Líon na suíochán: 4
Sa dáilcheantar seo tá contae Shligigh agus contae Liatroma ina n-iomlán chomh maith le sciar de dheisceart Dhún na nGall, ceantar thart ar Bhun Dobhráin ina bhfuil idir 5,000 agus 6,000 vóta. Tá a dhá oiread níos mó daonra i Sligeach ná i Liatrom. Ar an gcaoi sin, is mó seans go mbeidh trí cinn de shuíocháin ag iarrthóirí atá lonnaithe i Sligeach agus ceann ag iarrthóir i Liatroim.
Seachtar déag (17) atá cláraithe le seasamh, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Martin Kenny (SF), Marian Harkin (Nspl) agus Frank Feighan (FG).
Bhí titim amach bhinbeach idir an Teachta Dála Marc McSharry, a toghadh d’Fhianna Fáil in 2020 agus ceannaire an pháirtí Micheál Martin (FF) agus ba é a dheireadh gur éirigh McSharry as an bpáirtí in 2022. Níl sé ag seasamh san olltoghchán, ach beidh col ceathar leis, an Comhairleoir Edel McSharry (FF), ag seasamh d’Fhianna Fáil agus seans aici suíochán a fháil. Sí atá i gceannas ar an Scoil Altranais atá ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh [ATU] i Sligeach.
Toghadh í ar Chomhairle Chontae Shligigh den chéad uair sna toghcháin áitiúla le 1,327 vóta céadrogha. Beidh géarchoimhlint idir í féin agus an t-iarTheachta Dála Eamon Scanlon (FF), atá lonnaithe faoin tuath i Sligeach. Fuair an Scanlánach 6,246 vóta in 2020. Beidh cá rachaidh an suíochán ag brath ar aistriú vótaí ón duine is ísle nuair a thagann an t-am le duine den bheirt acu a chur as an áireamh.
Déanfaidh an Comhairleoir Paddy O’Rourke (FF) vótaí a bhaint ó Kenny (SF) óir is as Béal an Átha Mhóir don bheirt acu. Fuair O’Rourke (FF) 5,447 vóta nuair a sheas sé san olltoghchán in 2016. Fuair sé slám mór vótaí Fhianna Fáil i Ros Comáin, ach ní bheidh siad ar fáil an babhta seo.
Níl ach iarrthóir amháin ag seasamh d’Fhine Gael, Frank Feighan (FG) agus tá sé réasúnta cinnte dá shuíochán, cé go bhfuil cuid de na vótaí a bhíodh ar fáil dó i Ros Comáin, a chontae dúchais, caillte aige.
Tá bunáit tacaíochta ag Martin Kenny (SF) i Liatroim. Sna toghcháin áitiúla bhí 22% den vóta i Liatroim ag iarrthóirí Shinn Féin. Bhí sé ar bharr an chomhairimh 2020 le 15,035 vóta. Beidh a vóta i bhfad níos ísle an babhta seo, ar dhá chúis: tá Chris McManus (SF) ó bhaile Shligigh ag seasamh an babhta seo agus san iomaíocht le Kenny do vóta Liatroma tá an Comhairleoir Paddy O’Rourke (FF), Carraig Álainn.
Cé gur chaill Chris McManus (SF) a shuíochán i dtoghchán na hEorpa an Meitheamh seo caite, tá tacaíocht láidir aige i mbaile Shligigh, an áit is mó a bhfuil na vótaí. Chomh maith leis sin níl Declan Bree (Ind4Ch) ag seasamh an babhta seo. Gheobhaidh McManus (SF) sciar mór dá chuid vótaí i Sligeach.
Ach is beag seans go mbeadh níos mó vótaí ag Chris McManus (FF) ná Martin Kenny (SF). Ach sa gcás go mbeadh O’Rourke (FF) chun cinn ar Kenny (SF) d’fhéadfadh go mbeadh dhá shuíochán ag Fianna Fáil as na ceithre cinn: Edel Mc Sharry (FF) nó Eamon Scanlon i Sligeach agus Paddy O’Rourke (FF) i Liatroim, ach ní fheicim sin ag tarlú.
