dó Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i mbaol, ná aon bhacanna a chur ar an teorainn idir an deisceart agus an tuaisceart in Éirinn,” a dúirt Pelosi.

Dúirt sí an méid sin i ndiaidh do John Bolton, comhairleoir slándála Donald Trump, a rá go bhféadfadh an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe margaí saorthrádála a shíniú earnáil ar earnáil. Agus é ar cuairt ar Londain an tseachtain seo, dúirt Bolton go bhféadfaí na socruithe sin a dhéanamh sula ndéanfaí comhaontú cuimsitheach le cuidiú leis an Ríocht Aontaithe teacht ón mBreatimeacht gan mhargadh.

Dúirt Bolton go mbeadh sé an-éasca na margaí earnála seo a réiteach go sciobtha, cinn a dhíreodh ar thionscail amhail déantúsaíocht charranna. Mhaígh sé go bhfaigheadh a leithéid tacaíocht iontach ón dá pháirtí i dTeach na Comhdhála.

“An toradh a bheidh air seo ar deireadh go mbeidh conradh trádála cuimsitheach againn a chlúdóidh gach earra agus seirbhís trádála. Ach chun an aidhm sin a bhaint amach, is féidir margadh a dhéanamh earnáil ar earnáil, é a dhéanamh go modúlach. I bhfocail eile, féadfar réimsí a roghnú a mbeadh sé níos éasca teacht ar chomhaontú déthaobhach ina dtaobh, an-sciobtha agus an-simplí,” a dúirt Bolton.

Rinne Bolton a chuid cainte tar éis dó cruinniú a bheith aige le Boris Johnson agus oifigigh shinsearacha de chuid na Breataine Dé Luain.

Tá sé ráite go láidir ag Poblachtánaigh agus Daonlathaigh i dTeach na Comhdhála roimhe seo go raibh gach seans ann go gcuirfí cosc ar aon mhargadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe dá mbeadh aon tionchar ag an margadh sin ar an teorainn in Éirinn nó dá gcuirfeadh sé an tsíocháin sa tuaisceart i mbaol.

Fág freagra ar 'Seans ar bith go nglacfar le comhaontú trádála má chuirtear an tsíocháin in Éirinn i mbaol – Pelosi'