Sean-aithne ar Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness i gceantar na teorann

Ag tús na mílaoise bhí an té ba mhó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney sáite sa dumpáil mhídhleathach

Sean-aithne ar Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness i gceantar na teorann

Bhí sean-aithne agam ar an choirpeach James Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness, a fuair bás go tobann Dé hAoine seo caite. Bhí McGuinness ar an té ba mhó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney.

D’éirigh sé tinn le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana maidin Dé hAoine seo caite.

Sna caogaidí a bhí sé ach chaitheadh sé tobac agus d’óladh sé go trom.

Ar ndóigh, oireann bás s’aige do chuid mhór daoine.

Thugtaí ‘Dublin Jimmy’ air nó ba as tuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath dó ó thús. Bhí cónaí air le scór bliain in iardheisceart Fhear Manach.

Le blianta, bhí seisean agus beirt dearthár as iarthar chontae Mhuineacháin i measc na ngadaithe innealra tógála agus talmhaíochta ba mhó san Eoraip. Bhí dlúthbhaint acu le coirpigh sa Liotuáin, sa Bheilg, sa Pholainn agus sna Balcáin.

Thugaidís innealra goidte trí chalafort Rotterdam. Dar le péas na Beilge, bhí siad ar an drong ba phroifisiúnta dá bhfaca siadsan riamh.

Bhaineadh sé úsáid as an lámh láidir. Creidtear i bhFear Manach gur mharaigh sé a dheartháir céile. Oíche amháin thug sé an-léasadh d’fhear i dteach tábhairne i nDoire Loinn. Dúirt sé le daoine a bhí ar an láthair seasamh siar. ‘This is Real IRA business,’ ar sé. Labhair mé le fear ar éirigh idir é agus McGuinness.

Chuir McGuinness gnó an fhir sin trí thine. Ansin chuir sé teach s’aige trí thine agus eisean agus a theaghlach istigh ann.

Ag tús na mílaoise bhí sé sáite sa dumpáil mhídhleathach. Bhí eolas agam faoi thart ar 50 dumpa a bhí aige an uair sin, sa tuaisceart agus cois teorann. D’fhéadfadh go raibh ar a laghad 100 aige san iomlán. Meastar gur ghnóthaigh sé ar a laghad £10 milliún as an obair sin. Cuireadh beirt faoi ghlas mar gur lig siad do McGuinness dumpáil ar thalamh s’acu.

Gearradh pianbhreith naoi mí ar fionraí ar McGuinness.

Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, chuaigh McGuinness le robáil ATManna, i bpáirt leis an bheirt dearthár as contae Mhuineacháin.

Chuir McGuinness tús lena shaol mar choirpeach blianta fada roimhe sin. Agus é i bpríosún i Sasana, chuir sé aithne ar bhaill den IRA. Dúirt sé go gcuideodh sé le feachtas s’acu. Mí Aibreáin 1993, thiomáin sé leoraí a raibh buama ann isteach go Bishopsgate i gcathair Londan. Mharaigh an buama grianghrafadóir, agus rinne luach £350 milliún de dhamáiste. Scríobh David Shayler, iarchomhalta de chuid MI5: “Two months after the Bishopsgate attack, police issued a photofit. It was clearly McGuinness. By that time he had gone on the run to the Irish Republic. There was no chance of extraditing him.”

Ní bhfuair Shayler míniú sásúil as an mhoill. Cinnte, ba mhinic an t-ádh le McGuinness, ar chúis éigin.

Bhí sé cliste. Bhí Liotuáinis líofa aige. Níor lig sé air go raibh sé saibhir. Bhí cónaí air i ngnáthbhungaló, seancharr a bhí aige. Bhíodh sé i gcónaí gioblach – ach bhíodh snas breá ar a chuid bróg.

Fág freagra ar 'Sean-aithne ar Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness i gceantar na teorann'