Sa gcás go mbeidh O’Rourke (FF) chun cinn ar Kenny (SF) d’fhéadfadh go mbeadh dhá shuíochán ag Fianna Fáil as na ceithre cinn: Edel Mc Sharry (FF) nó Scanlon i Sligeach agus Paddy O’Rourke (FF) i Liatroim.
Tá sé de bhuntáiste ag Marian Harkin (Nspl) go bhfuil tacaíocht aici i Sligeach chomh maith le tuaisceart Liatroma. Níor cheart go mbeadh aon stró uirthi a suíochán a choinneáil, cé go mbeidh laghdú ar a vóta céadrogha toisc go bhfuil an Comhairleoir Marie Casserly (Nspl) ag rith, bean a bhíodh ag tacú léi. Choinnigh Casserly (Nspl) a suíochán ar Chomhairle Chontae Shligigh mí an Mheithimh seo caite, nuair a fuair sí 1,405 vóta.
Tá an Comhairleoir Des Guckian (Nspl) ainmnithe chomh maith. Toghadh é ar Chomhairle Chontae Liatroma sa samhradh le 744 vóta i gceantar Chora Droma Rúisc. D’fhéadfadh aistriú a chuid vótaí a beith cinniúnach.
Tá beirt iarrthóirí ag seasamh don pháirtí nua Independent Ireland: an Comhairleoir Michael Clark (Ind Ire) atá ar Chomhairle Chontae Shligigh, don cheantar tuaithe sa taobh siar ó dheas den bhaile mór agus Caroline Corcoran (Ind Ire) ó Bhéal na mBuillí i gcontae Ros Comáin. Bhíodh Clark (Ind Ire) le Fianna Fáil agus déanfaidh sé dochar do sheansanna Eamon Scanlon (FF) i Sligeach. D’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht ag an deireadh dá mbeadh sé chun cinn ar an Scanlánach agus ar Edel Mc Sharry (FF).
Is cosúil go bhfuil feachtas láidir ar bun aige sa dá chontae agus seans aige ar shuíochán a thógáil, in ainneoin gur fritheadh ciontach é geall ar chúbláil airgid. Má fhaigheann sé suíochán, seans maith gur Fianna Fáil a fhágfar folamh.
Ag seasamh chomh maith tá Bláithín Gallagher (CG) ón gComhaontas Glas; Graham Monaghan (Aon) ó Aontú agus Gino O’Boyle (PsB) ó Phobal Seachas Brabús. Tá iarrthóir amháin san iomaíocht ón eite fhíordheis, Michael Kelly (IFP) atá ag seasamh don Irish Freedom Party. Tá Molly Candon (PAW) san iomaíocht don Party for Animal Welfare.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1
Líon na suíochán: 3
Tá an chuid de Ghaillimh atá sa dáilcheantar seo laghdaithe agus cuid de Ros Comáin, a bhí i Sligeach-Liatroim, faighte ar ais. Fágann sin go bhfuil contae Ros Comáin ar fad sa dáilcheantar chomh maith le thart ar 10,000 vóta i stráice de chontae na Gaillimhe, a shíneann ó Béal Átha na Sluaighe go Baile Liam.
Ochtar iarrthóirí atá ag seasamh, ina measc beirt a toghadh in 2020: Michael Fitzmaurice (Ind Ire) agus Claire Kerrane (SF). Shocraigh Denis Naughten (Nspl), a bhí ar bharr an chomhairimh in 2020, gan seasamh. Cúlra Fhine Gael a bhí ag Denis Naughten. D’éirigh lena dheartháir, an Comhairleoir John Naughten, ainmniúchán a fháil ó Fhine Gael le suíochán a dhearthár a fháil ar ais don pháirtí agus a choinneáil sa gclann, ach fuair John bás tobann mí Dheireadh Fómhair.
Tá beirt iarrthóirí anois ag Fine Gael, an Seanadóir Aisling Dolan (FG) as Gaillimh agus Dympna Daly-Finn as Ros Comáin. Beidh sé deacair ag Dolan a dóthain vótaí a fháil i nGaillimh le bheith chun cinn ar a comhghleacaí as Ros Comáin, go speisialta agus Michael Fitzmaurice (Ind Ire) san iomaíocht, fear arb as Gaillimh dó chomh maith. Níor éirigh le Daly-Finn (FG) suíochán a fháil sa gComhairle Contae an samhradh seo caite agus drochsheans go dtógfaidh sí ceann sa chéad Dáil eile ach an oiread.
Seans maith go mbeidh Michael Fitzmaurice (Ind Ire) ar bharr an chomhairimh agus vótaí le spáráil aige, mar a bhí in 2020. Níor cheart go mbeadh aon stró air a shuíochán a choinneáil. Is urlabhraí cumasach é dá pháirtí agus is minic é ar na meáin chumarsáide ag caint ar ‘common sense policies’. Seans maith go dtoghfaí é in aon dáilcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Ní bhfuair Fianna Fáil suíochán an uair dheireanach nuair a chaill Eugene Murphy suíochán an pháirtí le Claire Kerrane (SF). Níor roghnaíodh Murphy (Nspl) ag an gcoinbhinsiún an uair seo, ach tá sé san iomaíocht mar iarrthóir neamhspleách. Is beag seans atá aige ar shuíochán agus iarrthóir láidir roghnaithe ag Fianna Fáil, an dochtúir teaghlaigh Martin Daly (FF).
An fhad is go mbeidh níos mó vótaí ag Daly (FF) ná mar a bheas ag Eugene Murphy (Nspl) ba cheart go dtógfadh sé an suíochán d’Fhianna Fáil. Is ceart a chur san áireamh go raibh tacaíocht níos mó ag Fianna Fáil (25%) i Ros Comáin sna toghcháin áitiúla ná mar a bhí ag Fine Gael (18%) ná ag Sinn Féin (13%).
Beidh sé deacair ar Fhine Gael an suíochán a bhaint ó Sorca Clarke (SF). Drochsheans go mbeidh dóthain tacaíochta le fáil i nGaillimh ag an Seanadóir Aisling Dolan (FG) le bheith chun cinn ar Dympna Daly-Finn (FG) arb as Mainistir na Búille di. Tá an baol ann do Daly-Finn nach rachaidh dóthain vótaí aistrithe trasna na teorann idir Gaillimh agus Ros Comáin chun go dtoghfaí ise. Ar an gcaoi sin, ba cheart go gcoinneodh Claire Kerrane (SF) a suíochán, gan an cuóta a shroicheadh.
Ag seasamh chomh maith tá Martina O’Connor (CG) ón gComhaontas Glas; Cormac Ó Corcoráin (Aon) ó Aontú agus Andrew Mannion (PsB) ó Phobal Seachas Brabús. An t-iarTheachta Dála Eugene Murphy (Nspl) an t-aon iarrthóir neamhspleách atá san iomaíocht.
Tuar Tuairisc: FG1; SF 1; Ind Ire 1.
Líon na suíochán: 4
Tá cuid de Ghaillimh Thoir, ón Dún Mór go dtí An Creagán faighte ar ais ó Ros Comáin-Gaillimh agus suíochán breise le líonadh dá bharr. 13 iarrthóir atá san iomaíocht don cheithre shuíochán atá le líonadh, ina measc beirt de na teachtaí a toghadh in 2020, Seán Canney (Nspl) as Tuaim agus an t-aire stáit Anne Rabitte (FF).
Níl Ciarán Cannon (FG), a toghadh in 2020, ag rith agus fágann sin seans ag an gcomhairleoir Peter Roche (FG) an suíochán a thógáil. Fuair Roche (FG) 6,034 vóta in 2020 agus dá mbeadh 500 vóta eile aige, bheadh sé tofa in áit Ciarán Cannon (FG). Tá beirt iarrthóirí eile ag Fine Gael ag seasamh: an Comhairleoir Clodagh Higgins (FG), arb as Béal Átha an Rí di ó dhúchas ach tá ina chomhairleoir i gcathair na Gaillimhe, agus Niamh Madden (FG) ar ceantálaí í a bhfuil oifigí aici i bPort Omna agus i mBaile Locha Riach.
Ní theastódh mórán de mhéadú i vóta Shinn Féin le go bhfaighfeadh iarrthóir an pháirtí suíochán breise dóibh sa dáilcheantar seo. Chaill an comhairleoir Louis O’Hara (SF) amach ar shuíochán le 338 vóta in 2020. Fuair sé 7,108 vóta céadrogha. Bhí sé sa dara háit ag tús an rása ach ní bhfuair sé mórán vótaí aistrithe agus chríochnaigh sé sa cheathrú háit. Ach tá taoille tacaíochta Shinn Féin tráite anois agus is beag seans go mbeidh sé in ann an suíochán a bhaint.
Tá Fine Gael beagáinín níos láidre ná Fianna Fáil sa dáilcheantar seo ach le triúr iarrthóirí acu seans go mbeidh siad ag ligean usice isteach de réir mar atá an toghchán ag dul a aghaidh agus go mbeidh sé deacair orthu dhá shuíochán a bhaint.
Tá beirt iarrthóirí Fhianna Fáil scartha óna chéile go tíreolaíoch: an t-aire stáit Anne Rabbitte atá i gceantar Phort Omna agus an Comhairleoir Albert Dolan (FF), as Muine Mheá ó dhúchas, a fuair 2,293 vóta sna toghcháin áitiúla mí an Mheithimh seo caite. Níl sé ach 25 bliain d’aois agus é ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Dá bhféadadh Dolan (FF) agus Rabbitte (FF) an vóta a roinnt go cothrom eatarthu, d’fhéadfaidís dhá shuíochán a thógáil. Ach d’fhéadfadh aistriú vótaí Louis O’Hara (SF) as Béal Átha an Rí a bheith cinniúnach ag an deireadh. Mar gur comhairleoir é do Bhail Átha an Rí-Órán Mór is mó seans go bhfanfaidh na vótaí aistrithe sin le Dolan seachas le Rabbitte.
De na iarrthóirí eile atá ag seaasamh bheadh seans anpmhaith ag an gComhairleoir Declan Geraghty (Ind Ire), go speisialta agus Michael Fitzmaurice ag tacú leis. Fuair Geraghty (Ind Ire) 2,262 vóta i gceantar Bhéal Átha na Sluaighe sna toghcháin áitiúla. Tá seans an-láidir ann go bhfaighfidh Independent Ireland suíochán breise suas sa Dáilcheantar seo, de bharr Fitzmaurice (Ind Ire) a bheith mar phríomhurlabhraí don pháirtí nua.
Ach is míbhuntáiste do Geeraghty go bhfuil cuid mhaith den cheantar arb as é i Ros Comáin-Gaillimh i gcónaí. Mura mbuann sé suíochán, is ag Fianna Fáil seachas Fine Gael a bheas dhá shuíochán sa Dáilcheantar.
Ag seasamh chomh maith tá Eoin Madden (CG) ón gComhaontas Glas, a fuair 1,924 vóta i 2020. Beidh sé ag déanamh go maith má fhaigheann sé 1,000 vóta an geábh seo. Tá Luke Silke (Aon) san iomaíocht do Aontú agus Conor Burke (PsP) ag Pobal Seachas Brabús. Tá iarrthóir amháin san iomaíocht ó pháirtí frith-inimiceach ar an eite dheis: David O’ Reilly (IP) ayá ag seasamh don pháirtí ar a dtugtar Irish People orthu. Seachas Seán Canney (Nspl) tá iarrthóir amháin eile neamhspleách san iomaíocht, Paul Madden (Nspl).
Tuar: FF 1; FG 1; Ind Ire 1; Nspl 1
diarmuid
Táimse féin ag seasamh i Sligeach-Liatroim, cé nár luaidh mé: Diarmuid MacConville. An cloch is mó i mo phadrín: Ca bhfuil na 200 teifigh óige, a d’imigh as radharc nuair a bhí siad faoi curam an stát? Aisteach go leor, fuair me bagairtí báis toisc gur chuir mé an ceist beag soineanta seo….
Tá neart míshasamh sa ceantar maidir le droch iompar roinnt dos na eachtrannaigh.
Dála an scéil, tá beirt againne sa rás le togha na Gaelinn: Mé féin agus Des Guckian.